FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Sceideal 2010

LUAN - AOINE

07:30 | Pop 4 ar Maidin le Clíona Ní Mhuirí & Dáirne Black
Éirigh leis na cailíní ar maidin!

7.40 - Cúlchaint
8.10 - Amhrán Éirigh Ar Maidin
8.15 - Te ’s Fuar
8.30 - Rí-Rá Retro #1
8.40 - TV +1
9.10 - An Pictiúr Mór
9.30 - Cúlchaint
9.40 - TV +1

Tuairiscí Tráchta agus Aimsire le chéile: 7.50, 8.20, 8.50, 9.20

10:00 | Ar Scoil le Síne Nic an Ailí

Beidh ár bhfoirne scoile ag glaoch ar Shíne sa stiúideo ó sheomraí ranga timpeall na tíre le labhairt le daltaí scoile beo ar an aer!

Ar mhaith leat go dtabharfadh Raidió Rí-Rá cuairt ar do scoil chun cluichí PopNuachta a imirt, duaiseanna a bhuachaint agus labhairt ar an aer? Seol ríomhphost go clare@rrr.ie le tuilleadh eolais a fháil.

13:00 | Ceapaire Ceoil le Mairead Ní Threinir
Tá an tráthnóna líonta le cnaga ceoil áit go mbeidh Mairead agus a cairde ag casadh na n-amhrán is mó tóir orthu chomh maith leis na hamhráin ar fad atá in iomaíocht do Chath na mBannaí 2010.

16:00 | TRL Ar Éileamh le Pádraig Schaler
Is anseo go mbíonn smacht iomlán agat ar rogha an cheoil! Roghnaigh na hamhráin is mó gur mhaith leat a chloisteáil trí téacs a chur chugainn le RiRa ag tús na teachtaireachta agus d’iarratas chuig 51155 ar an gnáthráta téacs.

Má tá an t-ádh leat, d’fhéadfadh Pádraig glaoch ar ais ort beo ar an aer!

19:00 | Fuaim Eile (LUAN - DÉARDAOIN)

D’fhéadfadh aon rud tarlú luath um thráthnóna. Níl srian ar bith ar cad a tharlaíonn ar an gclár seo agus seinneann muid meascán de na hamhráin is éagsúla dá bhfuil ann.

Ní fios cad a bheas le cloisteáil ach bí ann nó bí gann!

19:00 | Club Óige an Aoine (AOINE)

Cuireann muid na clubanna óige ar fud na tíre ar an aer oíche Aoine.

Más mian leat tú féin agus do chairde ón gclub a chloisteáil ar Rí-Rá Aoine éigin i mí an Mhárta, seol ríomhphost chuig sine@rrr.ie anois díreach!

21:00 | Top 40 Oifigiúil na hÉireann le Daithí Ó Dáibhín

Seo an t-aon chairt gur fiú éisteacht leis. Cairt oifigiúil díolacháin na hÉireann de chuid IRMA. Cé acu atá na hamhráin is mó díolta in Éirinn?

Freagraí ar fad ag Daithí Ó Dáibhín ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann gach oíche óna 9.00in.

23:00 | An Meascadh

Seinneann muid na hamhráin is fearr agus is mó tóir orthu daoibh gan stad i gcaitheamh na hoíche, gach oíche.

DÉ SATHAIRN & DÉ DOMHNAIGH

10:00 | Ar An Seit le Caitríona & Jen
Cailíní iomlán craiceáilte is iad Caitríona agus Jen agus níl mná ar bith níos fearr ná iad leis an deireadh seachtaine a thosú dúinn!

Ní hamháin go bhfuil na cailíní craiceáilte i ndiaidh an cheoil, ach tá siad craiceáilte i ndiaidh na scannán freisin, mar sin bí ag súil leis an scannal ar fad a fháil ó na scannáin i Hollywood ag teacht chuig scáileáin bheaga agus mhóra na hÉireann.

13:00 | Seó Spóirt na Seachtaine le Cillian de Búrca
Is ar son an spóirt atá an deireadh seachtaine, mar sin beir leat do chamán nó do liathróid nó pé gléas gur mian leat!

Coimeádfaidh Cillian agus d’fhoireann spóirt i Rí-Rá ar an eolas tú maidir le cúrsaí spóirt um dheireadh seachtaine agus tú amuigh ag spraoi.

16:00 | TRL Ar Éileamh le Miriam Maher

Is anseo go mbíonn smacht iomlán agat ar rogha an cheoil! Roghnaigh na hamhráin is mó gur mhaith leat a chloisteáil trí téacs a chur chugainn le RiRa ag tús na teachtaireachta agus d’iarratas chuig 51155 ar an gnáthráta téacs.

Má tá an t-ádh leat, d’fhéadfadh Miriam glaoch ar ais ort beo ar an aer!

19:00 | Top 40 Oifigiúil na hÉireann le Daithi O’Davin
Seo an t-aon chairt gur fiú éisteacht leis. Cairt oifigiúil díolacháin na hÉireann de chuid IRMA. Cé acu atá na hamhráin is mó díolta in Éirinn?

Freagraí ar fad ag Daithí Ó Dáibhín ar Top 40 Oifigiúil na hÉireann gach oíche óna 7.00in ag an deireadh seachtaine.

21:00 | An Meascadh

Seinneann muid na hamhráin is fearr agus is mó tóir orthu daoibh gan stad i gcaitheamh na hoíche, gach oíche.