Is cairt-staisiún ceoil é Raidió Rí-Rá a bhíonn ag craoladh go hiomlán trí Ghaeilge! Bíonn an ceol ar fad ó na cairteacha le cloisteáil ar an stáisiún, maraon leis an bpopnuacht, an nuacht spóirt agus an nuacht scannánaíochta is déanaí!
Tá Raidió Rí-Rá le cloisteáil 24/7 anseo ar líne, ar an raidió DAB nó is féidir aip Raidió Rí-Rá a íoslódáil saor in aisce!
Bunaíodh Raidió Rí-Rá i 2008 agus bímid ag obair le ceoltóirí mór le rá ar nós na Bell-x 1, Heathers, Glen Hansard agus The Riptide Movement. Maraon leis seo, bíonn réaltaí móra le cloisteáil ar Raidió Rí-Rá go minic ar nós Ronan Keating, Nicky Byrne agus na Coronas!
Tá sceideal lán le ceol, spraoi agus greann againn gach lá ar Raidió Rí-Rá agus bíonn an clár Top40 Oifigiúil na hÉireann le Daithí Ó Dáibhín le cloisteáil freisin!
Is féidir teagmháil a dhéanamh le Raidió Rí-Rá ar ár leathnach FB/Twitter nó Instagram! Ba bhreá linn cloisteáil uaibh!
Tá Raidió Rí-Rá faoi cheannas Raidió X Teoranta le tacaíocht ó Chonradh na Gaeilge agus maoinithe ag an Roinn Cultúir, Oidhreachta agus Gaeltachta trí Chiste na Gaeilge ó Fháltais an Chrannchuir Náisiúnta. Is é Digital Radio Ltd an cuideachta oibríoch.
![]()
Raidió Rí-Rá
6 Sráid Fhearchair
Baile Átha Cliath 2
Uimhir na Cuideachta: 453333
Rphost: eolas@rrr.ie


