Ceoltóirí Ghlór Ár Linne 2026 Fógartha
Sraith 1 – Ceoltóirí Nua 2026
Cipín (Cal Bell)
Ó bheith ag buscáil leis an Foggy Dew ag aois 12 ar Cé Kennedy sa Chóbh, go hamhráin nuachumtha á sheinm ag an bPicnic Leictreach i 2023, tá glór speisialta, fileata forbartha ag Cipín. Tá giotár acústach casta agus liricí laethúla mar bhunús lena amhráin pop-bog, nua-cheilteacha, gaolmhara. Lonraíonn grá Cipín don Ghaeilge tríd ina ábhar dátheangach, tallann a d’fhorbair sé agus é ag obair mar aistritheoir agus mar innealtóir fuaime i gColáiste Lurgan i gConamara. Léiríonn a chuid amhrán meas ar cheol tíre na hÉireann agus ag an am céanna imoibríonn siad leis an bhfuaim nua-aimseartha atá ag athrú i gcónaí.
Spreagann ealaíontóirí ar nós Damien Rice, Liam Ó Maoinlaí, agus Paddy Casey Cipín go soiléir. Le neart ceoil úrnua as seomra na scríbhneoirí á n-ullmhú don stiúideo, is duine le faire air Cipín i 2026.
Hannah Nic Einrí
Is amhránaí/cumadóir, ceoltóir, file agus céimí dlí í Hannah Nic Eindrí. Seinneann Hannah an chruit, an pianó agus canann sí. Is buaiteoir bonn Fleadh Cheoil na hÉireann í agus sheinn sí do Joe Biden agus ar FleadhTV.
Is Gaeilgeoir í Hannah agus tá an Ghaeilge rí-thábhachtach di agus í ag scríobh amhráin agus dánta. Le déanaí, d’eisigh sí a hamhrán dátheangach ‘The Veil Between the Keyhole’ ar na hardáin sruthaithe móra go léir.
Tá pobal beag ar TikTok á bhailiú aici ag léiriú a cuid ceoil féin agus a saol trí mheán na Gaeilge. Tá sí ag dúil go mór leis an Ghaeilge a spreagadh tríd a ceol agus í ag glacadh páirt sa scéim Glór Ár Linne le Raidió Rí-Rá.
Suíomh Gréasáin TikTok Instagram Spotify
Amy Snow
Is as Corcaigh í Amy Snow, cumadóir amhráin & amhránaí. Tugann ceol clasaiceach agus ceol tíre spreagadh di chomh maith le ceol pop. Le tionchar ó cheoltóirí coisiúl le Billie Eilish, Muse, Hans Zimmer agus a thuilleadh ná iad, scríobhann sí foinn dhraíochtúla, speisialta. Tá Amy tar éis seinnt beo in Éireann, sa Ríocht Aontaithe, sna Stáit Aontaithe agus i gCríoch Lochlann agus tá an-áthas uirthi a bheith mar chuid den scéim ‘Glór Ár Linne’ le Raidió Rí-Rá.
Emma Ní Mhairtín
Is ceolteoir, amhránaí agus cumadóir í Emma Ní Mhairtín, ó chontae na Mí ó dhúchais. Tagann sí ó chlann mhór cheolmhar agus thosaigh sí ag seinm ceoil traidisiúnta nuair a bhí sí ina cailín óg.
Tá dúil mhór aici sa Gaeilge agus sa chultúr Gaelach.
Le déanaí, d’obraigh sí ar albam úr banna ceoil “Onóir” agus sheinn sí d’Uachtarán na hÉireann Catherine Uí Chonghaile.
Sheol sí a céad singil “i gconaí ann” i 2022 i gcuimhne a cara dhíl Sarah Carty agus thiomsaigh sí breis is €4,000 don charthanacht ailse “First Descents”.
VOXmouse
Luch beag le guth mór, is í an t-amhránaí-scríbhneoir ceoil-tíre Róisín Barry í VOXmouse. Ag tarraingt inspioráide ó The Dubliners, The Cranberries agus Joshua Burnside, roinneann VOXmouse meascán de bhallaid agus suantraí, iad uile cruthaithe le scéalaíocht mháistreachta le guth uathúil, riff pianó corraitheacha agus foinn iontacha a fhanfaidh i do cheann ar feadh laethanta ina dhiaidh sin.
Sam agus Lauren
Bhí Sam agus Lauren sa rang céanna sa Ghaelscoil, áit a spreag a ngrá don cheol. Tá an bheirt trí bliana déag d’aois, agus an chéad bhlian sa mheánscoil á chríochnú acu.
As Ráth Eanaigh, BÁC iad, d’fhreastal Lauren ar bhunscoil Gaelach, agus is é an ceol a paisean. Chomh maith le hamhránaíocht, is fidléir agus cláirseoir cumasach í. Is ball de Cheoltas í agus bhuaigh sí duaiseanna ag Fleadh Bhaile Átha Cliath.
