Ceol 2018

Ag teacht . . .

——————

An bhfuil cód íoslódála agat do CEOL 2016, CEOL 2017 nó CEOL 2018? Brú anseo le híoslódáil a dhéanamh ar na halbaim CEOL!

Do you have a download code for CEOL 2016, CEOL 2017 or CEOL 2018? Press here to download the CEOL albums!

——————

Is albam ceoil é CEOL 2018 le haistriúcháin Ghaeilge ar roinnt de na hamhráin is aitheanta faoi láthair! Tá an t-albam curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge & Raidió Rí-Rá i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm & leis an láithreoir 2fm, Eoghan McDermott.

Tá CEOL 2018 le hEoghan McDermott seolta chuig gach scoil sa tír mar chuid de Bhliain na Gaeilge 2018! Seoladh an t-albam ar 26 Meán Fómhair 2018 le tacaíocht ó Kodaline agus bhí mír faoin seoladh ar nuacht RTÉ! Scaipeadh 350,000 cóip den albam ar dhaltaí meánscoile & seoladh cóip chuig gach bunscoil sa tír. Tá an t-albam ar fáil do mhic léinn trí na Cumain Ghaelacha & beidh comórtais ar siúl ar mheáin shóisialta Raidió Rí-Rá, Conradh na Gaeilge & 2fm le cóipeanna a bhuchan chomh maith.

Má tá Gaelchárta agat le cóid íoslódála do CEOL 2018, beidh tú in ann an cóid a úsáid le híoslódail a dhéanamh ar na hamhráin.

——————

Seinnliosta CEOL 2018:

Traic #1: Saoirse Ronan & Macklemore – Fáilte

Traic #2: Picture This – Is Sinne Óg (When we were Young) liricí anseo

Traic #3: JP Cooper – Amhrán an Fhómhair (September Song) liricí anseo

Traic #4: Kodaline – Ag Fadú d’Aidhme (Follow Your Fire) liricí anseo

Traic #5: John Gibbons le Soulé – Spéaclaí Gréine sa Bháisteach (Sunglasses in the Rain) liricí anseo

Traic #6: Gavin James – I gCónaí (Always) liricí anseo

Traic #7: Wheatus – Stócach Brocach (Teenage Dirtbag) liricí anseo

Traic #8: The Academic – Do Chroí Anocht (Bear Claws) liricí anseo

Traic #9: Parson James – Muid a Ghoid an Seó (Stole the Show) liricí anseo

Traic #10: Hudson Taylor – Mothaigh Arís É (Feel it Again) liricí anseo

Traic #11: The Coronas – Nílimid Bréagach (We Couldn’t Fake it) liricí anseo

Traic #12: Wild Youth – Mé Sáite Ann (Can’t Move On) liricí anseo

Traic #13: Chasing Abbey – Labhair Liom (Talk to Me) liricí anseo

Traic #14: Delorentos – Insan Nóiméad (In the Moment) liricí anseo

Traic #15: Sibéal le The Cranberries – Fuarú (Linger) liricí anseo

Traic #16: Seo Linn – Bain an Glas liricí anseo

Traic #17: Nóra & Jade – Fuil na nÓg (Buaiteoirí an chomórtais BEO 2017) liricí anseo

 

Eolas faoi CEOL 2005-2017 anseo

gach-albam-ceol-iomha-le-reidh

Tá an t-album CEOL 2018 le hEoghan McDermott mar chuid de shraith dlúthdhioscaí curtha le chéile ag Conradh na Gaeilge agus ag Raidió Rí-Rá i gcomhpháirtíocht le RTÉ 2fm. Má tá tuilleadh eolais uait, is féidir teagmháil a dhéanamh le Niamh ag ceol@cnag.ie