Réaltaí Móra Hollywood Ar Cuairt in Áth Cliath
Tá cuid de na haisteoirí is mó i Hollywood ag tabhairt aghaidh ar Bhaile Átha Cliath an mhí seo agus an Fhéile Scannánaíochta Jameson faoi lánseol sa phríomhchathair le seachtain anuas! Tá Al Pacino, Martin Sheen, Mark Wahlberg agus Michael Madsen de cháil a charachtair Mr Blonde i Reservoir Dogs ag glacadh páirte i bhféile na bliana seo. Cuireann an fhéile scoth na scannán os comhair an tsaoil agus tá sí ag mealladh na réaltaí móra chun na cathrach le 10 mbliana anuas. Bhí Glenn Close ag an bpictiúrlann Savoy do léiriú Albert Nobbs oíche Sathairn agus thug Al Pacino cuairt ar an bpictiúrlann chéanna don léiriú dá scannáin faisnéise ar Oscar Wilde, Wilde Salome, don ócáid mhór um dheireadh seachtaine. Tá an phictiúrlann Light House Cinema i Margadh na Feirme, oscailte as an nua le déanaí, ag croílár chlár na féile i mbliana mar aon leis an bpictiúrlann Cineworld, ach beidh scannáin á léiriú in ionaid éagsúla as an gnáth leis. Is iomaí aisteoir Éireannach a bheidh le feiceáil ag an bhféile freisin, Amy Huberman agus Brenda Fricker ina measc, agus má thaitníonn saol na celebs leat, b’fhiú duit aghaidh a thabhairt ar an ardchathair an tseachtain seo!
All the celebs have arrived in the capital for the Jameson Film Festival this month – is that Al Pacino we just saw passing by?!



















