An Chraic

581914_989541631082027_1382112504206709221_n

Léirmheas: My Name Is Emily

12A, 94 nóiméad

Seánra: indie, dráma, grá

Le: Evanna Lynch, Michael Smiley, George Webster agus Deirdre Mullins

Seo é an chéad scannán fada scríofa agus stiúrtha ag Simon Fitzmaurice. Tá an galar néarón luadrach ag Fitzmaurice – d’éirigh sé tinn leis an ngalar i 2008, ach bhí sé dírithe ar an scannán – agus a leabhar, It’s Not Yet Dark – a chríochnú ar aon nós. Scríobh sé an scannán ar fad lena shúile agus leis an mbogearra speisialta, Eye Gaze – agus ní féidir é a shéanadh, go bhfuil na torthaí iontach.

Mothaíonn Emily i gcónaí go bhfuil sí éagsúil – rinneadh bulaíocht uirthi ar scoil ó bhí sí óg, toisc go raibh sí difríuil ó pháistí eile. Ach fuair sí sólás óna hathair [Michael Smiley], a raibh ina scríbhneoir cáiliúil. Nuair a fhaigheann a máthair [Deirdre Mullins] bás i dtimpiste gluaisteáin ar lá breithe Emily, caileann a hathair greim ar réadúlacht an tsaoil agus éiríonn sé tinn leis an meabhairghalar. Tá Emily agus a hathair scartha óna chéile ionas gur féidir leis cabhair a fháil dó féin. Briseann croí Emily nuair a chaileann sí a hathair agus téann sí chun cónaí i mbaile altrama.

Nuair a bhuailimid le hEmily, tá sí ag tosnú i scoil nua, agus arís, ceapann gach duine go bhfuil sí éagsúil. Ní réitíonn sí go maith le go leor acu. Ach tugann duine amháin í faoi deara – buachaill ó Shasana darbh ainm Arden [George Webster] agus thiteann sé i ngrá léi.

Téann an bheirt acu ar thuras chun athair Emily a scaoileadh ón ospidéal meabhairghalair, agus cuireann siad aithne cheart ar a chéile agus iad ar an mbealach.

Is scannán álainn agus rómánsúil é My Name is Emily, agus tá draíocht speisialta ag baint leis. Cinnte, tá na tréithe tipiciúil ó scannán indie le brath ann – an buachaill rómánsúil ag titim i ngrá leis an gcailín mistéireach, an turas sa tsean-ghluaisteán, an ceol indie i rith an scannáin – ach tá níos mó i gceist leis an scannán seo. Is cuntas é den saol deacair atá ag an gcailín óg seo, agus an tionchar atá ag an meabhairghalar ar a saol.

Is cuimhin linn ar fad Evanna Lynch, a bhí i bpáirt Luna Lovegood sa tsraith Harry Potter. Tá sé éasca a rá go bhfuil go leor cosúlachtaí idir Luna agus Emily, ach ag an am céanna is í Evanna Lynch an duine is fearr do ról an charachtair seo. Agus éiríonn go hiontach léi. Tá meon neamhghnách ag Emily ar an saol, agus tagann sé seo óna hathair, don chuid is mó.

Tá an bheirt phríomh-charachtar, Lynch agus Webster, go han-mhaith lena chéile ar an scáileán. Chuir an cheimic a bhí eatarthu an caidreamh a bhí idir Hazel agus Augustus sa scannán The Fault in Our Stars i gcuimhne dúinn. Arís, titeann an buachaill rómánsúil don cháilín le neart deacrachtaí.

Tá go leor ceachtanna le foghlaim ón scannán – nach bhfuil gach rud – agus gach duine – mar a fheictear iad ar dtús, ach go háirithe. Pléann an scannán le topaicí deacra – an mheabhairshláinte, an choimhlint a bhaineann leis an ógántacht, agus an bás. Foghlaimíonn Emily agus Arden ceann de na ceachteanna is deacra – nach bhfuil ár dtuismitheoirí foirfe, ach gur gnáthdaoine iad, cosúil linn féin, agus nach bhfuil freagraí an tsaoil ar fad acu. Creidimid a mhalairt agus muid inár bpáistí.

Úsaidtear tráchtaireacht agus guthú go han-mhinic sa scannán chun smaointe Emily a léiriú go sonrach. Faighimid léargas níos doimhne ar scéal Emily leis na teicnící seo.

Is scéal saibhir agus fileata é My Name is Emily, lán le mothúchán agus íomhánna deasa. Agus is féidir linn comhbhá a dhéanamh leis na carachtair. Cuireann an scannán muid ag ceistiú réadúlacht an domhain, na daoine agus na sochaithe atá mórthimpeall orainn.

Beidh My Name Is Emily le fheiceáil sa phictiúrlann ó 8 Aibreán 2016. Féach ar an réamhfhógra thíos:

 

Chun níos mó eolais a fháil, téigh go dtí www.mynameisemilythefilm.com nó www.facebook.com/MyNameIsEmilyFilm