
‘Dúchas’: Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!
Cé acu is measa, an diabhal nó goth baddie stuacach? An tairseach ifrinn atá sa Workman's Club nó Uaimh na gCat taobh le Ráth Cruachan? San eagrán speisialta seo pléann na buachaillí an fhéile ársa Oíche Shamhna, seanchas na cianaimsire, saol gnéis an Daghdha, Seán an Lampa, arm osnádúrtha, diabhlaíocht Donnchadh Ó Curraoin agus conas is féidir le collchnónna do chleamhnas a thairngreacht cois teallaigh!
