Maidir Rí-Rá

Ag Raidió Rí-Rá tá sé mar aidhm againn seirbhís ar ardchaighdeán atá tarraingteach agus ábhartha a sheachadadh dár n-éisteoirí. Tá sé mar aidhm againn freisin a chinntiú go bhfuil ár gcláreagrú ag cloí leis na riachtanais atá leagtha amach san Acht Craolacháin, 2009, arna leasú ag an Acht um Shábháilteacht ar Líne agus Rialachán na Meán, 2022.

Cuireann Raidió Rí-Rá fáilte roimh gach aiseolas agus rachaimid i ngleic le gach aiseolas, diúltach agus dearfach araon, ónár n-éisteoirí agus ónár lucht leanúna a bhaineann le gach gné dár seirbhís.

Tá dualgas orainn faoin Acht Craolacháin, 2009 agus faoin Acht um Shábháilteacht ar Líne agus Rialachán na Meán, 2022 Cód Cleachtais a bheith i bhfeidhm chun gearáin a láimhseáil ónár n-éisteoirí agus ónár lucht leanúna. Leagann an Cód Cleachtais seo amach ár bpróiseas gearáin agus míníonn sé é dár n-éisteoirí agus cinntíonn sé go rachaimid i ngleic le gearáin ar bhealach éifeachtach agus éifeachtúil. Ba chóir a thabhairt faoi deara nach mbaineann an Cód Cleachtais ach amháin le catagóirí gearán ar leith mar atá sonraithe thíos.

This page is also available in English

 

Céard faoina d’fhéadfainn gearán a dhéanamh?

Is féidir gearán a chur faoinár mbráid má cheapann tú gur sháraigh craolachán nó cuid de chraolachán ar ár seirbhís ceann nó níos mó de na dualgais seo a leanas:

– Díobháil, cion, gríosú, agus údarás an Stáit (alt 46J)
– Príobháideachas (alt 46K)
– Nuacht agus Cúrsaí Reatha (alt 46L)
– Fógraíocht (alt 46M(2) nó (3), 106(3) agus 127(6))
– Cóipeanna d’ábhar cláir a choinneáil (alt 46P(1) nó (2))
– Cóid agus rialacha seirbhís na meán

 

Cén chaoi a ndéanfaidh mé gearán?

Má tá tú sásta go bhfuil do ghearán clúdaithe ag an gCód Cleachtais seo, ba chóir duit na sonraí seo a leanas a chur faoinár mbráid i scríbhinn (litir nó ríomhphost):

– d’ainm agus do sheoladh;
– catagóir an ghearáin; (déan tagairt, le do thoil, do chatagóirí na ngearán i ‘Céard faoi a d’fhéadfainn gearán a dhéanamh?’ thuas)
– dáta agus am an chraolta;
– ainm an chláir, an mhír nuachta nó fógra/cumarsáid tráchtála a chuala tú agus atá mar ábhar do ghearáin;
– tabhair sonraí go díreach faoin méid a bhí mar ábhar imní agat sa chraolachán;

Murar féidir leat, mar gheall ar mhíchumas nó cúis mhaith eile, an gearán a dhéanamh i scríbhinn, déan teagmháil linn, le do thoil, agus tabharfaimid cúnamh duit.

Ní ghlacfaimid le gearáin a mheasaimid a bheith suaibhreosach nó cráiteach.

 

Cár chóir dom mo ghearán a sheoladh?

Ba chóir duit do ghearán a sheoladh chuig an seoladh seo a leanas:

Raidió Rí-Rá, 6 Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath 2, D02 VH98

Ríomhphost: eolas@rrr.ie

 

Céard a tharlóidh do mo ghearán?

Agus do ghearán glactha againn, oibreoimid chun an fhadhb/na fadhbanna a réiteach chomh luath agus is féidir. Measfar do ghearán go cúramach, fiosrófar é más gá, agus cuirfear freagra chugat i scríbhinn.

– Scríobhfaimid chugat le hadmháil go bhfuarthas do ghearán laistigh de 7 lá oibre.
– Déanfaimid na fadhbanna a ardaíodh i do ghearán a mheas.
– Éistfimid leis an mír chraolacháin a aithníodh i do ghearán.
– Más cuí, rachaimid i gcomhairle le haon pháirtí a bhaineann le do ghearán, mar shampla, an fógróir, an láithreoir nó déantóir an chláir, chun deis a thabhairt don pháirtí tuairimí agus ráitis a chur ar fáil a bhaineann leis na fadhbanna a d’ardaigh tú.
– Cuirfimid freagra ar fáil duit ar do ghearán a rachaidh i ngleic, chomh fada agus is féidir, le gach fadhb/ábhar imní a d’ardaigh tú. Leagfaimid amach na cúiseanna maidir lenár gcinneadh ar do ghearán.

Seolfar an freagra seo chugat laistigh de 20 lá oibre ón dáta a fuarthas do ghearán.

 

Ról Choimisiún na Meán

Is é ról Choimisiún na Meán ná craoltóirí agus na meáin ar líne a rialú.

Más rud é, ar aon chúis, nár fhreagraíomar do ghearán laistigh de 20 lá oibre nó nach bhfuil tú sásta lenár bhfreagra, is féidir leat do ghearán a chur faoi bhráid Choimisiún na Meán. Tá 14 lá agat ón dáta freagartha nó ón dáta a raibh freagra le tabhairt do ghearán a atreorú. Déanfaidh an Coimisiún an gearán a mheas agus d’fhéadfaidís athbhreithniú neamhspleách a dhéanamh ar an ngearán agus ar ár bhfreagra. Tá eolas faoin gcaoi le gearán a chur chuig Coimisiún na Meán ar fáil ar shuíomh gréasáin Choimisiún na Meán ar www.cnam.ie nó ón seoladh seo a leanas:

1 Áras Shíol Bhroin
Bóthar Shíol Bhroin
Baile Átha Cliath 4
D04 NP20
Éire
Ríomhphost: usersupport@cnam.ie

 

Taifead ar Ghearáin

Éilítear orainn faoin Acht Craoltóireachta, 2009 arna leasú ag an Acht um Shábháilteacht ar Líne agus Rialachán na Meán, 2022 taifead a choimeád ar gach gearán a chuirtear faoinár mbráid de réir an Chóid Chleachtais seo le dhá bhliain anuas. Táimid ar dualgas freisin na taifid seo a chur ar fáil do Choimisiún na Meán má iarrtar iad.
Ar ár dtaifid beidh cóipeanna de do ghearán, ár bhfreagra/bhfreagraí agus cóipeanna fuaime den ábhar craoltóireachta.

 

Cód Cleachtais/Scéim um Cheart Freagartha

Scéim um Cheart Freagartha

Cód ar Chaighdeáin Chláir

Cód Cumarsáide Tráchtála Ginearálta

Cód Cothroime, Oibiachtúlachta agus Neamhchlaontachta sa Nuacht agus Cúrsaí Reatha

Cód Cumarsáide Tráchtála Leanaí

 

ahrrga-logo-2 S20 (dath bán)  untitled-1

Sonraí Teagmhála

Raidió Rí-Rá
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2

Uimhir na Cuideachta: 453333

Rphost: eolas@rrr.ie

Má tá gearán le déanamh seol r-phost go eolas@rrr.ie

Foirm Teachtaireacht

Send Message