Rogha Ceoil na Vatacáine!
Hi agus fáilte go PopNuacht Raidió Rí-Rá anseo ar RRR.ie!
Tá Nicole Richie agus Joel Madden ar tí pósadh faoi dheireadh is cosúil! Tá sé cloiste againn gur bhronn Joel fáinne ar Nicole ar Lá Fhéile Vailintín. An-rómánsúil go deo Joel! Tá aithne againn ar Joel mar amhránaí an rac-bhanna Good Charlotte, agus ní gá a rá gurb í iníon Lionel Richie agus réalt an seó réalach The Simple Life í Nicole Richie. Tá beirt pháiste ag Joel agus Nicole le chéile agus tá siad ag siúl amach le 3 bliana anuas. Níl ionadh ar bith orainn anseo i bPopNuacht go bhfuil bainis le bheith acu i ndeireadh na dála! An rud a chuir fíor-ionadh orainn áfach, ná an ráfla go bhfuil Simon Cowell tar éis iarraidh ar a chailín cara é a phósadh – agus gan ach 6 mhí a chaitheamh i gcaidreamh le chéile! N’fheadar an gcreideann muid sin i ndáiríre - shíleamar i gcónaí go raibh Simon i ngrá le Cheryl Cole…
Not only are Nicole Richie and Joel Madden finally engaged after 3 years of dating but we hear that Simon Cowell has also popped the question to his current beau Mezhagen Hussainey!
Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil Rage Against the Machine chun ceolchoirm in aisce a chasadh i Londain go luath! Gheall an banna go gcasfadh siad ceolchoirm dá leantóirí dá n-éireodh leo uimhir a haon a bhaint amach i gcairteacha na Nollag. Cuireadh tús le leathanach Facebook ag iarraidh ar dhaoine amhrán Rage Against the Machine, Killing in the Name Of, a íoschóipeáil chun a chinntiú gur bhai
n sé uimhir a haon amach in áit amhrán Joe McElderry, buaiteoir an X-Factor. D’éirigh le gach buaiteoir de chuid an chomórtais X-Factor uimhir a haon a bhaint amach sna cairteacha Nollag 4 bliana as a chéile roimhe sin. Ach d’éirigh leis an bhfeachtas Facebook anuraidh agus bhain Rage Against the Machine an áit ag barr na gcairteacha amach i Sasana! Agus anois tá an banna ceoil trom-mhiotalaigh ag comhlíonadh an ghealltanais a rinne siad agus ceolchoirm gan chostas á seinm acu dá lucht leanúna. Ní hamháin sin ach beidh na leaids ag teacht ar camchuairt chun na hÉireann go luath freisin. Ní féidir linn fanacht!
Rage Against the Machine are keeping their promise and playing a free concert for their loyal fans after pipping Joe McElderry to the number one spot on the Christmas charts!
Fanaigí go gcloisfidh sibh an scéal ait atá againn daoibh inniu a chairde: d’eisigh páipéar nuachtáin oifigiúil na Vatacáine, L’Osservatore Romano, liosta de na 10 n-albam ceoil is fearr le bheith agat agus tú tréigthe ar oileán uaigneach leat féin. Creid é nó ná chreid é, albaim rac-cheoil is mó atá ar an liosta agus na bannaí úd atá luaite bainteach le drugaí agus mí-iompar don chuid is mó! Tá an chéad albam de chuid Oasis, What’s the Story (Morning Glory), agus The Dark Side of the Moon le Pink Floyd i measc na n-albam atá ainmnithe ag muintir na Vatacáine, fad agus a d’éirigh leis an albam Revolver leis na Beatles uimhir a haon a bhaint amach ag barr an liosta. Íorónta go maith, is iad na Beatles an banna a dúradh go raibh siad níos cáiliúla ná Íosa tráth dá raibh! Níorbh fhiú aon liosta ceoil gan na buachaillí Éireannacha U2 a bheith san áireamh air agus ní haon ionadh é go bhfuil a n-albam Achtung Baby ar an liosta ag uimhir a hocht…comhghairdeas leaids!
The music buffs at the Vatican have included bad boys Oasis and Pink Floyd in a list of albums that they’d listen to if they were marooned on a desert island!
Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht gur thug Rihanna cead don Gleecast leagan dá hamhrán Take A Bow a chanadh ar phraghas i bhfad níos ísle ná an gnáthráta atá aici, agus gur thug Madonna cead don chlár gach iar-amhrán dá cuid a chasadh gan aon chostas! Deirtear linn go mbeidh clár iomlán d’amhráin Madge le feiceáil go luath de bharr seo. Ní hamháin sin ach tá ráflaí ann go bhfuil Taylor Swift ag iarraidh dul ar an
gclár Glee freisin, agus ní haon ionadh é. Ar bhfaca sibh na cairteacha le déanaí? Is cosúil nach mbeidh ach na déagóirí Glee ag casadh ceoil dúinn ar an raidió go luath! Tá breis agus 5 amhrán éagsúil acu sa Bharr 40 ar Raidió Rí-Rá le tamall anuas agus is minic go n-éiríonn le bunleagan an amhráin a chasann siad filleadh ar na cairteacha freisin, buíochas leis an bpoiblíocht ar fad a ghineann Glee dó. Ní dóigh linn go mbeidh aon srian leis na cnaga ó Gleecast ach an oiread agus táimid i bPopNuacht cinnte go mbeidh sraith eile den chlár le feiceáil in Éirinn arís an bhliain seo chugainn. Nílimid ag gearán áfach!
The cast of Glee are taking over the charts!! Not that we’re complaining…
Caithfimid comhghairdeas a dhéanamh le Lily Allen tar éis di a chéad gradam a bhuaigh ag na Brits i mbliana! Fuair sí an ceann is fearr ar Lady Gaga, Pixie Lott agus Florence and the
Machine chun an gradam don bhanamhranaí aonair is fearr a bhaint amach ag an mbronnadh le déanaí. Ní hamháin gur chuir Lily tús leis an seó ag casadh a amhráin iontaigh The Fear, ach bhailigh sí a gradam ar an stáitse le bréagfholt oráiste ar a ceann - is aoibhinn linn í! Ba í Lady Gaga fíor-réalt an tseó áfach. Bhuaigh Gaga trí ghradam ar an oíche, an gradam don bhanamhránaí idirnáisiúnta is fearr agus don albam idirnáisiúnta is fearr san áireamh. Níor fhág sí díomách muid lena feisteas aisteach ach oiread, le hata ollmhór bán agus gúna chomh mór le teach á gcaitheamh aici! I measc na mbuaiteoirí eile ar an oíche, thug na buachaillí dathúla JLS, an grúpa indie Kasabian, agus Florence and the Machine gradaim Brits abhaile leo ón mbronnadh freisin.
Lily Allen accepted her first ever Brit Award in an orange wig - go on the Lily!
Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here



















