FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Alexandra Burke san Ardchathair

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine ar RRR.ie!

X-Factor ar ais ar an scáileán beag arís don bhfómhar agus tá an chonspóid tosaithe cheana féin! Bhí raic ann nuair a bhain lucht léirithe an chláir leas as teicneolaíocht dar teideal Auto-Tune ar an seó teilifíse réaltachta. Déanann an teicneolaíocht pleidhcíocht le guthanna na rannpháirtithe, ag athrú na fuaime go huathoibríoch ionas go mbíonn Joe McElderryamhránaíocht níos fearr le cloisteáil ag an lucht féachana – nó níos measa, ag brath ar an duine atá ag canadh agus cé atá i gceannas ar an teicneolaíocht! Duine amháin nach raibh Auto-Tune ar bith de dhíth uaidh áfach, ná Joe McElderry, buaiteoir na bliana seo caite. Tá an réalta óg ó Essex ar tí an chéad albam dá chuid a eisiúint ach tá an fear bocht cráite ag leantóirí fiáine cheana féin. Dúirt sé go bhfuil 3 mhata tairsí goidte ó dhoras a thí go dtí seo agus gur beag nár thacht an slua é nuair a bhí muintir X-Factor 2009 ar camchuairt i mBéal Feirste!

X-Factor is back and the controversy has already begun! This time it’s all about the Auto-Tuning…

Tá sé cloiste againn anseo i Raidió Rí-Ra go bhfuil cúntóir pearsanta á lorg ag J-Lo! Thuigeamar i gcónaí go raibh saol galánta lán le cóisirí, bronnta gradam agus coirmeacha ceoil ag Lopez, ach tá cabhair ag teastáil uaithi anois chun ord J-Loagus eagar a chur ar chúrsaí ó lá go lá de réir cosúlachta. Obair 6 lá in aghaidh na seachtaine a bheadh i gceist agus deirtear go mbeidh ar an gcúntóir nua a bheith ar fáil le taisteal go tíortha iasachta i dteannta J-Lo gan choinne. Ní bheadh aon fhadhb againn leis an méid sin! Cé go bhfuil clú ar Jennifer as a bheith ina diva ó am go ham, agus an-seans go mbeidh an cúntóir pearsanta s’aici faoi bhrú lena chinntiú go bhfuil gach rud de shíor mar is mian le banríon an R’n’B, tá buntáistí móra ag baint leis an bpost. Íocfar idir $55,000 agus $65,000 thú in aghaidh na bliana – agus beidh deis agat páirt a ghlacadh i saol snasta J-Lo dar ndóigh!

J-Lo is on the look-out for a new personal assistant. Fabulously swanky lifestyle change, anyone?!

Páirc siamsaíochta théama Harry PotterB’fhéidir go bhfuil an Wizarding World of Harry Potter ina ní spéise ag Universal Studios in Orlando, ach beidh an stiúideo féin inar deineadh na scannáin cháiliúla a thaifead ina pháirc siamsaíochta théama i Londain go luath. Thug an t-aisteoir Rupert Grint – nó Ron Weasley mar is fearr aithne air – le fios le déanaí go mbeidh an Leavesden Studio ar oscailt don phobal amach anseo. Anois go bhfuil taifead críochnaithe ar an tsraith iomlán de na scannáin Harry Potter, beidh lucht leanúna Potter in ann turas treoraithe a ghlacadh de na seiteanna agus amharc ar na nótaí gur scríobh na haisteoirí ar na ballaí fiú! Ach beidh rud nó dhó in easnamh ón seit, más fíor do scéalta Rupert. Dúirt sé gur sciob sé an uimhir a 4 chlúiteach a bhí ar crochadh ar dhoras 4 Privet Drive sna scannáin, agus bheadh ceann de na huibheacha móra órga ó na dragain sa scannán Goblet of Fire imithe freisin, murach gur gabhadh é á goideadh agus go raibh ar Rupert í a chur ar ais!

The London sets where the Harry Potter films were shot will be open to fans soon, but actor Rupert Grint has already been pilfering some mementos!

Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go raibh am iontach ag Alexandra Burke agus í Alexandra Burke, N-Dubz, Razorlight agus eile ag an bhféile Summer Blowout 2010san ardchathair le déanaí! Tháinig Alex agus N-Dubz go Baile Átha Cliath chun gig a chasadh do na mic léinn ar fad a bhfuair a gcuid torthaí Ardteiste níos luaithe an mhí seo, agus ba léir go raibh oíche ar dóigh acu. Bhí an fhéile Summer Blowout in ainm ‘s a bheith ar siúl faoin aer ag an stad i nDomhnach Broc oíche Chéadaoin, ach bhí ar Féile Milkeagraithe na féile í a bhogadh chuig an gclub oíche Dandelion i lár na cathrach, toisc nach mbeadh an pháirc imeartha réidh don chluiche rugbaí a bhí ar siúl an deireadh seachtaine ina dhiaidh. Níor chuir sin srian leis an spraoi ná le scoth an cheoil áfach! Ní hamháin sin ach chas Alexandra mar chuid den bhféile aerach Milk ag Caisleán Bhaile an Locha i gCo. na hIarmhí fad agus a bhí sí in Éirinn freisin. Measann muidne i Raidió Rí-Rá go mbeidh sí ar ais inár measc gan mhoill tar éis an oiread sin craice a bheith aici anseo!

Alexandra Burke had a ball in Ireland when she came to play the Summer Blowout festival in Dublin and the open air gay Milk festival in Westmeath recently. Come back soon Ms Burke!

Sna sála ar cheolchoirmeacha iontacha a chasadh ag an gCorn Domhanda, Glastonbury agus an iliomad gig Eorpach dá leithéid Rock in Rio agus eile i gcaitheamh an tsamhraidh, tá Shakira ag dul ar camchuairt ar fud na hEorpa an geimhreadh seo. Cuirfidh sí tús leis an Tour Of Earthly Delights i Lyon na Fraince ar an 16 Samhain, agus beidh bean na gShakira ar an stáitse ag Rock in Rio 2010 i Liospóin na Spáinnecromán san O2 i mBaile Átha Cliath ar an 16 Nollaig agus san Odyssey Arena i mBéal Feirste an oíche dar gcionn. Ní gnáthghig atá beartaithe aici dúinn áfach; deirtear go bhfuil Shakira ag obair i gcomhar leis an stiúrthóir amharclainne Felix Barrett chun camchuairt idirghníomhach a chruthú an uair seo, áit go mbeidh deis ag a lucht leanúna fálróid thart faoin stáitse agus í ag casadh de réir dealraimh!

Hip-shaking sensation Shakira will be getting up close and personal with her fans onstage during her winter tour of Europe!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Éadaí Miley Cyrus ar eBay!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine ar RRR.ie!

Justin BieberBeidh gliondar croí ar na Biebettes ar fud na cruinne a chloisteáil go bhfuil Justin Bieber deimhnithe le casadh ag gradaim fhíseán MTV i mbliana! Tá Justin ainmnithe don ghradam don cheoltóir nua is fearr ag an mbronnadh ar an 12 Meán Fómhair agus tá an fear óg iontach flosctha faoin ócáid. Ba é gradaim na bliana seo caite an chéad uair do Justin freastal ar an searmanas MTV mór le rá, agus dúirt sé le déanaí nach raibh aithne ag éinne air an uair sin! Ní amhlaidh an scéal anois áfach; tá sé tar éis na milliúin cheirníní a dhíol ar fud an domhain le bliain anuas agus ba é an chéad cheoltóir nua riamh gur éirigh leis 7 n-amhrán óna chéad albam a chur sa bharr 100 i gcairteacha Mheiriceá. Ní féidir linn fanacht len’é a fheiceáil ar stáitse in LA an mhí seo chugainn!

Biebettes, beware! Justin is set to hit the MTV stage for this year’s Video Music Awards in LA in September.

Miley Cyrus i mbristí géine bána!Tá sé cloiste againn anseo i Raidió Rí-Ra go bhfuil Miley Cyrus chun a cuid éadaí a dhíol ar eBay! Tá an t-amhránaí ag reáchtáil ceant chun airgead a bhailiú don charthanacht Get Ur Good On ag deireadh na míosa seo. Mar sin, más mian leat éadaí an réalta óig a cheannach ar chúis mhaith, bíodh do chárta creidmheasa le lámh agat! Spreagann an charthanacht daoine óga chun obair dheonach a dhéanamh ina bpobal áitiúil féin, agus creideann Miley go láidir sa teachtaireacht atá acu gur chóir éirí gafa le hobair charthanachta sa bhaile aon bhealach gur féidir. Beidh beart de réir a briathair á dhéanamh aici nuair a bheas éadaí agus oiriúintí dá cuid ar díol ar an idirlín go luath. Bristí géine bána, éinne?!

