Gig Nuacht Ar Éileamh Iarratais Baile PopNuacht Top 40 Éist Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Na Simpsons 20 Bliain D’Aois!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Na Simpsons20 bliain ar an bhfód agus fós chomh barrúil agus a bhí siad riamh - cé eile ach muintir na Simpsons! Creid é nó ná chreid é, rinne an clár teilifíse clúiteach scór bliain den tsraith bheochana a cheiliúradh i gCalifornia le déanaí. Dar ndóigh bhí Homer, Marge, Bart, Lisa agus Maggie i láthair don chóisir agusPlayboy Marge Simpson! thiontaigh an cairpéad ó dearg go buí don oíche speisialta! Is iomaí réalt mór le rá atá i ndiaidh guthú a dhéanamh ar charachtair éagsúla don chlár i gcaitheamh na mblianta, ó Michael Jackson go Greenday, ó Liam Neeson go Michelle Pfeiffer, agus ó Dustin Hoffman go Ricky Gervais. Tá tráchtaireacht ghéarchúiseach, ghreannmhar déanta ag an gclár ar chúrsaí reatha na linne ó thosaigh an tsraith ag craoladh ag deireadh na 1980idí, agus is aoir shóisialta den scoth é fós ar shaol meánaicmeach i Meiriceá. Ní hamháin sin ach tá ráfla cloiste againn i bPopNuacht go mbeidh Marge Simpson ar chlúdach na hirise Playboy an mhí seo chugainn fiú! N’fheadar an mbeidh tagairt don scannal sin sa chlár faisnéise speisialta The Simpsons 20th Anniversary Special in 3D on Ice i mí Eanáir na bliana seo chugainn?!

The Simpsons are 20 years mocking, imitating and generally making us laugh us and we still can’t get enough of them!

Tá drochscéala againn daoibh a chairde: is cosúil nach mbeidh na cailíní spíosracha ag filleadh ar na cairteacha ceoil mar bhanna, de réir Victoria Beckham! Ainneoin go raibh ráflaí ann faoi na Spice Girls ag teacht le chéile arís go speisialta don Chorn Domhanda san Afraic Theas, dúirt Posh nár chuala sise tada Victoria Beckhamfaoi, agus go bhfuil sí róghnóthach lena leithéid a dhéanamh faoi láthair pé scéal é. Tá Bean Uí Beckham ag díriú ar an gcaitheamh aimsire is dúil di na laethanta seo: faisean! Sna sála ar Sheachtain na bhFaisean den scoth i Nua Eabhrac níos luaithe i mbliana, tá sí ag obair go dícheallach ar an chéad bhailiúchán éadaí VB eile cheana féin. Is breá léi a post nua mar dhearthóir agus ní dócha go gcuirfidh sí críoch leis le dul ar ais ag canadh, go fóilleach cuma ar bith! D’aontaigh Emma Bunton le Posh, ag rá nár cheap sí go mbeadh an t-am ag aon cheann de na cailíní tabhairt faoi chamchuairt eile faoi láthair. Beidh orainn muid féin a shásamh leis na seanchéirníní Spice mar sin chun ár saol a spíosrú beagáinín…

Bad news boys and girls: the Spice Women will not be making a band-comeback anytime soon, no matter how many rumours ye may hear! Spice Girl sing-alongs’ll just have to keep us going…sigh…

