Comórtas Amhránaíochta na Scoileanna 2017 – ar oscailt anois!
Tá Comórtas Amhránaíochta na Scoileanna ar oscailte anois! Más maith leat cur isteach air, lean na treoracha thíos:
Ón Daingean go California, tá sé dochreidte go bhfuil an oiread ceoltóirí chomh hiontach sin tar éis páirt a ghlacadh i CEOL 2017 le hEoghan McDermott. An phríomhtheachtaireacht atá againn ná gur féidir le duine ar bith an Ghaeilge a úsáid, agus léiríonn an t-albam seo go bhfuil sin iomlán indéanta!
Seo deis daoibh an Ghaeilge a úsáid agus a chur chun cinn sa scoil trí pháirt a ghlacadh i gComórtas Amhránaíochta na Scoileanna 2017. Ní gá do do rang ach ceann amháin de na hamhráin ón albam CEOL 2017 le hEoghan McDermott a roghnú agus é a thaifeadadh le páirt a ghlacadh. Tá duaiseanna iontacha le baint amach agus beidh sé mar spreagadh iontach do na daltaí féin!
CÉIM #1: Roghnaigh amhrán ón albam CEOL 2017 le hEoghan McDermott
CÉIM #2: Foghlaim na focail
CÉIM #3: Déan taifeadadh ar an amhrán
CÉIM #4: Cuir an comhad den amhrán nó cuir nasc youtube chugainn ar ríomhphost chugainn
SPRIOCDHÁTA: Dé Céadaoin, 25 Deireadh Fómhair 2017

Liricí: ceol_2017_poster_v3-2-1
Seoladh cóip de CEOL 2017 & postaer leis na liricí go gach meánscoil sa tír. Muna bhfuair tú ceann go fóill, ba cheart go mbeadh sé agat laistigh de cúpla lá.
Má tá tuilleadh eolais uait, cuir teachtaireacht chugainn ag rira@cnag.ie
Go n-éirí libh!!