Miley Cyrus is auctioning off her clothes on eBay to raise money for charity.

Tá meas mór ag dul don rapcheoltóir Eminem tar éis dó barr na gcairteacha a bhaint amach i Meiriceá le breis Eminemagus 2 mhilliún cóip dá albam Recovery díolta go dtí seo. Ba í Susan Boyle an ceoltóir deireanach le 6 sheachtain a chaitheamh ag barr chart na n-albam sna Stáit Aontaithe leis an albam I Dreamed a Dream anuraidh, ach tá Eminem tagtha sna sála uirthi anois! Is iad Not Afraid agus Love The Way You Lie na singlí is déanaí ón albam atá eisithe ag Eminem agus tá siad le cloisteáil i gcairteacha na hÉireann le seachtainí beaga anuas chomh maith. Canann Rihanna i dteannta Eminem ar an amhrán Love The Way You Lie agus tá na haisteoirí áille Megan Fox agus Dominic Monaghan, de cháil na scannán Lord of the Rings, le feiceáil sa bhfíseán don tsingil. Tá an hobbitín agus Eminem araon ag déanamh go maith dóibh féin na laethanta seo is léir!

Eminem has gone double-platinum with his latest album Recovery topping the American Billboard for 6 weeks now – congrats Mr Marshall Mathers!

Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil Lady Gaga fós ag cumadh ceoil don tríú albam dá cuid, in ainneoin go ndúirt sí cheana go raibh sí tar éis aLady Gagan ceirnín a chríochnú! Is cosúil nach féidir leis an amhránaí cumasach srian a chur leis an gcumadóireacht agus go bhfuil sí ag scríobh amhrán sa stiúideo go fóill. Tá an t-albam le heisiúint an bhliain seo chugainn ach ceapann Gaga go mb’fhéidir go mbeidh uirthi 2 albam a eisiúint mura stopann sí den scríobh! Tá an léiritheoir clúiteach RedOne ag obair léi arís ar an albam seo agus creideann sé go mbainfidh an saothar nua geit as lucht leanúna Lady Gaga. An gcuireann sin ionadh ar éinne?! Tá cáil ar an mbean chraiceáilte as amhráin den scoth agus físeáin chonspóideacha a chur os ár gcomhair agus leis an bhfírinne a rá, táimid i Raidió Rí-Rá ag súil go mór leis!

There seems to be no end to Lady Gaga’s inspired song-writing for her upcoming third album!

Picnic Leictreach 2010Má tá do thriail ar an tSráidbhaile, Co. Laoise don Phicnic Leictreach ag tús na míosa seo chugainn, ní hiad na ceoltóirí an t-aon rud iontach a fheicfidh tú de réir dealraimh! Chomh maith le scoth an cheoil óna leithéid de na Frames, Mumford and Sons, Hot Chip, Imelda May, Modest Mouse agus Massive Attack, beidh sorcas, An Puball Gaeilge, fir ghrinn, lón anama agus cogaíocht phéint i measc go leor leor eile ar siúl freisin. An rud is ansa linn i mbliana áfach ná an rothaíocht ar fad. Ní hamháin go bhfuil ticéad in aisce le fáil ag éinne a rothaíonn go Laois ar son ospidéal na bpáistí ar Shráid an Teampaill, ach má tá cith uait, beidh 30 duine ag rothaíocht leo chun an chumhacht don chith a ghiniúint duit! Cé dúirt nach bhféadfaí spraoi inbhuanaithe a bheith againn?!

