Rí-Rá Ar DAB!

- Raidió Rí-Rá Ar DAB i mBaile Átha Cliath agus i bPort Láirge! Iúil 2012
Tabhair buille faoi thuairim cén cairtstáisiún Gaeilge a bheidh ag craoladh beo i bPort Láirge agus i mBaile Átha Cliath ar DAB ón 01 Iúil 2012?!
RAIDIÓ RÍ-RÁ!!
Tá sceitimíní áthais orainn gurb é Raidió Rí-Rá an t-aon stáisiún Gaeilge do dhaoine óga a bheidh ag craoladh ar an gcóras raidió úir, agus beidh an stáisiún ar fáil ar DAB i gCorcaigh agus i Luimneach roimh dheireadh na bliana seo freisin, agus go náisiúnta amach anseo.
Agus dar ndóigh beidh teacht ar Raidió Rí-Rá ar-líne ag www.rrr.ie, tríd an bhfeidhmchlár iPhone, ar ghutháin Android leis an app TuneIn, agus ar ghutháin Nokia tríd an bhliain ar fad go fóill. Beidh rogha iontach éisteachta agat!
Is teicneolaíocht raidió digitigh do stáisiúin raidió é Craoladh Fuaime Digití (Digital Audio Broadcasting nó DAB i mBéarla). Go bunúsach, tá caighdeán fuaime níos soiléire ná FM ag baint le DAB agus baineann sé leas níos éifeachtaí as an speictream raidió chun réimse níos leithne stáisiún a chur ar fáil d’éisteoirí, áit go mbeidh Raidió Rí-Rá ina chéad ógstáisiún Gaeilge air. Yyyyeeeooooowww!!
Mar sin, bí linn do réabhlóid Raidió Rí-Rá agus ceannaigh raidió DAB inniu chun cluas a chur leis an gcairtstáisiún Gaeilge is fearr ar domhan
Raidió Rí-Rá is Ireland’s first and only Irish-language chart radio station for young people, and we’re going live on DAB in Dublin and Waterford from 01 July 2012! Get yourself a DAB radio and tune into all the charts, sports news and celebrity gossip as Gaeilge every day of the year



















