FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Imelda May ag na Grammys

Hi agus fáilte go PopNuacht Raidió Rí-Rá anseo ar RRR.ie!

Imelda MayChas an bhean Éireannach álainn, Imelda May, amhránaí Love Tattoo, ag na Gradaim Grammy i Hollywood le déanaí. Sna sála U2, ní hí ach an dara Éireannach chun an cuireadh a fháil le casadh ag an mórócáid cheoil seo. Comhghairdeas Imelda! Chan Imelda le Jeff Beck, ceoltóir mór le rá atá clú air as a scileanna giotáir. Chas siad amhrán le chéile in ómós do Les Paul, ceoltóir cáiliúil a bhfuair bás an bhliain seo caite. Chan siad cnag mór dá chuid, How High the Moon? agus bhreathnaigh níos mó ná 120 milliún daoine ar bhronnadh na nGrammys beo ar an oíche. Rinne Imelda agus Jeff BeckJeff jab den scoth den amhrán agus thuill siad an-mholadh ó na meáin in Éirinn agus i Meiriceá. Is í Imelda a bhuaigh an gradam don bhanamhránaí is fearr ag na gradaim Meteor níos luaithe i mbliana freisin, agus táimid anseo i Raidió Rí-Rá cinnte go bhfuil sí chun níos mó gradam a bhaint amach di féin gan mhoill. Síleann muid go bhfuil rudaí móra i ndán do Imelda May amach anseo, maith ‘bhean!

Our very own Imelda May performed at the Grammys last week. So proud!

Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht gurb iad Muse agus Stevie Wonder na príomhcheoltóirí a bheas ag casadh ag an bhféile Glastonbury oíche Shathairn agus oíche Dhomhnaigh i mbliana. Deimhníodh cheana Glastonbury 2009féin go mbeidh na buachaillí Éireannacha, U2, ar an bpríomhstáitse oíche Aoine agus ní féidir linn fanacht! Tá Glastonbury 40 bliain ar an bhfód i mbliana, mar sin is cinnte go mbeidh ceiliúradh ollmhór i ndán do lucht na féile i mí an Mheithimh. Measann muid go mbeidh iontas nó dhó i ndán don lucht freastail le linn an deiridh sheachtaine freisin - tá ráflaí cloiste againn go mbeidh Florence and the Machine, Radiohead, Fatboy Slim agus na Chemical Brothers ag casadh i rith na féile freisin, ach níl aon rud deimhnithe go cinnte fós! Faraor, níl ticéad ar bith fágtha don bhféile Glastonbury i mbliana. Ach ní drochscéal go huile ‘s go hiomlán atá againn daoibh a chairde, tá ticéid fós ar díol don Phicnic Leictreach agus Oxegen in Éirinn, mar sin ar aghaidh libh go gasta len’iad a cheannach!

Muse, Stevie Wonder and U2 are headlining this year’s Glastonbury, woop!

Amhranaithe We Are The World ó 1985Tá sé deimhnithe go bhfuil cuid de na réaltaí ceoil is mó i Hollywood le teacht le chéile chun amhrán speisialta a chasadh ar son mhuintir Háítí. Tá siad chun an cnag ó na ‘80idí We Are The World a eisiúint chun airgead a bhailiú do mharthanóirí an chreatha talún. Scríobh Michael Jackson agus Lionel Richie an t-amhrán i 1985 chun airgead a bhailiú do mhuintir na hAfraice a bhí ag fulaingt ghorta uafásach, sna sála ar rath an amhráin Band Aid Do They Know It’s Christmas? sna cairteacha. Amhranaithe We Are The World ó 2010Bhí Jacko, Lionel, Bob Dylan agus Billy Joel i measc na n-amhránaithe a chas an tsingil 25 bliain ó shin. D’éirigh le díolacháin an amhráin níos mó ná $63 milliún a bhailiú. Tá súil againn go mbeidh an t-ádh céanna ag an tsingil an uair seo freisin! I measc na gceoltóirí atá lena nguth a chur leis an amhrán seo, tá Kanye West, Snoop Dog, Akon, Celine Dion, Enrique Iglesias agus Justin Bieber - cé nach bhfuil sé ach 15 bliana déag d’aois – nach air atá an t-ádh!

Kanye West, Akon and Snoop Doggy Dog are just some of the voices that will be heard on the re-release of the ‘80s charity single, We Are The World, in aid of Haiti victims.

Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil an réalt teilifís réaltachta Katie Price tar éis buachaill Alex Reid agus Katie Price ag pógadhbocht eile a pósadh! Cé hé an fear ádhmhar an t-am seo? Alex Reid is ainm dó, trodaí MMA atá díreach i ndiaidh Celebrity Big Brother a bhuachaint. Deirtear go raibh bainis bheag, phríobháideach acu i Las Vegas an babhta seo, ceann an-difriúil ón mbainis eile a bhí aici nuair a phós sí Peter André. Bhí Katy pósta leis an amhránaí Astrálach Mysterious Girl ar feadh trí bliana go leith go dtí gur scar siad óna chéile, go han-phoiblí, níos luaithe i mbliana. Nuair a phós Peter Katie, bhí bainis ollmhór acu ar nós síscéil ghalánta, le gúna mór bándearg Barbie ar Katie agus gach rud. Is mór an difríocht an uair seo, agus níl Alex agus Katie ag siúl amach lena chéile ach le 7 mí anuas! Feicfimid an mairfidh an pósadh áirithe seo i bhfad…!

Reality TV star Katie Price and Celebrity Big Brother winner Alex Reid have married in Los Vegas!

Fógairt Ainmniúcháin na nOscars 2010Tá na hainmniúcháin do ghradaim na n-Oscar scaoilte ar deireadh agus níl ionadh ar bith orainn go bhfuil an scannán nua-aimseartha, conspóideach, 3-D Avatar ainmnithe don scannán is fearr i mbliana. I measc an iliomad ainmniúchán eile atá faighte ag an saothar, tá Avatar san iomaíocht leis na scannáin eile The Hurt Locker, Inglorious Basterds, Precious, Up, Up in the Air, A Serious Man, An Education, The Blind Side agus District 9 don ghradam áirithe seo. Tá ionadh an domhain orainn anseo i Raidió Rí-Rá nach bhfuil The HangoverStar Trek ainmnithe sa rannóg seo áfach. Is cosúil go bhfuil athrú mór tagtha ar chúrsaí Avatar N'avi Neytiriscannánaíochta le déanaí ó tá níos léiritheoirí agus stiúrthóirí ag dul i dtreo 3-D na laethanta seo. Tá sé cloiste againn i bPopNuacht go bhfuil Warner Brothers tar éis a rá go bhfuil siad chun an chéad scannán Harry Potter eile a léiriú i 3-D fiú! Dúradh go mbeidh an chéad chuid de Harry Potter and the Deathly Hollows le feiceáil i 3-D sna pictiúrlanna faoi cheann mhí na Samhna seo. Deirtear go mbeidh gach cluiche peile á thaispeáint i 3-D amach anseo freisin - craiceáilte!

Surprise, surprise,
Avatar is nominated for Best Motion Picture! Harry Potter could be next…

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here