Forget the fab music and alternative tents, it’s all about sustainability and cycling at this year’s Electric Picnic!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Britney Spears sa Ghaeltacht!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Bainis Ayda Field agus Robbie WilliamsNíl amhras ar bith ann ach go bhfuil rudaí ag dul go han-mhaith ar fad i saol Robbie Williams i láthair na huaire. Cé go raibh ráflaí agus siosarnaí ann le fada an lá go raibh Robbie ag obair i dteannta Take That arís, deimhníodh é le déanaí go bhfuil banna na mbuachaillí ar ais le chéile go hoifigiúil anois! Tá Robbie agus na leaids tar éis taifead a dhéanamh d’albam nua, agus tá súil acu é a sheoladh roimh dheireadh na bliana seo. Ní hamháin sin ach phós Robbie an bhean álainn s’aige - an t-aisteoir Turcach-Meiriceánach Ayda Field – ag bainis bheag an tseachtain seo caite. Phós siad sa ghairdín ag cúl an tí atá acu i mBeverly Hills ach seachas finnéithe a bheith ag ceachtar acu, sheas a gcuid madraí leo ag an searmanas! Dúirt athair Robbie nach bhfaca sé a mhac chomh sona riamh roimhe seo. Aww!

We wish Robbie Williams a long and happy life with his new wife Ayda Field, but also with his reunited boy band Take That too – nice to see ye back for good lads!

Britney SpearsTá sé cloiste againn anseo i Raidió Rí-Ra go bhfuil Britney Spears tar éis tréimhse bheag a chaitheamh i nGaeltacht na nOileán Árainn! Bhuel, níl sin go hiomlán cruinn - is cosúil go ndeachaigh an t-amhránaí cáiliúil agus a buachaill cara Jason Trawick chun an dráma The Lieutenant of Inishmore le Martin McDonagh a fheiceáil an tseachtain seo caite. Meas tú ar fhoghlaim sí mórán Gaeilge san amharclann in LA?! Thapaigh Britney an deis deiridh chun beagán de chultúr na hÉireann a bhlaiseadh sular tháinig críoch le léiriú an dráma i Los Angeles ag an deireadh seachtaine. Baineann an scéal leis na cúinsí taobh thiar de bhás chat sceimhlitheora áfach – sin greann na Gaeltachta daoibh a chairde! Tá súil againn nár scanraigh an dráma dorcha an bhean bhocht ná a buachaill, agus cá bhfios? B’fhéidir go mbeidh sí fiosrach chun turas a thabhairt ar na fíor-Oileáin Árann amach anseo!

Britney Spears was spirited away to Galway when her boyfriend took her to see Martin McDonagh’s drama, The Lieutenant of Inishmore, in LA last week. But will she come visit the real deal?!

De réir dealraimh, ní hé T.I. amháin atá ar bhóthar a leasa ó scaoileadh saor ón bpríosún é níos luaithe i mbliana. Bhí an rapcheoltóir clúiteach agus Kanye West ag obair as lámha a chéile ar albam úr T.I. le déanaí, agus tá 6 amhrán nua cumtha acu le chéile. Bhí T.I. agus Kanye Westan bheirt ag obair ar an albam dar teideal King Uncaged ar oileán Hawaii le tamall anuas, agus deir T.I. go bhfuil tallann agus fuinneamh do-chreidte ag Kanye sa stiúideo. Ach ní leor aon amhránaí iontach amháin d’albam úr T.I.! Beidh Lady Gaga le cloisteáil ag canadh ina theannta ar cheann de na hamhráin freisin de réir cosúlachta, chomh maith le réalta an cheoil tíre, Kid Rock, agus tá sé beartaithe aige dul i mbun oibre le Eminem go luath leis. Ní féidir linn fanacht le cluas a chur leis an albam iontach seo, sin cinnte!

T.I. is back with a bang! His first album since being released from prison will feature 6 tracks with Kanye West as well as the talents of Lady Gaga, Kid Rock and Eminem.

Bhí idir bhrón agus áthas orainn anseo i Raidió Rí-Rá a chloisteáil go bhfuil Lily Allen ag glacadh sos gairme ón gceol – táimid áthasach toisc go bhfuil Lily ag súil le leanbh, agus brónach toisc go mbeimid uaigneach i Tá Lily Allen torrach!ndiaidh scoth an cheoil ón gcailín cumasach, conspóideach seo! Chas Lily ag an bhféile The Chill Festival ar an 8 Lúnasa, ach dheimhnigh sí nach mbeidh sí ag ceol arís ar feadh 5 bliana eile, toisc go bhfuil sí ag súil le leanbh ag tús na bliana seo chugainn. Nach fada an t-achar ama é! Thosaigh Lily ag siúl amach le Sam Cooper, péintéir agus maisitheoir tithe ó Londain, don chéad uair an samhradh seo caite agus tuigtear dúinn go bhfuil an bheirt acu iontach sásta le chéile. Tá siad beirt ag tnúth le breith an linbh nua agus guíonn muidne i bPopNuacht gach rath ar an gclann iomlán amach anseo!