Seinneann Sam an mandolin agus an giotár, le bonn óir agus cré-umha buaite aige ag Fleadh Bhaile Átha Cliath i mbliana as a chuid léirithe aonair. Is ball é de Chomhaltas Beaumount. Is breá leis freisin amhráin a chumadh agus a scríobh agus d’fhreastail sé ar School of Rock, áit ar fuair sé taithí ar rian a scríobh agus a léiriú.
Tara Dignam
Is ceoltóir altcheoil/ceol tíre atá ag teacht chun cinn as Contae Lú í Tara Dignam. Meascann a cuid ceoil fuaimeanna comhaimseartha lionn dubh le tionchair bhoga ón gceol tíre agus ón alt-pop/indie-pop. Is breá léi a grá don Ghaeilge a chur san áireamh ina cuid ceoil. Trína liricí machnamhacha agus a léi riúcroíúil, cruthaíonn Tara amhráin a bhaineann go domhain leis an éisteoir agus a labhraíonn faoina cuimhneacháin phearsanta a mbímid uile ag dul tríothu.
Sraith 2 – Ceoltóirí Níos Seanbhunaithe
- Emer O’Flaherty Suíomh Gréasáin
- Cúán de Búrca x HHH Band Camp
- James Shannon Spotify
- Dysania Band Camp
- Ferdia Pleimean SoundCloud
- Seamas Hyland Band Camp
- IMLÉ LinkTree
- Na Tonnta Spotify
- Holly Munro Suíomh Gréasáin
- AOIBHA Band Camp
- Blue Niall Band Camp
- Leatsa Instagram
- Aisling Fuller Spotify
- Lúan de Búrca Band Camp
- Odhrán Lowry Spotify
- Eve Belle Murtagh Band Camp
- Colm Seoighe & Na hÉasógaí Spotify
- Aonad https://aonad.bandcamp.com/
- Phoenix and Wolfe Suíomh Gréasáin
- Fíobha Suíomh Gréasáin
- Seosamh Mac Band Camp
- Burnchurch Suíomh Gréasáin
- doecas Band Camp
- Étáin Band Camp
- Síomha Suíomh Gréasáin
Ceoltóirí 2025
Little Kings
Bíonn siúlach scéalach, agus mar dhuine as Hong Cong atá anois bunaithe i nDoire, tá neart scéalta ag Ryan Harling, stiúrthóir Little Kings. Roinneann sé iad lena ghiotár, a ghlór íseal agus go dátheangach – ó Stendhal go hIMBOLC. Ag 25 bliana d’aois, tá moladh faighte aige ón mBBC agus tá dhá EP seolta aige le cuidiú a chairde ar an veidhlín, an dordvheidil agus go leor eile, chomh maith le deontas ó Help Musicians in 2023. Chomh maith leis sin, cuireadh an t-amhrán ‘Bringlóid Milis’ ar ghearrliosta Hot Press Magazine mar “cheann de na hamhráin Ghaeilge is fearr ó 2024.”
Thosaigh a thuras foghlama leis an teanga nuair a bhí sé ag obair in Aontas na Mac Léinn, Ollscoil Uladh mar leas-uachtarán, agus bhunaigh sé an chéad scéim chónaithe sa tuaisceart i gcomhar leis an gCumann Gaelach. Tá sé anois ag súil go mór leis an Ghaeilge a chur chun cinn tríd a cheol mar rannpháirtí i nGlór Ár Linne le Raidió Rí-Rá.
Jessie Dingle
Is ceoltóir í Jessie Dingle atá ag iarraidh daoine a spreagadh dul i dteagmháil lena bpearsa féin agus an tírdhreach mórthimpeall orthu. Dar léi, is í an Ghaeilge ceann de na bealaí is soiléire chun an t-aidhm seo a bhaint amach toisc go bhfuil foghraíocht na teanga daingnithe sa talamh. Cumann sí amhráin i nGaeilge le daoine a cheangal le chéile agus le dúchas ársa na hÉireann. Cuireann an Ghaeilge í ar a suaimhneas agus í ag scríobh nó ag seinnt amhráin agus tá sí ag iarraidh an mothúchán áirithe seo a roinnt. Le déanaí, thug sí tacaíocht don ghrúpa ceoil IMLÉ mar chuid de Thionscadal Taylor Swift, agus tá banna ceoil nua bunaithe aici chun tacaíocht a thabhairt dá cuid ceoil. Tá pobal beag ar líne á bháiliú aici le físeanna ar Tiktok agus Instagram, ag léiriú a cuid ceoil féin agus amhráin atá aistrithe aici go Ghaeilge.
