FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Top 40 Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

N-Dubz Imithe?

Tá an rapcheoltóir Fazer tar éis beag a dhéanamh de na ráflaí go bhfuil N-Dubz i ndiaidh scoilteadh ó chéile, ag rá go bhfuil sé lánchinnte de go mbeidh albam eile á thaifead ag an ngrúpa ó Camden amach anseo. Thug an príomhamhránaí Dappy le fios nach labhraíonn sé lena chol ceathrar agus comhghleacaí N-Dubz Tulisa a thuilleadh, ach dúirt Fazer go bhfuil gach rud go breá sa bhanna agus in ainneoin go bhfuil a rud féin á dhéanamh ag an triúr acu faoi láthair, rachaidh siad ar ais chuig an stiúideo le chéile amach anseo. Tharraing Tulisa clú uirthi féin agus í ina breitheamh ar an X Factor fad agus a bhí Dappy i mbun albam aonair a thaifead anuraidh, agus tá Fazer anois ag tabhairt faoi shaothar dá chuid féin a eisiúint níos déanaí i mbliana. Bhí Fazer agus Tulisa ag siúl amach le chéile ar feadh breis agus bliana, ach scoilt siad ó chéile an mhí seo caite. Is cosúil go dtaitníonn an saol singil le Tulisa áfach, agus tá amhrán dá cuid féin réidh le heisiúint go luath aici freisin – beidh le feiceáil an éiríonn leis an triúr seo teacht ar ais le chéile faoin ainm N-Dubz ar chor ar bith amach anseo!

So Dappy isn’t talking to cousin and bandmate Tulisa, Tulisa and Fazer are no longer going out, and all 3 of them are working on solo projects – will N-Dubz ever record another album together?