Gig Nuacht Ar Éileamh Iarratais Baile PopNuacht Top 40 Éist Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Móshamhna Shona!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Iomaitheoirí X-Factor 2009Tá dea-scéala againn do leantóirí an X-Factor atá buartha nach mbeidh an bua ag an amhránaí is fearr leo ar an gclár – tá an dáréag ádhúil a bhain áit amach ar an seónna beo tar éis singil a thaifead do charthanacht speisialta arís i mbliana! Is cuma cé acu ab fhearr leat – Jedward, Ollie, Lucie nó Stacey – beidh gach uile duine acu le cloisteáil ar an amhrán nua carthanachta d’Ospidéal na bPáistí, Sráid Ormond Mór, sa Bhreatain. Leagan nua d’amhrán clúiteach Michael Jackson, You Are Not Alone, atá i gceist agus bhí sé le cloisteáil ar an gclár an tseachtain seo You Are Not Alone le hiomaitheoirí an X-Factor 2009caite. Tá an singil ar díol faoi láthair agus tá súil ag na hamhránaithe ar fad go mbeidh siad in ann méid mór airgid a bhailiú don ospidéal roimh na Nollag. D’éirigh le lucht an X-Factor £1 milliún a ghnóthú don charthanacht Help for Heroes leis an singil a d’eisigh siad anuraidh, a leagan den amhrán Hero le Mariah Carey. Mar sin, má tá cara leat chomh gafa céanna leis an X–Factor agus atáimid i bPopNuacht – tá a fhios agat cén bronntanas Nollag le ceannach dóibh anois, nach bhfuil?!

If you’re worried your fav X-Factor finalist won’t make the cut, don’t worry – all 12 finalists have recorded MJ’s You Are Not Alone in aid of Great Ormond Street’s Children’s Hospital. Perfect Christmas pressie!

Liam GallagherTá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil Liam Gallagher chun banna ceoil nua a thosú sna sála ar a dheartháir Noel ag fágáil Oasis. Dúirt Liam in agallamh le stáisiún raidió Iodálach le déanaí go bhfuil sé ag cumadh amhrán úr le hiarbhaill an bhanna, Colin Archer, Andy Bell agus Chris Sharrock. Is é sin, gach éinne seachas Noel mar sin…más cuimhin libh an scéal a luamar libh siar i mí Mheán Fómhair, dúradh gur bhris an banna ó chéile tar éis argóinte uafásaí idir na deartháireacha Gallagher roimh cheolchoirm i bPáras i mí Lúnasa. Tharla an troid ar chúl an stáitse, áit gur briseadh giotár Liam i gcaitheamh na hargóinte de réir na scéalta, agus cuireadh an cheolchoirm ar ceal. Dar le Liam, beidh ainm nua ag an mbanna úr agus tá sé ag súil le bogadh ar aghaidh ó Oasis. Tá suim againn a fheiceáil conas mar a éiríonn leo gan Noel…

Liam Gallagher’s putting a brand new band together with Colin Archer, Andy Bell and Chris Sharrock. Oasis minus Noel then…hmmm…

Robbie Williams agus Gary Barlow ag ceolchoirm charthanachta Children in NeedBhí Robbie Williams agus Take That ar ais ar an stáitse céanna don chéad uair i 15 bliana ag an gceolchoirm don charthanacht Children in Need le déanaí – sa deireadh thiar thall! D’fhág Robbie Williams an banna in 1995, ag fágáil na milliún cailíní óga croíbhriste, agus d’éirigh go hiontach leis sna cairteacha mar cheoltóir aonair. Deirtear go raibh nimh neanta idir Robbie agus Gary Barlow ó shin, ach is cosúil go bhfuil cúrsaí réitithe acu le déanaí agus tá caint ann le tamall anuas go bhfuil Robbie ag filleadh ar an ngrúpa. Woo! Ach bhí díomá i ndán do lucht leanúna an bhanna a bhí ag súil go mbeadh na buachaillí ag canadh amhrán Take That le chéile sa Royal Albert Hall i Londain ag an Children in Need Rocks the Royal Albert Hallgceolchoirm. Chuir Gary, Mark, Howard agus Jason tús spleodrach leis an seó leis an amhrán Greatest Day sular chuir siad Robbie in aithne don slua – ach ansin d’fhág na buachaillí an stáitse le ligean do Robbie a shingil nua Bodies a chanadh. Ina aonar! Beidh orainn fanacht tamaillín eile leis na leaids uilig a fheiceáil ar ais ag casadh le chéile is cosúil…

Take That became 5 again as Robbie Williams joined the boys onstage at the Children in Need concert recently – only for them to leave him do his thing and to sing solo! Sigh…no reunion just yet then…

Tá gach duine i bPopNuacht Raidió Rí-Rá iontach sásta a chloisteáil go bhfuil Rihanna ar ais i mbarr a réime arís le ceolchoirm den scoth i Londain le déanaí! Rinne Rihanna an guthán Nokia X6 a sheoladh ag ócáid Rihanna le Jay-Z agus Beyoncé ag an Broxton Academyspeisialta sa Brixton Academy an tseachtain seo caite. Chas sí amhráin ón albam nua dá cuid, Rated R, agus tháinig Jay-Z ar an stáitse le casadh ina teannta freisin. Ní Jay-Z an t-aon réalt mór le rá a bhí i láthair ar an oíche áfach. Bhí a leithéid de Neve Campbell, Emma Bunton agus Keisha Buchanan sa lucht féachana agus tháinig réaltaí amhlaidh Beyoncé agus JLS le dul i mbun na cóisire ag an gclub Mahiki i ndiaidh an ghig. Cé go bhfuil téama is bhfad níos dorcha ag singil úr Rihanna, a scríobh Ne-Yo di, is breá linne anseo i bPopNuacht Russian Roulette agus tá súil againn go n-éiríonn thar cionn leis sna cairteacha. Sin an áit is dúil don bhanamhránaí álainn seo a bheith – ar an stáitse agus i mbarr na gcairteacha!

Rihanna’s back on track with a hot new single
Russian Roulette and a star-studded performance in the Brixton Academy recently - wowza!

Croiméal fhaiseanta!Más rud é gur cheap tú go raibh croiméal le feiceáil ar líon mór d’fhir na tíre seo le déanaí, ná bí buartha, níl nós faiseanta nua tosaithe acu – seans gurb é an feachtas Movember is cúis leo! Déanann an charthanacht Movember iarracht fir a spreagadh dul gan bhearradh agus croiméal a chaitheamh le linn mhí na Samhna gach bliain. Móshamhna aon duine?! Is iarracht é an feachtas aird an Movemberphobail a dhíriú ar fhadhbanna bainteach le sláinte na bhfear, go háirithe le hailse na bhfear. Tá ag éirí go hiontach leis an bhfeachtas faoi láthair, ní hamháin in Éirinn, ach i dtíortha eile ar fud na cruinne. Tá am fós ann le páirt a ghlacadh, mar sin téigh go www.movember.com agus cuir uait an rásúr ar feadh míosa ar son na cúise!

Movember is upon us! Don’t fear the men with moustaches ladies, it’s all for a good cause so get the man in your life to check out www.movember.com to take part. Happy Movember!

Buíochas le Judy-Meg Ní Chinnéide as scéalta na seachtaine seo.

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here