FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Top 40 Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

One Direction agus Eminem?!

Hi agus fáilte go PopNuacht na Seachtaine ar Raidió Rí-Rá, liomsa Katie Ní Scanláin!

Tá a fhios ag gach duine nach bhfuil Oxygen ar siúl an bhliain seo, ach tá fós a lán féilte ceoil eile ar siúl agus tá tús curtha le séasúr na bhféilte anois! Bhí an Meteor Camden Crawl ar siúl i mBaile Átha Cliath ar an 10 Bealtaine don chéad uair riamh sa chathair. Chomh maith le Forbidden Fruit i mBaile Átha Cliath, beidh na féilte Body And Soul i gCo. na hIarmhí ar siúl i mí an Mheithimh agus Live at the Marquee i gCorcaigh i mí Iúil. Beidh na gigeanna i bPáirc an Fhionnuisce ar siúl i mí Iúil freisin, agus beidh an Picnic Leictreach i gCo. Laoise i mí Lúnasa. Tá samhradh lán le ceol ar siúl in Éirinn i mbliana mar sin!

Even without Oxygen, there are still bucketloads of great music festivals on the cards this summer – get your tent sorted ASAP!

Bhí  ar Lady Gaga ceolchoirm a chur ar ceal san an Indinéis mar gheall ar agóidí ó ghrúpaí Ioslamacha le déanaí. Ní maith leis na grúpaí seo an chóiréagrafaíocht a úsáideann an t-amhránaí sa seó, agus ní maith leo an tacaíocht a thugann sí do chearta aeracha ach an oiread. Lady Gaga bhocht! Dúirt sí go ndéanfadh sí an seó níos oiriúnaí don Indinéis, ach ní raibh a lucht bainistíochta compordach leis seo mar bhí bagairtí báis fós á bhfáil ag an gceoltóirí ó na grúpaí, agus chuir siad an cheolchoirm ar ceal. Bhí Lady Gaga trína chéile faoin rud ar fad agus chuaigh sí ar Twitter ag gabhadh leithscéil leis an lucht leanúna, ag rá gurb iad a leantóirí na daoine is tábhachtaí di. Tá a croí bocht briste!

Poor Lady Gaga had to cancel shows in Indonesia recently after protest from Islamic groups – talk about scary!

Tá One Direction i gcónaí sna nuachtáin na laethanta seo, agus scéalta ann faoi na cailíní atá siad ag siúl amach leo, ach anois tá said ag caint faoi One Direction le duine éigin eile – Eminem!  Tá an banna ag obair ar an dara albam dá gcuid anois, agus tá siad ag smaoineamh faoi dhaoine éagsúla go mba mhaith leo obair leo. In agallamh a rinne sé le déanaí, dúirt Niall Horan go mbeadh sé ait agus ana-ghreannmhar dá mbeadh One Direction ag obair le Eminem – tá tú ceart ansin a Niall! Ar aon nós, tá gach duine anseo ag súil go mór le dara albam na mbuachaillí agus is cuma linn i Raidió Rí-Rá cé leis nó léi atá siad ag canadh air.

Niall Horan seems to have started rumours of One Direction collaborating with none other than Eminem on their new album!!

Tá bliain iontach roimh Justin Bieber anois is cosúil! Beidh a lucht leanúna sásta a chloisteáil go bhfuil albam nua á eisiúint aige go luath, agus beidh camchuairt á déanamh aige freisin! Agus cé a bheidh ar an gcamchuairt seo leis chun an seó a oscailt? Carly Rae Jepsen dar ndóigh! Is cairde iontach maithe iad Justin agus Carly anois, agus d’iarr sé uirthi chun teacht ar an gcamchuairt leis. Tá ráflaí ann go mbeidh The Wanted ag dul ar an gcamchuairt chomh maith – bheadh sé sin ina ceolchoirm iontach maith! Tá súil againn anseo i Raidió Rí-Rá go mbeidh siad ag teacht go hÉirinn mar sin!

It looks like it’ll be another great year for our boy Bieber and we can’t wait to see all his support acts performing on his new tour too!

Beidh scannán iontach nua á eisiúint go luath, agus cé eile a bheidh ann ach Katy Perry! Ach ní bheidh Katy ag aisteoireacht sa scannán; is scannán faoina saol féin atá ann, cosúil leis an scannán Never Say Never  a rinne Justin Bieber cúpla bliain ó shin. Beidh scannán Katy le feiceáil i 3D freisin. Part of Me is ainm den scannán agus tá Katy an-ghnóthach faoi láthair, agus í ag déanamh go leor oibre chun an scannán a chur chun. Tá sí ana-chorraithe faoi agus tá sceitimíní orainn i Raidió Rí-Rá faoi freisin! Ceapann muid go mbeidh sé an-mhaith agus tá muid ag súil go mór len’é a fheiceáil.

Katy Perry’s new film Part of Me will be on the big screen in 3D very soon!