
‘Dúchas’: Podchraoladh faoinár mbéaloideas, ár miotaiseolaíocht, ár bpisreoga agus ár ndúchas. Buail isteach ag teach an dúchais d’oíche scéalaíochta cois teallaigh i dteannta Chían Mhic Choisteala ⁊ Chúáin de Búrca. Sa tsraith éadrom spraíúil seo, foghlaimeoimid faoi na creidimh agus na scéalta atá i gcroílár ár bhféiniúlachta mar Ghaeil. Fill ar do dhúchas!
Tá siad ar ais! San eagrán féiltiúil féastach seo — taifeadta go beo sa Phuball Gaeilge ag an bPicnic Leictreach — insíonn na leaids scéalta taibhsí faoi mhuintir Cosby agus an tSráidbhaile fadó, pléann siad féilte agus nósanna ólacháin na nGael mar a bhí sa chianaimsir, agus dáileann siad cannaí Smirnoff Ice go fial ar lucht a n-éisteachta.
Ár mbuíochas le hOllscoil na Gaillimhe as urraíocht a dhéanamh ar an eagrán seo! 🙂