Happy and all as we are for her to be preggers, we’re really gonna miss Ms Lily Allen when she takes her 5-year career break from the wicked world of music…sob!

Is cosúil go bhfuil Danny ó na Coronas tinn le laraingíteas! Bhí na buachaillí in ainm ‘s casadh ag an bhféile Danny O'Reilly agus na Coronascheoil i dTigh Molaige i gCorcaigh ar an 14 Lúnasa, ach tá an fear bocht breoite le tamall anuas agus níl na leaids ag iarraidh dul sa tseans an tseachtain seo, ar eagla go ndéanfadh sé níos mó dochair dá ghlór. Chas an banna ag an bhféile Indiependence i mBaile Mhistéil ag tús na míosa, in ainneoin nach raibh Danny go hiomlán ar fónamh, toisc go raibh orthu an gig céanna a chur ar ceal an bhliain roimhe ar chúiseanna eile. Ach le slam mór gigeanna i ndán dóibh i mí Lúnasa, ag tosú i Maigh Eo ar an 20ú, dúirt an dochtúir le Danny sos a ghlacadh ar feadh tréimhse. Tá an t-albam is déanaí de chuid na Coronas agus na singlí ar fad ó Tony Was An Ex-Con fós le cloisteáil sna cairteacha, agus deirtear linn go bhfuil a gceolchoirm san Olympia ar an 10 Nollaig díolta amach cheana féin. Nach orthu atá an tóir!

The Coronas’ Gaeilgeoir lead-singer is sick with laryngitis and they’ve had to cancel their Timoleague gig in Cork – that sucks! Get well soon Danny boy…

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Cosc Ar Bhuachaillí Do Cheryl!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Cheryl Cole agus Derek HoughBeidh áthas oraibh a chloisteáil go bhfuil Cheryl Cole ar ais i  mbarr a sláinte arís! Tá Cheryl ar ais ar a seanléim díreach in am le daoine a dhíbirt ó X-Factor ag tithe na mbreitheamh. Chaith sí seachtain san ospidéal san ionad ardchúraim tar éis gur bualadh go dona í le maláire sna sála uirthi filleadh abhaile ó Tanzania le déanaí, áit go raibh sí ar saoire le Derek Hough. Tá ráflaí ann le fada an lá go bhfuil Derek agus Cheryl ag siúl amach le chéile, ach de réir dealraimh tá Simon Cowell ag iarraidh cosc a chur uirthi buachaill cara a bheith aici ar chor ar bith! Deir Simon gurb fhearr di a scíth a ligean léi féin go dtí dtagann biseach iomlán uirthi agus í ag obair ar an gclár X-Factor. Measann muidne i bPopNuacht áfach, nach bhfuil Simon ach ag iarraidh an ruaig a chur ar Derek ionas gur féidir leis féin siúl amach leis an amhránaí álainn!

Mr Cowell has banned Cheryl from having a boyfriend until she has completely recovered from her bout of malaria – we think you just want her for yourself Simon!

Britney SpearsTar éis dúinn lear mór ráflaí a chloisteáil faoi seo le fada an lá, tá sé deimhnithe againn i bPopNuacht go bhfuil séasúr Britney Spears tagtha go Glee go cinnte! I ndiaidh na cainte ar fad le bliain anuas, scaoil stiúrthóir an chláir Ryan Murphy leis go mbeidh 6 amhrán de chuid Britney Spears in úsáid acu i sraith an fhómhair. Ní hamháin sin ach beidh an bhean í féin le feiceáil ar an gclár chomh maith! Meas tú cén cineál scéil atá beartaithe acu do Britney agus an mbeidh rudaí craiceáilte á ndéanamh ar an seit aici mar is gnáth?! Cé nár thug Ryan Murphy mórán eolais eile dúinn faoi scéalta an chéad séasúir eile, deir sé gur clár ómóis atá ann do Britney a bheas léirithe ar bhealach greannmhar, spraíúil, síofrúil. Le déanaí, d’éirigh le Glee 19 n-ainmniúchán a bhuachaint do na gradaim Emmys i mbliana agus tosóidh an séasúr nua go luath i mí Mheán Fómhair. Ní féidir linn fanacht!

