An Chraic

abc

Céard a cheapann tú? An bhfuilimid gafa le Food Porn?

Seo é an chéad eagrán den tsraith podchraoltaí de chuid Raidió Rí-Rá. Eiseofar eagrán amháin gach Luan agus déanfar plé ar ábhair shuimiúla, aisteacha atá i mbéal an phobail.

San eagrán seo, pléitear Food Porn. An gceannaímid bia áirithe toisc go bhfuil sé faiseanta? An gcaithimid an iomarca ama ag cur grianghraf dár mbéilte ar Instagram? An cóir dúinn bheith gafa le Starbucks agus le tósta abhacáid?

Má thaitníonn an podchraoladh seo leat, bí linn arís an tseachtain seo chugainn agus muid ag plé an chláir 13 Reasons Why. An raibh sé de cheart sraith den chineál seo a chraoladh, agus an maith an rud é go mbeidh an dara shéasúr ann?

Oiriúnach do +16

Agus ná déan dearmad gur féidir éisteacht le Raidió Rí-Rá 24/7 ag www.rrr.ie