Fáiltigí chuig Nóisin! Podcraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cian & Sorcha agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn!
Fáiltigí chuig Nóisin! Podchraoladh úr ina thugtar ardán do Ghaeilgeoirí óga na tíre. Gach seachtain, cuirfidh Cian Mac Coisteala is Sorcha Ní Rianach-Puirséil agallamh ar aíonna spreagúla atá i ngrá leis an teanga agus atá ag iarraidh an Ghaeilge a chothú agus a chaomhnú don todhchaí. Más mian leatsa feabhas a chur ar do chuid Gaeilge agus éisteacht le comhráite réchúiseacha lán le clamhsán agus craic, bígí linn!
Gabhaimid buíochas ó chroí le lucht Wired 99.9FM is Raidió Rí-Rá as ucht na comhairle agus na cabhrach uilig leis an bpodchraoladh seo!
Goidé mar atá sibh a chairde? San eagrán seo, labhraíonn Sorcha s’againne leis an laoch Órnaith Ní Fhearghaill ó Dhún na nGall.
Oibríonn Órnaith in earnáil na meán agus pléimid na deiseanna staidéara agus fostaíochta le Gaeilge – agus easpa deise i gcásanna áirithe!
Bhaineamar fíor-thaitneamh as an gcomhrá seo ar eispéaras an mhic léinn, moltaí leabhar, agus tuilleadh! Tá dúshlán againn daoibhse chomh maith – bígí ag éisteacht go géar, seans gur leatsa an duais!
Mar is gnách, é seo agus níos mó!
Bígí linn 🙂