Britney Spears is going to be the next big Gleek, wooo!

Ní dócha go bhfuil páipéar nuachta ná suíomh idirlín ann nach raibh ainm Lindsay luaite air le seachtain anuas. Deirtear go raibh an chéad cúpla lá sa phríosún an-dian uirthi, agus go raibh sé ina ruaille buaille ceart ar an chéad lá nuair a cuireadh iallach uirthi cuid Lindsay Lohan sa phríosúngruaige bréige breise a bhaint amach! Tuigtear dúinn go ndeachaigh sí i dtaithí ar an saol ina cillín beag teolaí gan mhoill áfach agus deirtear go bhfuil cairde nua déanta aici sa phríosún fiú. Cé a chreidfeadh é! Tá daoine áirithe den tuairim nach bhfuil sé ceart ná cóir nach bhfuil uirthi an téarma príosúnachta iomlán 90 lá a chur isteach, ach beidh uirthi ar a laghad 3 mí a chaitheamh in ionad athshlánaithe sula bhfilleann sí ar an scáileán mór scannánaíochta. Tá súil againn go dtagann sí chuici féin go luath pé scéal é!

Lindsay Lohan wasn’t too keen on taking out her hair extensions when she went to prison but at least she made some new friends!

Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht gur shiúil roinnt banna ceoil amach ó ghig beo i Meiriceá le déanaí – toisc go raibh éin ag cac orthu! Bhí an grúpa rac mór le rá Kings of Leon ar cheann de na bannaí sin, mar aon Kings of Leonle The Postelles agus The Stills, agus d’fhág siad an stáitse i lár ceolchoirme i St Louis i Missouri. Dúirt Nathan Followill, drumadóir Kings of Leon, go raibh sé náireach ach nach raibh aon rogha eile acu ó bhí sé i bhfad ró-mhíshláintiúil leanúint ar aghaidh. Is léir gur chac colúr ar aghaidh an dordóir Jared Followill faoi dhó sa chéad dhá amhrán, ach nuair a chac ceann ina bhéal sa tríú amhrán, níorbh fhéidir leo é a sheasamh a thuilleadh. D’eisigh an banna ráiteas i ndiaidh na heachtra agus dúirt go raibh siad sásta airgead a íoc ar ais le gach duine a bhí ag an ngig. Tá súil ag an mbanna a n-albam nua a sheoladh go hoifigiúil roimh dheireadh an tsamhraidh agus beidh siad ar camchuairt i Sasana gan mhoill. Bígí cinnte go seachnaíonn sibh na héin ann leaids!

Pigeons with, eh, some bowel problems forced Kings of Leon off the stage at a gig in St. Louis last week – beware the power of bird-poo people!!

Tar éis don aisteoir Christina Applegate a bheith ag fulaingt in aghaidh ailse le cúpla bliain anuas, is cosúil go bhfuil sí ar bhóthar a leasa anois agus í ag déanamh níos fearr ná ariamh di féin. Is mó cáil uirthi mar aisteoir i ról Kelly Bundy ar an gclár grinn Married…with Children Christina Applegate ag chéad léiriú Cats  & Dogs: The Revenge  Of Kitty Galoreagus mar Veronica Corningstone sa scannán Anchorman. Bhí an phríomhpháirt aici sa tsraith teilifíse Samantha Who? gur scríobh Cecelia Ahern freisin, agus is iomaí gradam a bhuaigh as an ról. Chonacthas Christina ag an chéad léiriú don scannán is déanaí dá cuid,  i Los Angeles an tseachtain seo caite. Ní hamháin sin ach tá carthanacht bunaithe aici le cabhrú le mná nach bhfuil an t-airgead acu íoc as scrúdaithe ná as cógais le troid in aghaidh na hailse. Seolfaidh sí an togra, dar teideal Right Action for Women, go hoifigiúil i mí Mheán Fómhair ach deir Christina go bhfuil an carthanacht tar éis cabhrú le mná le hailse cheana féin. Guíonn muid gach rath uirthi agus táimid ag súil go mór le tuilleadh scannán dá cuid a fheiceáil go luath amach anseo!

