Gig Nuacht Ar Éileamh Iarratais Baile PopNuacht Top 40 Éist Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Nuair a Bhuail Leona le Justin…

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Ní hamháin go bhfuil Taylor Swift i ndiaidh fear breá dóighiúil a aimsiú di féin más fíor do PhopNuacht na seachtaine seo caite, ach d’éirigh léi curiarracht cheoil a shárú Taylor Swift lena Ghradaim Cheol Tíre 2009 freisin! In aois 19 di, is í an duine is óige riamh le Gradam Cheol Tíre a ghnóthú i gcomhair shiamsóir na bliana. Níl banamhránaí aonair i ndiaidh an gradam áirithe sin a bhuachaint le blianta beaga anuas. Ba í Shania Twain an bhean dheireanach len’é a fháil in 1999, rud a chuir le gliondar Taylor agus í ag glacadh an ghradaim ag an searmanas i Nashville an tseachtain seo caite. Ní hamháin sin ach bhain sí cúpla gradam eile amach ar an oíche freisin – gradam albam na bliana as a saothar Fearless , gradam do bhanamhránaí na bliana agus gradam eile as an bhfíseán dá singil Love Story . An bhfuil aon rud nach féidir leis an ainnir óg seo a dhéanamh?!

Apparently there is nothing Little Miss Taylor Swift can’t do – she made history last week by becoming the youngest musician to win entertainer of the year at the Country Music Awards last week, woo!

Níl aon amhras ann ach go raibh 50 Cent gnóthach i gcaitheamh na bliana seo! Chomh maith le halbam nua Dead Man Running dar teideal Before I Self Destruct a eisiúint an mhí seo, bhí an rapcheoltóir ildánach i Londain le déanaí ag déanamh poiblíochta dá scannán nua, Dead Man Running . Mhothaigh 50 go raibh dua mór roimhe ag iarraidh barr feabhais a chur 50 Cent ar a chuid ceoil sna sála ar an chéad albam dá chuid, Get Rich Or Die Tryin’ , toisc gur éirigh chomh maith sin leis sna cairteacha. Ghlac sé níos mó ama air an t-albam nua a chríochnú dá bharr ach deir sé go bhfuil sé an-sásta leis. Maidir lena chuid aisteoireachta, ghlac 50 ról an úsaire neamhthrócairigh sa scannán Dead Man Running an bhliain seo caite, agus baineann an scéal le tionchar an chúluithe eacnamaíochta ar domhan na coireachta faoi choim. Ábhar álainn éadroim dúinn mar sin eh?!

50 Cent has kept himself busy releasing both a new album and a new film within a year, both with lovely light and fluffy titles: Before I Self Destruct and Dead Man Running respectively!!

Is cosúil nach iad cailíní PopNuachta amháin a éiríonn giodamach ag cuimhne ar Justin Timberlake – dúirt Leona Lewis go raibh sise iontach neirbhíseach ag dul i mbun oibre leis an bpopamhránaí álainn sular bhuail Justin Timberlake, James Fauntleroy agus Leona Lewis sí leis! Chabhraigh JT le Leona nuair a bhí sí ag obair ar an albam is déanaí dá cuid, Echo , agus dúirt sí go raibh go leor i gcoiteann acu. Ainneoin go raibh Leona tinneallach faoi bhualadh le Justin ar dtús, dúirt sí gur réitigh siad go han-mhaith le chéile agus scríobh siad an t-amhrán Don’t Let Me Down d’albam Leona. Thosaigh siad ar amhrán eile a scríobh le chéile fiú, ach ní raibh an t-am acu é a chríochnú de réir dealraimh. Deir Leona go bhfuil siad beirt á iarraidh dóibh féin áfach, agus ní féidir leo a roghnú cé acu gur chóir é a chanadh! Pé acu a ghlacann seilbh ar an bhfonn, táimid cinnte gur amhrán iontach eile a bheas ann ach idir seo agus sin, beimid sona sásta cluas a chur le singil nua Leona. Agus oiriúnach go maith, Happy an teideal atá air – foirfe!

Leona Lewis hooked up with the talented and gorgeous Justin Timberlake on her new Echo album.

David O'Doherty Is cinnte go bhfuil clú agus cáil ar mhuintir na hÉireann as féith an ghrinn a bheith acu, ach ní minic go bhfaigheann tú an deis cluas éisteachta a thabhairt dá leithéid David O’Doherty, Tommy Tiernan, Hector Ó hEochagáin, Jarlath Regan agus na leaids ó Après Match in aon ionad amháin. Ach sin go díreach atá beartaithe d’oíche an 22 Samhain 2009 nuair a thiocfaidh na daoine is barrúla i mBaile Átha Cliath le chéile chun gig Après Match Kickstart the Complex a chur ar siúl i Sráid Vicar! Leis an aimsir ag dul in olcas go tobann ar fud na tíre an mhí seo, measann muidne anseo i bPopNuacht nach bhfuil bealach ar bith níos fearr ná gáire maith chun do mhéara agus do mheanma a théamh. Agus ní hamháin go mbeidh giota ceoil á chasadh ag an ócáid freisin, táimid an-tógtha leis an ngrúpa grinn nua Foil, Arms and Hog a bheas ag glacadh páirt sa spraoi ar an oíche chomh maith. Bígí ann nó bígí gann ar gháire a chairde!

A comedy of comedians! The Kickstart the Complex gig in Vicar Street will bring some of the funniest men in Dublin together to give us some giggles in aid of a new live arts space in Smithfield.

Alexandra Burke Tá ráflaí cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil buaiteoir X-Factor na bliana seo caite ag déanamh neamhaird ar a comhairleoir Cheryl Cole! Is cosúil gur chuir Cheryl cosc ar Alexandra Burke buachaill cara a bheith aici tar éis di X-Factor a bhuachaint anuraidh, ionas go bhféadfadh an popréalt úr díriú ar an gceol agus ar a gairm bheatha nua. Ach más fíor do na scéalta is déanaí sna meáin, tá Alex ag siúl amach le hiarleannán dá cuid, Cameron Quincy Jagher - amhránaí ó St. Louis, Missouri sna Stáit Aontaithe. Bhí an bheirt acu i gcaidreamh lena chéile níos luaithe i mbliana de réir dealraimh, ach scar siad sár i bhfad agus cheapamar go raibh Alex ag tabhairt aird ar chomhairle Cheryl. Ach b’fhéidir nach fíor dó sin a thuilleadh! Dúirt Alex in agallamh le déanaí gur cailín singil atá inti fós, ach chonacthas í féin agus Cameron i dteannta a chéile in aerfort Heathrow an tseachtain seo caite…n’fheadar cad a cheapann Cheryl faoi sin!

It seems that
X-Factor songstress Alexandra Burke isn’t quite heeding mentor Cheryl’s advice about staying away from them bad boys…!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here