MGMT agus MTV In Éirinn!
Hi agus fáilte go PopNuacht Raidió Rí-Rá anseo ar RRR.ie!
Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht gur seó iontach a bhí ann ag na gradaim Meteors a bhí ar siúl le déanaí. Chuir a leithéid de na Coronas, Pixie Lott, The Script, Dizzee Rascal agus go leor ceoltóirí iontacha eile taispeántas den scoth ar siúl don slua. Ba é an t-aon drochscéal ón oíche ná go raibh ar
Snow Patrol a dtaispeántas a chur ar ceal, toisc gur bhris príomhamhránaí an bhanna Gary Lightbody a ghiall. Chuir Amanda Byram an seó i láthair don dara bhliain as a chéile agus rinne sí an-jab de! Bronnadh gradaim éagsúla ar na Coronas, The Script agus Snow Patrol ag an ócáid. Fuair an fear é féin Christy Moore an gradam don amhránaí fireann Éireannach is fearr, le Wallis Bird ag buachaint an ceann don bhanamhránaí is fearr. Bhain Westlife an gradam don bhanna popcheoil Éireannach is fearr amach don deichiú bliain as a chéile freisin - comhghairdeas lads!
All the hottest musical talents won awards at the Meteors recently, The Coronas, The Script and Westlife being crowned the best of the Irish lot!
Ní féidir linn a chreidiúint an oiread ceoltóirí iontacha a bheas ag Oxegen i mbliana! Is cinnte go mbeidh an
fhéile i mbliana an ceann is fearr a eagraíodh go dtí seo, le cur i láthair ó rapcheoltóirí Eminem agus Jay-Z, DJanna Armand Van Heldan, Faithless, Simian Mobile Disco agus Steve Angello. Ní hamháin sin ach beidh bannaí de gach sórt ag casadh ann, ó na Black Eyed Peas, The Prodigy agus Florence and the Machine go Muse, Gossip, Goldfrapp agus Empire of the Sun, chomh maith le hamhránaíocht ó John Mayer, La Roux agus Paulo Nuitini. Is iad sin na daoine atá deimhnithe go dtí seo ach tá níos mó le teacht! Beidh ticéid ar díol ag 8 a chlog maidin Aoine an 12 Márta.
This year’s Oxegen line-up is looking pretty amazing already with the likes of Jay-Z, Goldfrapp, Black Eyed Peas, Muse, La Roux and Paulo Nuitini playing!
Ní chreidfidh sibh é seo a chairde! Tá an cúpla ceoil Meiriceánach MGMT chun gig a chasadh i mBaile Átha Chliath i mí an Mhárta. Tá siad camchuairt an-bheag á déanamh acu agus roghnaigh siad Éire mar cheann de na stopanna ar an gcamchuairt speisialta seo! Bhuaigh MGMT an gradam don bhanna nua is fearr ag na Gradaim NME i 2009 agus chuaigh siad ó neart go
neart ó shin, le Grammy don bhanna nua is fearr buaite acu an bhliain seo freisin. Bhain an banna clú agus cáil amach anseo in Éirinn nuair a chualamar an t-amhrán Time to Pretend don chéad uair ar an gclár teilifíse Skins. Tá siad díreach ar tí a n-albam nua Congratulations a eisiúint ar an 9 Aibreán, agus tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil seans againn réamhéisteacht de hamhráin ón albam a fháil ag an gceolchoirm! Tá siad ag casadh san Academy sa phríomhchathair ar an 20 Márta. Ní féidir linn fanacht!
MGMT are stopping in Dublin this March as part of their special exclusive mini-tour this year. Woop!
Bhí áthas an domhain orainn i bPopNuacht a chloisteáil gurb iad Kasabian na buaiteoirí is mó ag na Gradaim Shockwaves i mbliana. Bhuaigh Kasabian an gradam don albam is fearr agus as an ealaín albaim is fearr.
Bhain Muse an gradam don bhanna Briotánach is fearr amach, chomh maith leis an gceann don suíomh idirlín is fearr. Ainmníodh Matt Belamy ó Muse mar an fear is dathúla don bhliain 2010 freisin agus caithfimid a rá go n–aontaíonn muid leis an méid sin! Chas ceoltóirí ar nós Kasabian, Lily Allen, Marina and The Diamonds, agus The Big Pink ar an oíche. Níl ionadh ar bith orainn gur bhuaigh na Arctic Monkeys an gradam don bhanna beo is fearr tar éis a gcamchuairt ollmhór dar teideal Humbug a dhíol amach go hiomlán. Is é an rud a chur an-ionadh orainn áfach, ná nár bhuaigh Oasis gradam ar bith ag an ócáid! Bhuaigh Lady Gaga an gradam don bhean leis an bhfaisean is measa agus is fearr araon…bhuel ní raibh mórán comórtais aici anois an raibh?!
Kasabian bring home the bacon from the Shockwaves Awards while poor Oasis go empty-handed…
Tá seans ann go mbeidh na Gradaim MTV Eorpach 2010 ar siúl anseo in Éirinn! Seoladh feachtas ar Facebook le déanaí chun na Gradaim MTV a thabhairt go hÉirinn tar éis do MTV iarraidh ar an bpobal cén áit gur mian
leo go mbeadh na gradaim ar siúl i 2010. Tá 5,500 leantóir ar an leathanach Facebook faoi láthair agus deirtear go bhfuil an líon ag fás ag ráta 1,000 duine in aghaidh an lae! Bíonn
na gradaim ar siúl i gcathair Eorpach difriúil gach bliain agus bhí siad sa Ghearmáin don cheathrú uair an bhliain seo caite. Chas ceoltóirí dá leithéid na Spice Girls, Justin Timberlake, agus fiú Madonna ag an ócáid san am atá thart. Níor cuireadh na gradaim ar siúl anseo in Éirinn ó 1999 ach tá muidne anseo i bPopnuacht fós dóchasach don bhliain seo!
Are you one of the 5,000+ Facebook followers that are campaigning to bring the MTV European Music Awards to Ireland in 2010?!
Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here



















