Jedward Go Deo
Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!
Má tá sibh ag mothú Jedward uaibh ón X-Factor mar atáimidne anseo i bPopNuacht, beidh áthas oraibh a chloisteáil nach bhfuil an deireadh i ndán dóibh fós! Is cosúil nach leor do na leaids ó Leamhcán páirt a ghlacadh sa chlár Nollag is mó in Éirinn - The Late Late Toy Show dar ndóigh - taobh le réaltaí
móra ar nós Westlife agus an fear beag a chuirfidh caoi ar bhur gclog, John Joe. Más fíor do na ráflaí, tá léiritheoirí na Simpsons ag iarraidh go mbeadh an cúpla cáiliúil le feiceáil ar an gclár Meiriceánach amach anseo freisin! De réir dealraimh, níl aon rud cinnte fós ach dúirt urlabhraí ón gclár go bhfuil spéis acu sna déagóirí go cinnte. Ní haon rún é go mba bhreá le John agus Edward dul i mbun aisteoireachta taobh le Bart, Homer agus an chuid eile de mhuintir na Simpsons. Má tá lámh ag Louis Walsh sa scéal, an-seans go mbeidh blas Bleá Cliathach le cloisteáil ar an gclár gan mhoill, bígí ag súil leis!
Jed-mania has even spread to the US where the makers of The Simpsons are reportedly looking to get the twins on the programme! Like, oh my God, that’d be way cool dude…
Tá cloiste againn i bPopNuacht go mbeidh albam nua á eisiúint ag an gceoltóir Ke$ha go luath sa bhliain úr agus ní féidir linn fanacht! Shínigh sí conradh taifeadta le RCA níos luaithe i mbliana agus ise a chanann an t-amhrán gafach sin Tik Tok atá ag barr na gcairteacha le tamall anuas. Tá boc mór an rapcheoil, P Diddy, le cloisteáil ar an singil chéanna ach ní hí seo an chéad uair do Ke$ha dul i mbun oibre le ceoltóir mór le rá. Chan sí ar an singil iontach rathúil Right Round le Flo Rida, is cara í le Katy Perry agus bhí sí le feiceáil sa bhfíseán I Kissed A Girl in éindí léi. D’oibrigh sí le Taio Cruz ar an amhrán Dirty Picture chomh maith agus bhí sí mar thaca ag Calvin Harris ar camchuairt sa Bhreatain le déanaí freisin. Níl aon stop léi! Tá sí ar ais sa stiúideo ag obair ar a saothar féin anois áfach, agus le cabhair cúpla léiritheoir den scoth darb ainm Dr Luke agus Max Martin, táimidne i bPopNuacht den tuairim gur albam iontach a bheas ann. Ceannóimid dúinn féin é mar bhronntanas Nollag beagáinín déanach!
We think Ke$ha’s new album will make the perfect New Year’s present to ourselves…heehee!
Bhí Pixie Lott ag rá le déanaí nach bhfuil mórán ama di féin na laethanta seo, agus tuigeann muid di! Bhí an t-amhránaí álainn in Éirinn an mhí seo caite chun réimse nua guthán de chuid Nokia a sheoladh i siopaí an Carphone Warehouse, ag casadh a singil nua Cry Me Out agus ag síniú cóipeanna dá halbam do dhaoine. I gcaitheamh na míosa céanna, chas sí ag Gradaim Cheoil MTV i mBeirlín, is beag nár bhuail sí le Beyoncé agus d’fhreastail sí ar chóisir nó dhó is cosúil, seoladh albaim Mariah Carey i Londain san áireamh. Nach deas di é! Ní hamháin sin ach bhí sí ina mainicín d’fhaisean an gheimhridh don iris stíle InStyle chomh maith agus tá sí le feiceáil ar chlúdach na hirise an mhí seo. Agus deirtear linn go gcasann sí ceol scaití freisin…
Pixie Lott has been run off her feet recently, launching new phones and jetting to Berlin between modelling for a fashion magazine and, oh yeah, playing some music! It’s a hard knock life eh…
B’fhéidir nach cuimhin linne i bPopNuacht cé hé Gary Numan - réalt ceoil a tháinig chun cinn sa Bhreatain sna 1980idí, bíodh a fhios agaibh - ach is cinnte go bhfuil clú agus cáil ar a chuid ceoil. Bhunaigh na Sugababes a gcnag ollmhór Freak Like Me ar fhonn an amhráin Are ‘Friends’ Electric? dá chuid, agus tá rian de M.E. le Numan le cloisteáil san amhrán Where’s Your Head At? le Basement Jaxx. Sa bhreis air sin, baineann léiritheoirí mór le rá ar nós Dr Dre, na Neptunes agus Timbaland leas as giotaí ceoil de chuid
Numan go minic, nuair atá scoth na n-amhrán R&B á gcumadh acu dúinn. Tá sceitimíní orainn i Raidió Rí-Rá mar sin, ó tá sé cloiste againn go raibh Numan ag dul i mbun oibre le banphrionsa an phopcheoil ó Blackpool, Victoria Hesketh - nó Little Boots mar is fearr aithne againn uirthi! Bhí bliain iontach ag an mbean bheag go dtí seo, le halbam nua eisithe aici agus amhráin dá cuid sa bharr 10 i gcairteacha ar fad tréimhsí fada, agus go deimhin is breá linn í. Táimid ag súil leis an chéad singil eile uaithi cheana féin le teacht sna sála ar rath New In Town agus Remedy: woo!
‘80s synthpop prince Gary Numan, the man behind the original music sampled in Sugababes’ Freak Like Me and Basement Jaxx’s Where Your Head At?, was in the studio with Little Boots recently. Woop!
Ainmníodh na ceoltóirí a bheas in iomaíocht chun gradam Grammy a bhuachaint ag searmanas na bliana seo
chugainn le déanaí, agus is cosúil gur ceolchoirm den scoth a bhí san ócáid! In ainneoin nach raibh i gceist ach na hainmniúcháin a thabhairt – is é sin le rá nár bhuaigh éinne aon rud ar an oíche - bhí an t-uasal LL Cool J ag cur an tseó i láthair beo ar an teilifís agus chas réaltaí móra dá leithéid Black Eyed Peas agus
Nick Jonas mar chuid den chlár speisialta. Ba é seo an chéad uair don deartháir is óige ó na Jonas Brothers gig a chasadh lena bhanna nua, Nick Jonas and the Administration, ach d’éirigh thar cionn leo is cosúil! Chan siad an t-amhrán Who I Am ón albam den ainm céanna a rinne an banna a thaifead le déanaí i Nashville. Maith thú féin Nick, ní féidir linn fanacht le cluas a chur leis an gcuid eile den albam!
It seems the youngest of the Jonas brothers has gone all grown up with his new band, Nick Jonas and the Administration, and performed live with them at the Grammy nominations.
Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here



