Christina Applegate has set up a charity to help women without the money for tests and expensive medicines to fight cancer after her own battle with the illness. You go girl!

Buíochas le Séamus Ó Fátharta as scéalta na seachtaine seo.

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Pláinéad Jedward Abú!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Tá dea-scéala againn daoibh a chairde: beidh albam úr The Script ar fáil sna siopaí i mí Mheán Fómhair! Bhí na buachaillí breátha ó Bhaile Átha Cliath in ainm ‘s dara albam an bhanna, dar teideal Science & Faith, a The Scripteisiúint ag tús na bliana seo chugainn ach d’éirigh leo críoch a chur leis an saothar níos tapúla ná mar a bhí beartaithe acu. Agus nílimidne ag gearán! For The First Time an t-ainm den chéad singil ón albam agus níl aon amhras orainn ach gur cnag ollmhór eile a bheas ann do na leaids. Bhain chéad albam an bhanna, The Script, uimhir a haon amach i gcairteacha na n-albam in Éirinn agus sa Bhreatain Mhór, agus mar aon leis an iliomad amhrán ón albam céanna, d’fhan sé sna cairteacha san Eoraip agus sna Stáit Aontaithe ar feadh i bhfad. Bhris siad curiarracht Snow Patrol fiú as an oiread seachtainí gur ghlac sé orthu barr chairteacha na n-albam do dhaoine fásta i Meiriceá a bhaint amach! Ní hamháin sin ach beidh an banna ar ais ag casadh gigeanna roimh an Nollaig anois freisin. Ní féidir linn fanacht!

The Script are back on the music scene with their 2nd album,
Science & Faith, ready months before it was meant to hit the shops – we ain’t complaining!

Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil Tom Cruise tar éis tús a chuir le clár réaltachta dá chuid féin! Clár ar an dóigh chéanna leis an gclár réaltachta The Osbournes a bheadh i gceist de réir dealraimh, Katie Holmes, Tom Cruise agus a n-iníon Surichun léargas a thabhairt do dhaoine ar shaol Tom le Katie Holmes agus a n-iníon Suri. Is cosúil go bhfuil Cruise cíocrach lena léiriú don saol mór gur “gnáthmhuintir” atá iontu agus nach bhfuil aon rud aisteach fúthu, in ainneoin go mbaineann siad le hEaglais na hEoleolaíochta. Deirtear gur tháinig Cruise ar an smaoineamh nuair a bhí sé féin agus a chomhaisteoir, Cameron Diaz, ag pleidhcíocht agus ag taifead gearrthóg greannmhar chun poiblíocht a dhéanamh ar an scannán nua dá gcuid, Knight And Day. Thosaigh Tom ag déanamh taifead ar Katie agus Suri le cur ar an idirlíon dá lucht leanúna dílis, ach anois is iomaí comhlacht teilifíse atá ar a thóir is cosúil! An uair dheireanach go ndearna Tom iarracht a léiriú don domhan mór gur “gnáthdhuine” a bhí ann áfach, léim sé den tolg ar chlár Oprah. Hmmm…beidh le feiceáil!

Tom Cruise is trying to show the world how “normal” him and his family are with a new reality tv show…yikes!

B’fhéidir go bhfuil cáil níos mó ar Julianne Moore mar aisteoir i scannáin dá leithéid Hannibal, A Single Man, Far from Heaven agus The Hand That Rocks The Cradle ach is scríbhneoir cumasach í chomh maith. Bhí Julianne Moore ag seoladh an leabhair Freckleface Strawberrry and the Dodgeball Bullyardmholadh ag dul don chéad leabhar a scríobh sí i 2007, Freckleface Strawberry, agus don dara saothar sa tsraith, Freckleface Strawberry and The Dodgeball Bully, a foilsíodh i 2009. Níos fearr fós don aisteoir álainn áfach, beidh an scéal le feiceáil ar New World Stages i Nua Eabhrac an fómhar seo! Tá ceoldráma Off-Broadway cumtha faoin gcarachtar Freckleface Strawberry, atá 7 mbliana d’aois agus nach maith léi na bricíní gréine ná an gruaig rua atá aici. Tá na scéalta bunaithe ar an leasainm a tugadh do Julianne féin agus í ag fás aníos – seans go dtuigeann muintir na hÉireann do chás níos fearr ná éinne eile, a Julianne! Osclóidh an ceoldráma go hoifigiúil ar an 4 Deireadh Fómhair ach tosóidh na réamhléirithe ar an 9 Meán Fomhair. Tá súil againn go n-éiríonn thar cionn leis an léiriúchán idir an dá linn!