Ghlac Cheryl Cole buíochas le lucht tacaíochta an X-Factor an tseachtain seo caite i ndiaidh di a chéad singil Cheryl Cole Fight For This Loveaonair a chanadh ar an dara clár den tsraith cháiliúil. Chan Cheryl Fight For This Love beo ar an gclár sna sála ar ghearráin ó dhaoine nuair a dúirt sí ar dtús go mbeadh leagan réamhthaifeadta den amhrán nua á chasadh aici. Bhí cairde léi ón mbanna Girls Aloud agus a fear céile sa stiúideo chun tacaíocht a thabhairt di ar an oíche. Dúirt Cheryl go raibh sí an-bhuíoch as an gcabhair ar fad a fuair sí ó lucht leanúna an chláir, ó Simon Cowell agus ó na moltóirí eile go dtí seo. Agus Robbie Williamsmeasann muidne i bPopNuacht go ndearna sí an-jab go deo den seó! Is breá linn leagan amach nua an X-Factor i mbliana freisin, áit go mbíonn mór-réaltaí ó shaol an phopcheoil ag casadh ar chlár na dtorthaí oíche Domhnaigh, cé go mbíonn muid mífhoighneach leis na torthaí féin a chloisteáil oíche Shathairn dar ndóigh. Ach lena leithéid de Robbie Williams, Alexandra Burke, Whitney Houston agus go leor eile le teacht ar an gclár, ní haon ionadh é nach féidir linn fanacht leis an gcuid eile den tsraith a fheiceáil! Sceitimíní…

Judge-turned-performer Cheryl Cole thanked everyone for their support after her exclusive live performance of Fight For This Love on this year’s X-Factor¬ and we’re loving the new star-studded format!

Tá cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil an buachaill báire Russell Brand tar éis titim i ngrá – le Katy Perry! Is cosúil gur chaith an fear grinn conspóideach agus an t-amhránaí álainn Perry tréimhse le chéile sa Twitter Katy PerryTéalainn an mhí seo caite. Agus de réir chuntais Twitter na beirte, bhain siad araon an-sult as an saoire! Deirtear gur bhuail an lánúin ag cóisir de chuid Lady GaGa le déanaí agus go bhfuil siad ag cliúsaíocht le chéile ó shin! Beidh Brand in Éirinn le gig a dhéanamh san O2 i mBaile Átha Cliath ar na mallaibh, agus tá Katy le gradaim fhíseáin Eorpacha MTV a chur i láthair ag tús na míosa seo chugainn freisin. Leis an mbeirt réalt mhór seo chomh gnóthach agus atá siad faoi láthair, n’fheadar cathain a bheas am acu caidreamh a chothú! Fiosróimid an scéal daoibh ar Twitter a chairde…

Love is in the air…lah lah lah…looks like bad-boy Russell Brand has finally met his perfect match in feisty Katy Perry!

Tá sé ráite ag nuachtáin i Londain go bhfuil fearg an domhain ar chomharsana réalt áirithe faoi láthair. Is cosúil go bhfuil an réalt mór le rá seo ag baint leasa as árasán léi mar sheomra cleachta le tamall anuas, áit Madonna ag damhsago mbíonn sí ag damhsa agus ag canadh ann i mbarr a gutha nach mór gach lá. De réir na dtuairiscí, bíonn an torann chomh dona sin go gcuireann sé isteach ar na comharsana go léir agus rinne cónaitheoirí an fhoirgnimh bagairt ar lucht bainistíochta an árais le déanaí chun stop a chur leis an raic ar fad ann. Cé hí an réalt mór le rá seo, an diva atá ag cur a comharsan as a meabhair ar fad? Cé eile ach banríon an phopcheoil - Madonna! Cheannaigh Madonna árasán amháin sa bhfoirgneamh sa bhliain 1992, agus cheannaigh sí árasán eile sa bhloc céanna anuraidh. D’athraigh sí an dara hárasán ina stiúideo go luath ina dhiaidh sin, agus is ann atá sí ag cleachtadh go laethúil anois. Tá sé ráite go bhfuil seans ann go mbeidh cás cúirte i gceist mura stopann Madonna ag cleachtadh ann gach lá. Níl bainisteoirí an fhoirgnimh ag iarraidh Madonna a chaitheamh amach ón árasán ach tá siad faoi bhrú leis an bhfadhb a réiteach. Yikes…táimid buíoch go réitíonn muidne i bPopNuacht go han-mhaith lenár gcomharsana féin – ligeann siad dúinn canadh as tiúin, i mbarr ár ngutha go rialta gan aon fhadhb!

Uh-oh spaghetti-ohs, it seems Madonna’s neighbours in London are none too impressed that she’s using her second apartment as a studio to sing her heart out and to dance the night away!

Buíochas le Miriam Maher as scéalta na seachtaine seo.

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here