An Chraic

people-drinking-coffee-clipart-7

Úsáid do Ghaeilge le linn Sheachtain na Gaeilge le Energia

Conas #AnChaint a bheith agat i rith Seachtain na Gaeilge le Energia

Tá feachtas nua ag Conradh na Gaeilge chun an Ghaeilge a spreagadh i measc an phobail.
‘An Chaint’ a thugtar air. An aidhm atá aige ná go mbeadh beirt le Gaeilge ag cumarsáid trí
Ghaeilge, cé gur labhair siad as Béarla don chuid is mó go dtí seo. Is bealach íontach é
chun úsáid an teanga a spreagadh! Níos mó eolais anseo.

Uaireanta bíonn deacracht ag daoine an aistriú sin a dhéanamh, nó an Ghaeilge a úsáid arís
mura raibh cleachtadh acu le tamall. Seo roinnt bhealaí chun An Chaint a bheith agat le linn
Sheachtain na Gaeilge le Energia 2020!

alice-in-wonderland-tea-party-clipart-24

1. Úsáíd ‘go raibh maith agat’ sa siopa nó sa bialann
– Tá píosa beag Gaeilge againn ar fad agus is bealach íontach é seo len í a úsáid. Is breá le daoine é a chloisteáil! Nuair

2. Freastal ar an bPop-Up Gaeltacht
– Bíonn ceann gach mí i mbailte agus caithreacha ar fud na hÉireann, agus ar fud an domhain! Is imeacht íontach é le bheith ag cleachtadh agus gan mothú go bhfuil scrúdú béil ar siúl agat!

3. Caith fáinne
– Tá an fáinne ar fáil ó Chonradh na Gaeilge, agus sa Siopa Leabhar i mBaile Átha Cliathagus. Is rud íontach é le caitheamh ar do gheansaí, bíonn spéis ag an-chuid daoine ann agus buaileann tú le neart daoine eile le Gaeilge nuair a chaitheann tú é!

4. Ríomhphostanna
– Nuair a sheolann tú ríomhphost nó téacs chuig do chara nó do chomhghleacaí, caith isteach cúpla focal nó frása. Mar shampla, is féidir leat úsáid a bhaint as ‘Dia dhuit’, ‘le meas’, ‘a chara’ nó ‘maidin mhaith’ chun an blas a chur ar do chuid teachtaireachtaí!

5. Bain úsáid as na meáin trí Ghaeilge
– Leis an gcleachtadh seo ar fad, cuidíonn sé i gcónaí le bheith ag breathnú agus ag éisteacht leis an meáin as Gaeilge, tá rogha leathan agat! Ar an teilifís tá TG4, agus ar na meáin shóisialta tá BLOC & Molscéal le haghaidh
físeanna taitneamhacha. Ar an raidió tá Raidió Rí-Rá, Raidió na Life, Raidió Failte; Raidió na dTreabh ar fáil. Más podchraoladh atá uait, tá Beo ar Éigean agus Motherfoclóir an-mhaith len éisteacht leo! Is deiseanna íontacha
iad seo ar fad le focail nua a fhoghlaim agus snas a chur ar do theanga!

– le Ruairí Egan ó Léim Thart ar Raidió Rí-Rá