Instagram: @jessieandtheveil
Tiktok: @jessieandtheveil
Éire agus Chulainn
Is deartháir agus deirfiúr iad Éire Ní Fhaoláin agus Cú Chulainn Ó Faoláin, le grá don amhránaíocht thraidisiúnta, amhránaíocht ar an sean nós, don cheol traidisiúnta agus don fhilíocht. Tá Éire sa chéad bhliain i gColáiste na Tríonóide agus tá staidéar á dhéanamh aici ar an nGaeilge agus ar an gceol. Tá Chulainn san idirbhliain i Meánscoil Gharman.
Seinneann Éire an chruit agus an fhidil agus canann sí. Seinneann Chulainn an phíb uilleann, an fheadóg mhór, an fheadóg stáin, an fhidil, an pianó agus canann sé. Tá an Ghaeilge ag croílár a gcuid ceoil agus is breá leo amhráin nua sa stíl thraidisiúnta agus ar an sean nós a chruthú. Is breá leo armóin a shníomh isteach san amhránaíocht freisin.
Tá lúcháir orthu go bhfuil a gcéad shingil ‘Mo Ghealbhan’ ar fáil anois ar gach ardán.
Aisling Moran
Is amhránaí/scríbhneoir amhráin agus ceoltóir traidisiúnta í Aisling le croí indie, brionglóideach agus duairc. Tar éis di céim a bhaint amach sa Conservatoire Ceoil TUD in 2021, thosaigh Aisling ag taisteal agus tháinig sí ar a glór mar amhránaí. Tá a cuid ceoil séimh ach uaigneach, scríofa le macántacht agus leochaileacht a ndeachaigh i bhfeidhm ar lucht féachana ar fud an domhain. I measc na gceoltóirí a thug inspioráid di, tá Lizzie McAlpine, Pheobe Bridgers, Maggie Rogers agus Florence and the Machine.
Le linn na bliana 2024, d’fhoilsigh Aisling dhá albaim a scríobh agus thaifead sí í féin; Chaos Made Holy agus Not Enough, Not Anymore. D’éirigh go hiontach leis an dá albam sin agus leanann Aisling ag casadh go rialta timpeall na cathrach.
Earthmover
Banna ceol ón domhan. Bunaithe i mBaile Átha Cliath, seineann siad meascán post-rock agus math-rock. Bíonn tionchar ag bannaí ar nós Radiohead agus Black Country, New Road ar a bhfuaim a bhfuil úr agus eabhlóideach.
Is é ár eisúint is déanaí ná “Talk”:
Naisc: Spotify
Lisa Murray
Tógadh Lisa Murray i mBaile Ghib, Gaeltacht bheag i gContae na Mí, áit a bhfuil an Ghaeilge níos mó ná teanga amháin — is slí bheatha í. Ag fás aníos i nGaeltacht tuaithe agus í ag éisteacht le Taylor Swift agus Fleetwood Mac, bhí sí i gcónaí ag lorg ceoil a dhéanfaí a chomhnascadh lena grá don phopcheol agus lena teanga dhúchais. Mar sin, shocraigh sí é a chruthú í féin.
Tar éis blianta ag scríobh amhrán ina seomra codlata sa bhaile, bhain Lisa céim amach sa Cheol agus san Nua-Ghaeilge i gColáiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath. Ina dhiaidh sin, bhain sí Máistreacht amach i Léiriú Ceoil, Teicneolaíocht agus Nuálaíocht i mBerklee College of Music, áit ar bronnadh an ‘Outstanding Woman Scholarship’ uirthi agus áit ar cuireadh í faoi mheantóireacht ag Sylvia Massy, innealtóir fuaime a d’oibrigh le Johnny Cash, Red Hot Chili Peppers agus Prince.
Le linn na paindéime, rinne Lisa a céad singil a léiriú í féin óna seomra leapa sa bhaile i mBaile Ghib. Go tapa, bhí a cuid ceoil á seinm ar stáisiúin raidió ar fud na tíre. Bhuail a singil cheannródaíoch ‘i unfollowed u’ os cionn trí mhilliún rian raidió, bhí sí i measc na 200 amhrán is mó ar Shazam na hÉireann, agus tháinig sí isteach i measc na 10 mBarr ar Chairt na nEalaíontóirí Éireannacha Nua. Ach ba é uaigneach — a céad amhrán Gaeilge — a rinne fíor-dhifríocht. Thug lucht leanúna ar TikTok ‘Gaeilgeoir Swift’ uirthi, agus le breis agus 1.2 milliún radharc ar TikTok ó thosaigh sí ag cruthú ábhar Gaeilge i mí na Samhna 2024, thuig Lisa go raibh rud éigin speisialta aimsithe aici.
Ó shin i leith, tá sí le feiceáil i ngach áit — ag seinm ar RTÉ Raidió na Gaeltachta, ainmnithe mar ‘One to Watch for 2025’ ag TodayFM, roghnaithe mar cheann de na hiarrthóirí deiridh i gcomórtas ‘Local Hero Talent’ ar LMFM le linn Mí Ceoil na hÉireann 2024, ag seinm ag Lá Mór na Gaeilge, agus ag taifeadadh clár ceoil nua do TG4.