An Chraic

sss

8 Ceoltóir le Feiceáil ag Longitude 2016

Tá an fhéile Longitude ag tosnú i bPáirc Marlaí agus mar sin, seo daoibh an ochtar ceoltóir is fearr le seiceáil amach thar an deireadh seachtaine. An bhfeicimid sibh ann?!

ALL TVVINS

Is beirt iad All Tvvins, as Baile Átha Cliath, a tháinig le chéile i 2014. Is aoibhinn liom Resurrect Me, ón a gcéad albam, Unbelievable – is amhrán iontach é don samhradh, agus tá súil agam go mbeidh sé le cloisteáil ón ardán ar an Domhnaigh!

Cathain?: 16.00, an ardán Heineken, Dé Domhnaigh

COURTNEY BARNETT

Is amhránaí & ceoltóir í Courtney Barnett, as Melbourne, an Astráil. Scaoil sí a céad albam, Sometimes I Just Sit And Think And Sometimes I Just Sit, i mí Márta anuraidh, agus is breá liom a stíl scríbhneoireachta lena liricí.

Cathain?: 17.15, an príomh-ardán, Dé Domhnaigh.

 

KENDRICK LAMAR

Fuair an ceoltóir rap Kendrick Lamar clú agus cáil (agus cúpla gradaim Grammy) lena halbam, To Pimp A Butterfly, anuraidh, agus táim gafa leis ó shin. Ná chaill a seit mar príomhaoi ar an Aoine!

Cathain?: 21.15, an príomh-ardán, Dé hAoine

CHVRCHES

Is aoibhinn liom an banna Chvrches, agus guth an t-amhránaí Lauren Mayberry. Ní chreidim gur féidir leo amhrán dona a scríobh in aon chor, tá siad dochreidte.

Cathain?: 18.15, an príomh-ardán, Dé hAoine

WYVERN LINGO

Is banna pop agus indie iad Wyvern Lingo, as Bré, Co. Chill Mhantáin. Thit mé i ngrá leo níos luaithe i mbliana nuair a scaoil siad a gcéad EP, Letter To Willow. Tá guthanna dochreidte ag na cailíní seo!

Cathain?: 14.30, an príomh-ardán, Dé Satharn

PLEASURE BEACH

Is banna as Béal Féirste iad Pleasure Beach, a glaíonn “dream pop” ar a stíl ceol féin. Fuair siad ainmniúcháin ón Choice Music Prize don amhrán is fearr, lena gcéad singil Go – a scaoil siad anuraidh.

Cathain?: 15.15, an ardán Whelan’s, Dé Satharn

LAURA MVULA

Bíonn an t-amhránaí Laura Mvula le feiceáil go rialta ar an seó Graham Norton, agus tá sé an-soléir cén fáth. Deirfinn is amhránaí pop í, ach tá stíl iontach difriúla aici, agus tá sí go hiontach ag seinm beo freisin!

Cathain?: 15.45, an príomh-ardán, Dé hAoine

DAUGHTER

Is breá liom Daughter óna chuala mé an singil, Humans, ón a gcéad albam, If You Leave, ar ais i 2013. Is aoibhinn liom an stíl ceol atá acu freisin – an-suaimhneach agus go hálainn ar fad!

Cathain?: 17.00, an príomh-ardán, Dé hAoine

Tá an féile Longitude ar súil ón Aoine 15ú – Domhnaigh 17ú Iúil, i bPáirc Marlaí, Baile Átha Cliath.