Gig Nuacht Ar Éileamh Iarratais Baile PopNuacht Top 40 Éist Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Gossip Girl Imithe GaGa

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Sna sála ar rath na singlí is déanaí dá chuid sna cairteacha, ní haon ionadh é go raibh Jay-Z ag iarraidh dul Jay Z agus Alicia Keysdomhanda! Bhí sé féin agus Alicia Keys le cluichí corr na Sraithe Domhanda a oscailt leis an amhrán Empire State of Mind ag staid nua na Yankees i Nua Eabhrac le déanaí. Ach bhí an ceann is fearr ag an mbáisteach orthu is oth linn a rá! Is as Brooklyn don rapcheoltóir cumasach agus baineann focail an amhráin Empire State of Mind go dlúth lena chathair dhúchais. Bhí sé le bheith ina hábhar ollmhór bróid dó é a chasadh ag an ócáid mhór in éindí le Keys, ach bhí orthu an choirm a chur ar ceal de bharr na drochaimsire ar an oíche úd. Geata Brandenburg i mBeirlínIn ainneoin nár éirigh le Jay-Z tús a chur leis an tSraith Domhanda i mbliana áfach, chas sé i dteannta U2 ag Geata Brandenburg an tseachtain seo caite mar chuid de cheiliúradh ollmhór ar thitim Bhalla Bheirlín in 1989. Lean gradaim Eorpacha MTV ceolchoirm oscailte na leaids Éireannacha i mBeirlín agus d’éirigh le bean Jay-Z 3 ghradam a ghnóthú ag an searmanas do na hamhráin Halo agus Single Ladies (Put A Ring On It), agus don bhanamhránaí is fearr. Is cinnte gur lánúin chumasach cheolmhar iad Beyoncé agus Jay-Z pé scéal é!

Jay-Z had to reschedule his performance with Alicia Keys at the new Yankee stadium because of bad weather but at least he got to jam with our U2 lads in Berlin last week!

Muidne is fearr leis an gcúlchaint is déanaí a luaigh ar PhopNuacht Raidió Rí-Rá agus tá an scéal is scannalaí Gossip Girló sheit Gossip Girl againn daoibh ar dtús a chairde: beidh banríon chonspóideach an phop-leictrigh, Lady GaGa í féin, le cloisteáil ag casadh ar an gclár gan mhoill! Cé nach bhfuil aisteoirí an chláir i ndiaidh níos mó ná cúpla leid a thabhairt dúinn faoi chuairt Lady GaGa, scaoil sí féin an scéal is déanaí faoina caimeo ar an gclár. Is cosúil gur shocraigh Lady GaGa dul i mbun oibre le lucht Gossip Girl toisc gur Lady GaGaaoibhinn lena deirfiúr níos óige an tsraith, agus mhol sí do GaGa an deis a thapú a cuid ceoil a chur leis. Seachas díreach gig a chasadh go ciotach i lár ceann de na cláracha áfach, chaith GaGa am leis na scríbhneoirí agus leis na léiritheoirí ag labhairt faoin slí is nádúrtha di páirt a ghlacadh sa chlár clúiteach. Deir Lady GaGa go bhfuil gúna 35 throigh á chaitheamh aici don chlár agus go bhfuil siombalacha Gothacha agus dréimirí go leor ar fud na háite. Craiceáilte ar fad ar fad is cosúil, mar is dúil do Lady GaGa!

The hit show Gossip Girl goes GaGa! The queen of electro-pop is all set to cameo on our small screens soon, watch this space…

