Senakah – Caidreamh
Leoithne fionnuar
Diúlann an teocht uaim
Táim im sheasamh go hard d’ainneoin bheith ag crith
Ghabh mé an turas bunúsach chun rath a ghnóthú
Nílim gar don áit ach súil agam go mbeidh rath ar an turas
Mar gheall ortsa ní insím bréag
Tá’s agat nach gcothaíonn sé sin saol coire
Dul chun cinn le saol coiriúil
An t-aon rud atá sásúil anois
Caith chugam do chuid éadaí
Cuirfidh siad fothain ar fáil dom
Maidir le líon na mbréag uait
Níl meas agamsa ar an bhfírinne
Anois agus tú gan snáth ort
Tig liom dul i gcaidreamh leat ar bhord forhalla
Óir níl am agamsa le haghaidh
Caidrimh chóir
Áit chúng anseo gan amhras
Is mian liom pléisiúr a thabhairt
Triailfidh mé é ag cinntiú gan rudaí a shalú
Faoi láthair ní gá ‘sea’ a rá
Gan chomhréiteach de ghnáth bíonn achrann
Cad déarfá le comhrac meánoíche
An t-aon rud atá ceart sa chomhthéacs seo



















