FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

GigNuacht

Little BootsBeidh Victoria Hesketh - nó Little Boots mar is fearr aithne againn uirthi - san Academy i mBaile Átha Cliath Dé hAoine an 27 Samhain 2009 agus in Halla Mandela i mBéal Feirste ar an 28 Samhain 2009. Laistigh de bhliain, tá an cailín seo imithe ó bheith ag canadh ina pajamas ar a leaba sa mbaile go casadh ar stáitse i measc cuid de na ceoltóirí is fearr ar domhan ag Oxegen na bliana seo. Is cinnte go mbeidh gig iontach á sholáthar ag Little Boots dá lucht féachana dílis ag an gceann seo. Ticéid ar díol anois, mar sin gread leat chun do cheann a cheannach láithreach!

Paolo NutiniMá tá dúil agat san amhrán álainn Candy, beidh Paolo Nutini ag casadh san Olympia i mBaile Átha Cliath Dé Luain an 30 Samhain 2009 agus Dé Máirt an 01 Nollaig 2009 sa bhreis ar ghig sa Waterfront i mBéal Feirste Dé Céadaoin an 02 Nollaig 2009. Níl an fear Albanach seo ach 22 bhliain d’aois ach tá stór iontach amhrán aige ón dá albam dá chuid, These Streets agus Sunny Side Up, agus is cinnte go mbeidh seó beo den scoth aige.

Snow PatrolBeidh Snow Patrol ar dul ar camchuairt speisialta ag tús mí na Nollag. Táthar ag tabhairt Snow Patrol Reworked ar an gcamchuairt agus beidh amhráin ó Reindeer Section i measc cnaganna ollmhóra eile an bhanna á gcasadh acu ar fud na tíre. Beidh siad san Olympia i mBaile Átha Cliath ar an 2 Nollaig 2009, san INEC i gCill Áirne ar an 4 Nollaig 2009, sa Theatre Royal i gCaisleán an Bharraigh, Co. Mhaigh Eo ar an 6 Nollaig 2009 agus sa Waterfront i mBéal Feirste ar an 7 agus 8 Nollaig 2009. Bí ann nó bí gann!

Lily AllenLily Allen ag teacht go hÉirinn chun oíche a chaitheamh san O2 i mBaile Átha Cliath ar an 8 Nollaig 2009. B’fhiú dul ann chun na singlí seoigh 22, It’s Not Fair!, Smile, LDN agus The Fear a chloisteáil beo agus le fiosrú cén saghas pleidhcíochta a bheas ar siúl aici ar an stáitse mór!

The BlizzardsTá na Blizzards ag teacht chuig an Olympia i mBaile Átha Cliath d’oíche amháin Dé Sathairn an 12 Nollaig 2009. Is féidir a bheith ag súil leis na cnaganna ollmhóra Fantasy, Trouble, Trust Me I’m A Doctor agus Postcards a chloisteáil. Dar ndóigh, beidh na bícéips is deise i saol ceoil na hÉireann á dtaispeáint ar an oíche freisin! Maith fear Brezzie…

Joe EchoTá amhrán nua Madonna le cloisteáil i ngach áit faoi láthair agus tá scríbhneoir an amhráin sin, an t-amhránaí Éireannach Joe Echo, ag casadh beo san Academy 2 i mBaile Átha Cliath ar an 17 Nollaig 2009. Is mór an clú atá an fear seo ag baint amach dó féin mar cheoltóir cumasach na laethanta seo agus b’fhiú dul chun é a fheiceáil sula n-ardaíonn a próifíl chomh hard go mbíonn praghas millteanach mór ar na ticéid!

Republic of LooseBeidh Republic of Loose ag seinm san Academy i mBaile Átha Cliath Dé Máirt an 22 Nollaig 2009. Bíonn na leaids seo i gcónaí fiáin beo ach táthar ag súil go mbeidh cúpla aoi speisialta leo ar an oíche an babhta seo leis. Chas daoine mór le rá dá leithéid Sinéad O’Connor, Damien Dempsey agus Shane McGowan leo ag a ngigeanna san Academy roimhe seo mar sin bí ag súil le seó eile den scoth i mbliana!

nós*

I gcomhar le Pop4 agus nós* - iris óige na Gaeilge