FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Top 40 Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Eoin Glackin – Haileo Caroline

‘S an samhraidh tagtha ‘nois go críoch
‘S scanraigh an saol seo díom
Bhí tú in aice cháca an bhreithlae
Is mé fágtha ag croith(eadh) go brách
Ní raibh dathanna do ghruaige
Chomh binn le háilleacht do shúl
Bhíos ag sleamhnú síos led’ thaobh
Ag iarraidh thú a réiteach go séimh

Haileo Caroline
Go híseal ag titim síos
Haileo Caroline
Ag ardú suas aníos

Tá na créatúir ar fad ar bís
Bailithe ar ais arís
Le tuairt ‘s sclog ‘s neart barróg mór
Ach níor thug tú aon sort aird
Giolla a bhean bhreá, tá neart romhat go fóill
Bíodh tusa a’ gníomh(ú) ‘s lean do threo
Casfaidh mé seo ó lár mo chroí
‘s éireoidh mé uaidh go síoraí

Haileo Caroline
Go híseal ag titim síos
Haileo Caroline
Ag ardú suas aníos

Pé áit a théann muid, baili(the) ar fad
Pé áit a théann tú anocht ní bheidh mé i bhfad

‘S an samhraidh tagtha ‘nois go críoch
Shéad sé an gúna sin díot
Ag bogadh go mall uaidh seo go (dtí) sin
Bunoscionn sa gheimhreadh linn
Ní gá stop a chur leis
Tá seans againn (a) bheith ‘tapú deis(e)
Ag damhsa san uisce ar an gcósta saor
‘S ag codladh ‘mach faoin spéir

Haileo Caroline
Go híseal ag titim síos
Haileo Caroline
Ag ardú suas aníos