FÁILTE

Fáilte go Raidió Rí-Rá!

Welcome to Raidió Rí-Rá, the hit music station that broadcasts in Irish.

Is cairt-staisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge! Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, mar aon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí!

Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 anseo ar líne, ar an raidió DAB nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce!

Bunaíodh Raidió Rí-Rá i 2008 agus bímid ag obair le ceoltóirí mór le rá ar nós na Ed Sheeran, The Coronas, Hudson Taylor, Gavin James agus Glen Hansard.

Tá sceideal lán le ceol, spraoi agus greann againn gach lá ar Raidió Rí-Rá agus bíonn an clár Hit 30 na hÉireann le Louise de Cantalún le cloisteáil freisin!

Is féidir teagmháil a dhéanamh le Raidió Rí-Rá ar ár leathnach Facebook, Twitter, Instagram nó TikTok! Ba bhreá linn cloisteáil uaibh!

 

untitled-1    ahrrga-logo-2      S20 (dath bán)