An Chraic

mnasacheol2

Mná sa cheol

Le déanaí foilsíodh tuairisc a thaispeáin go raibh éagothromaíocht ollmhór ar stáisiúin raidió ó thaobh amhráin le ceoltóirí Éireannacha de. Thaispeáin sé gur le níos lú ná 10% de na hamhráin Éireannacha ar an raidió le ceoltóirí baineanna. Linda Coogan Byrne, atá mar bhainisteoir stiúrtha Good Seed PR, gníomhaireacht caidrimh phoiblí a dhíríonn ar an gceol, a bhailigh an t-eolas agus a chuir ar fáil go poiblí é.

Nuair a chuirtear liosta le cheile do gach stáisiún den 20 amhrán le ceoltóirí Éireannacha is mó seinm idir Mheitheamh 2019 agus Meitheamh 2020, aimsíodh gur RTÉ Radio 1 an t-aon stáisiún le comhionannas idir fheara agus mhná. Is a mhalairt ar fad atá ann le roinnt staisiúin eile, go minic 10% nó níos lú, nó níos measa fós, gan bean ar bith le feiceáil ar an liosta.

Tuairisc iomlán ar fáil anseo: https://www.canva.com/design/DAD_kmfQraE/LacXD6V8n_UGaOkS3r1Giw/view

Má theastaíonn uait níos mó tacaíochta a léiriú do mhná na hÉireann i saol an cheoil, seo cúigear íontach le tosú leo!

mnasacheol

 

1. Soulé

  • Éacht atá bainte amach ag Soulé le ceithre bliana anuas ónar eisigh sí a céad singil ‘Love No More’ in 2016. Anuraidh, bhí an t-amhrán ba mhó le bean Éireannach de 2019 aici le Love Tonight, a bhí le cloisteáil i ngach áit, ón raidió go fógraí Love Island! Ainmníodh Love Tonight do ngradam Amhrán na Bliana ag na gradam ‘RTÉ Choice Music Prize’ agus dhíol sí amach Lost Lane san Ardchathair Mí Meán Fómhair seo chaite!
  • https://www.youtube.com/watch?v=S81os4EFWts

 

2. Laoise

 

3. ELKAE

  • Ag meascadh uirlisí ar nós an pianó le ceol leictreonach, is í ELKAE duine de na ceoltóirí is suimiúla atá le feiceáil in Éirinn faoi láthair. Céimí BIMM, cosúil le roinnt mhaith den talann nua is fearr den tír seo, ní amháin go scríobhann sí a cuid ceoil ach an léiriú a dhéanamh air freisin!
  • https://www.youtube.com/watch?v=tyHSEraiJaE

 

4. Erica Cody

 

5. RuthAnne

  • Ar eagla na heagla nár chuala tú trácht ar RuthAnne go dtí seo, tá tú cinnte in aithne lena cuid oibre. Ag tosú mar scríbhneoir (amhráin ar nós ‘Too Little too Late’ le JoJo, ‘In The Name Of Love’ le Martin Garrix agus ‘Slow Hands’ le Niall Horan ina measc), tá sí mar cheoltóir di féin anois le hamhráin ar nós Love Again agus The Vow, a bhí le cloisteáil ar an finale de Love Island an samhradh seo chaite! An togra is déanaí atá aici ná ‘Dreams’ le Irish Women In Harmony, clúdach an t-amhráin clúiteach le The Cranberries a shroich Uimhir 1 ar an gcairt dúchasach Éireannach an tseachtain seo chaite!
  • https://www.youtube.com/watch?v=IcN6KCQwnPg