FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Top 40 Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Simon Ar Thóir Thallann an Domhain!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Robbie Williams agus Gary Barlow ag canadh  le chéileBeidh gliondar croí ar lucht leanúna Take That a chloisteáil go bhfuil Robbie Williams ag caitheamh an-chuid ama sa stiúideo leis na leaids ón mbanna na laethanta seo! Is cosúil go bhfuil amhrán scríofa ag Robbie agus Gary Barlow le chéile le déanaí agus eiseofar é níos moille i mbliana ar an 4 Deireadh Fómhair. Shame is ainm den amhrán agus beidh sé le cloisteáil ar albam Robbie, In and Out of Consciousness freisin. Fad agus a bhí siad ag déanamh taifid ar an tsingil nua, chaith siad go leor ama sa stiúideo, áit go raibh Mark, Howard agus Jason i mbun oibre le Gary chomh maith. Shiúil Gary agus Robbie amach ar an bpáirc imeartha le chéile do Soccer Aid níos luaithe an mhí seo fiú. Táimidne i bPopNuacht ag súil go mór le dea-scéal athaontú Take That a thuairisciú daoibh go luath amach anseo!

With Robbie and Gary working on a new single together, we’ve our fingers crossed for news of a proper Take That reunion soon…here’s to hoping!

Tá ráfla cloiste againn anseo i bPopNuacht go mbeidh Simon Cowell ag glacadh smachta ar an domhan iomlán an bhliain seo chugainn!! Bhuel, eisean a bheas i Simon Cowellgceannas ar chlár nua dar teideal World’s Got Talent, áit go mbeidh na buanna is fearr ó thíortha ar fud na cruinne á léiriú ar an scáileán beag. Tiocfaidh na daoine ildánacha ar fad le chéile don ócáid ag an Royal Albert Hall i Londain am éigin i 2011 agus is fada ó Simon é! De réir dealraimh, theastaigh ó Simon an clár a chur le chéile ón chéad lá riamh gur thosaigh Britain’s Got Talent i 2007. Is cinnte go mbeidh Cowell iontach gnóthach sna míonna amach romhainn, ag ullmhú don chlár nua agus é fós ina bhreitheamh ar Britain’s Got Talent agus an X-Factor i Meiriceá agus i Sasana ag an am céanna. Agus sin gan trácht ar a chuid oibre mar léiritheoir ar American Idol! Tá tuirse orainn fiú ag machnamh ar an obair sin ar fad…

Simon Cowell’s after world domination with his latest pet project, World’s Got Talent!

Is í Londain cathair an phopcheoil is cosúil! Chuir an stáisiún raidió Capital FM féile mhór an Summertime Ball ar siúl i Stad Wembley an tseachtain seo caite, agus mealladh na réaltaí is mó ó chairteacha Raidió Rí-Rá JLS, Justin Bieber, Ke$ha, Pixie Lott agus  Usher ag an Summertime Ball 2010le casadh ann. Chan a leithéid de JLS, Justin Bieber, Usher, Ke$ha, Pixie Lott, Chipmunk, agus Alexandra Burke mar chuid den cheolchoirm – sin slua ceoltóirí daoibh! Thaisteal Cheryl Cole abhaile ó Pháras go speisialta don cheolchoirm, agus ghlac Rihanna briseadh óna camchuairt sa Spáinn le teacht go Sasana don ghig fiú. Cuireann láithreoirí Capital FM, Lisa Snowdon agus Johnny Vaughan, an fhéile i láthair gach samhradh agus téann céatadán de bhrabús na dticéad go carthanacht an stáisiúin, Help A London Child. Is dócha go bhfuil na réaltaí eile ar nós Esmée Denters, Will.i.am agus Sean Kingston imithe abhaile faoin am seo ach tá súil againn go bhfillfidh siad ar an Eoraip le cúpla gig eile a chasadh dúinn arís gan mhoill!

Summer’s definitely in full swing with stars such as Rihanna, Justin Bieber, Usher, Cheryl Cole, Ke$ha and Chipmunk kicking off Capital FM’s Summertime Ball last week!

John StamosTuigeann muid go bhfuilimid i bPopNuacht beagáinín róthógtha leis an gclár Glee scaití – ach an aon ionadh é dáiríre?! Tá sceitimíní orainn ó chualamar go mbeidh an t-aisteoir John Stamos de cháil Full House ag glacadh páirt sa chéad sraith eile den chlár. Wooo! Is cosúil nach é Will Schuester amháin a bheas ar thóir Emma sa bhfómhar, ó beidh ról ag Stamos mar charachtar rialta ar an gclár agus é ina fhiaclóir aici. B’fhéidir gur fearr aithne ar Stamos mar Uncle Jesse ach de réir dealraimh, tá an-taithí ag John ar cheoldrámaí agus ar chanadh ó bhí sé ar Broadway ina leithéid de Bye, Bye Birdie agus Cabaret roimhe seo. Tagann John ar an gclár sna sála ar réaltaí móra ar nós Neil Patrick Harris agus Olivia Newton-John, agus ní chreideann muid go gcaithfimid fanacht go deireadh an tsamhraidh len’é a fheiceáil i nGlee!

John Stamos from Full House is rumoured to play Emma’s new love interest in the next season of Glee. Can we getta woop woop?!

Bhí ar Chris Brown a chamchuairt sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn a chur ar ceal an mhí seo toisc gur dhiúltaigh Oifig Ghnóthaí Baile na Breataine víosa a thabhairt dó. Dúirt oifigigh na Breataine go ndearna Chris BrownBrown cion coiriúil tromchúiseach i 2009 nuair a d’ionsaigh sé a chailín cara ag an am, Rihanna, agus níor cheadaigh siad dó teacht chun na tíre. Tá an ceoltóir R&B ar thréimhse phromhaidh 5 bliana faoi láthair sna sála ar an ionsaí ach tá sé ag déanamh iarracht teacht chuige féin lena chamchuairt nua, Fan Appreciation Tour. Níl ag éirí rómhaith leis faoi láthair áfach! Cuireadh na gigeanna i gCorcaigh, Caisleán an Bharraigh agus Baile Átha Cliath, ar ceal mar aon leis na ceolchoirmeacha i nGlaschú, Londain agus Manchain. Ghabh Aiken Promotions leithscéal lena lucht leanúna agus cé go bhfuil seans ann go gcuirfí na gigeanna ar siúl ag am eile amach anseo, nílimidne i bPopNuacht ródhóchasach…filleann an feall ar an bhfeallaire bíodh a fhios agat Chris!

Chris Brown has had to cancel his Irish and British gigs after being denied a visa by the UK Home Office because of his assault on Rihanna last year…what goes around Chris…

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é

Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here