FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

PopNuacht - 08 Márta 2010

Tá Frankie ó na Saturdays agus Dougie ó Mcfly tar éis scartha…rud brónach…ach anois tá Dougie singil. Léimigí isteach a chailíní!

Ag leanúint ar aghaidh leis na Saturdays, tá Rochelle agus Marvin ó JLS ag súil amach lena chéile! D’fhágadar an Ivy i Londain lámh i lámh. Tá súil againn go mbeidh siad le chéile ar a laghad ar feadh bhliain.Melanie B

B’fhéidir go mbeadh Mel B. ó na Spice Girls mar an breitheamh nua ar an X Factor. Táimid ag tnúth go mór leis seo mar tá a lán tuairmí aici agus níl sí cúthalacht ar chor ar bith. Níl gach rud socraithe go fóill, ach is dócha go mbeidh sí ar aon nós.

Tá scanradh ar chairde Lady GaGa mar go bhfuil sí tar éis titim ina meáchan ina héadaí, tá siad buartha go bhfuil sí ag éirí rótannaí. Lady GaGa bocht! Tá súil againn go mbeadh sí ceart go leor, agus gan Lindsey Lohan a dhéanamh orainn.