Britney SpearsIs cuma cá háit go dtéann sí, is cosúil go leanann conspóid Britney Spears i gcónaí. Tá an t-amhránaí ag taisteal na hAstráile ar camchuairt faoi láthair, ach ní mó ná sásta atá meáin chumarsáide na tíre léi de réir dealraimh. Do bhean beag, tá foireann ollmhór ina teannta! Tá 15 duine ón sorcas ag taisteal léi mar aon le 45 eile, idir cheoltóirí agus damhsóirí, 225 bhall foirne agus 150 duine áitiúil fostaithe i ngach cathair a fhreastalaíonn an chamchuairt uirthi. Ní hamháin sin ach tá sí á cáineadh as na seónna a bheolbheachtú seachas canadh beo, ainneoin go bhfuil praghas $1,360 á ghearradh ar chuid de na ticéid is daoire don seó. A Thiarcais! Ceapann muidne i bPopNuacht go bhfanfaimid sa bhaile le hamharc ar an seó ar an teilifís, le cóip dá halbam nua b’fhéidir…ábhairín beag níos saoire ná íoc as eitilt chun na hAstráile do cheolchoirm bheolbheachtaithe pé scéal é. Cad a cheapann sibh féin?!

With some tickets going for $1,360 a pop, we think we’ll stay home and watch Britney Spears’s lip-synched concert Down Under for free on the tv!

Is breá linn ráflaí an ghrá a chloisteáil anseo i bPopNuacht agus de réir na dtuairiscí is déanaí, is cosúil go bhfuil an dá Taylor splanctha i ndiaidh a chéile! An t-amhránaí Taylor Swift agus an t-aisteoir Taylor Lautner Taylor Lautner agus Taylor Swift ar sheit an scannáin Valentine's Dayde cháil na scannán Twilight atá i gceist againn dar ndóigh, ó chonacthas an bheirt acu amuigh i Hollywood arís le déanaí. Bhuail Swift le Lautner ar sheit an scannáin ghrinn, Valentine’s Day, i gcaitheamh an tsamhraidh seo thart, agus iad beirt ag aisteoireacht sa saothar rómánsúil nua. Ba leor sin ann féin leis na luaidreáin a chothú i measc na meán! Ach tá seans go raibh an ceart ag na hiriseoirí an babhta seo; tá go leor ama á chaitheamh ag an dá Taylor le chéile ó chríochnaigh an scannánaíocht ag deireadh an tsamhraidh, ag freastal ar cheolchoirm i gcathair Chicago agus ag dul go cluiche haca le chéile in LA, agus beidh le feiceáil an bhfuil lánúin nua againn i measc na réaltaí eile. Nach iad a bheadh gleoite!

One Taylor falls for another Taylor! Hollywood hunk Taylor Lautner is rumoured to be dating his Valentine’s Day rom-com co-star Taylor Swift.

Ní haon ionadh é ach tá laoch an rugbaí Brian O’Driscoll ar dhuine de na pearsan mhóra spóirt atá tar éis gradam Texaco Sportstars a bhuachaint don bhliain 2009. Tá an gradam bliantúil buaite ag Brian faoi thrí Brian O'Driscollcheana féin, ach nach aige atá an onóir tuillte i mbliana go háirithe! Ní hamháin go raibh sé ina chaptaen ar fhoireann na hÉireann nuair a ghnóthaigh siad an Slam Mór i gcomórtas na Sé Náisiún i mí an Mhárta, ach ba imreoir ríthábhachtach é i mbua Chúige Laighin i gCorn Heineken na bliana seo freisin. D’éirigh le Rory McIlroy gradam Texaco a bhuachaint freisin agus éacht bainte amach aige i gcúrsaí gailf i mbliana, ainneoin nach bhfuil ach 20 bliain slánaithe aige. Bhuaigh an peileadóir John O’Shea de cháil fhoireann na hÉireann agus Mhanchain Aontaithe gradam sa Rory McIlroyrannóg shacair chomh maith, agus is é Bernard Dunne dornálaí na bliana seo, dar le muintir Texaco. Bronnfar na gradaim ar na réaltaí spórtúla seo agus eile ag ócáid i mBaile Átha Cliath ar an 19 Samhain, áit go mbeidh an Taoiseach Brian Cowen ina aoi speisialta ar an oíche freisin. Is iomaí cluiche tábhachtach atá le himirt ag na pearsan uile idir seo agus sin áfach – gach rath oraibh leaids!

Rugby legend Brian O’Driscoll nabs his fourth Texaco Sportstar Award this year along with golf’s new kid on the block Rory McIlroy, Manchester United’s John O’Shea and many more.

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here