Actor Julianne Moore’s Freckleface Strawberry children’s books are destined for the big city stage as a musical this autumn!

Tom JonesTá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil Tom Jones ag iarraidh dul i mbun ceoil leis na Killers! Tá an t-amhránaí iomráiteach ar an bhfód le fada agus is iomaí ceoltóir mór le rá eile atá tar éis casadh ina theannta i gcaitheamh na mblianta. D’eisigh sé albam dar teideal Reload siar in 1999, áit go raibh bailiúchán d’amhráin a chan sé lena leithéid de Kelly Jones ó na Stereophonics agus Nina Persson ó na Cardigans. Ba bhreá le Tom tabhairt faoin stiúideo leis na leaids sna Killers agus is cosúil go bhfuil sé cheana féin tar éis labhairt le príomhamhránaí an bhanna, Brandon Flowers, faoi amhrán a thaifead le chéile. Tá an-mheas ag Brandon ar obair Tom agus má éiríonn leo teacht ar an ábhar ceart, measann Tom go mbeidh comhoibriú ceoil le cloisteáil uathu go luath amach anseo. Táimid ag súil go mór le cluas a chur leis!

Rumour has it that the veteran popstar Tom Jones is looking to collaborate with The Killers. Woop!

Cé a chreidfeadh é…tá albam iomlán eisithe ag an gcúpla iomráiteach sin Jedward! Oiriúnach go maith, Planet Jedward is ainm den albam nua agus bhí na sluaite cailíní óga bailithe ag an seoladh i mBaile Átha Cliath le déanaí chun a dtacaíocht a léiriú do na leaids ó Leamhcán. Bhí breis agus 10,000 duine eile ag an Planet Jedwardbhféile cheoil i nDún Bróithe, Co. Loch Garman ag éisteacht leo nuair a chas siad leis na Coronas agus Vanilla Ice, agus tá tuilleadh gigeanna beartaithe acu i mBaile Átha Cliath, Cill Chainnigh, Luimneach, Corcaigh, Gaillimh, Doire, Béal Feirste agus eile an mhí seo chugainn. Beidh an tír ar fad faoi gheasa acu! Ach ní hiad na hÉireannaigh amháin atá splanctha i ndiaidh John agus Edward Grimes de réir cosúlachta. Tá banríon an phopcheoil féin mar chuid den lucht leanúna s’acu! Bliain ó shin, chaith fear slándála RTÉ na buachaillí ón stiúideo nuair a rinneadar iarracht Lady Gaga a fheiceáil, ach ó bhain an bheirt cáil amach ar an gclár X-Factor anuraidh, tá siad tar éis bualadh leis an amhránaí iomráiteach faoi 3. Agus is cosúil go bhfuil sí gaga i ndiaidh Jedward! N’fheadar an bhfuil cóip dá n-albam ceannaithe aici go fóill?!

The infamous twins from
X-Factor have released their 1st official album - who’d have thunk it possible?! Only on Planet Jedward…!!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Brad Bearrtha!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Brad Pitt agus Jonah Hill sa scannán MoneyballBeidh áthas ar lucht leanúna Brad Pitt a chloisteáil go bhfuil an fhéasóg uafásach a bhí air le tamall anuas bearrtha aige ar deireadh! Is cosúil go raibh ar an mBradmister a chuid ghruaige aghaidhe a bhaint de agus é i mbun taifeadta ar scannán nua, Moneyball. Is iomaí fadhb a bhí ag an scannán ag tosú amach - áit gur chuir athruithe leis an script siar don léiriúchán níos luaithe i mbliana agus gur sheas Steven Soderberg siar ón saothar mar stiúrthóir sular ghlac Bennett Miller leis an bpost – ach tá cúrsaí faoi lánsheol anois agus bhí Brad le feiceáil ar an seit in LA lena chomhaisteoir Jonah Hill le déanaí. Agus ní raibh tásc ná tuairisc den bhféasóg fhada – buíochas le Dia! Tá páirt ag Brad sa scannán mar Billy Beane, fear a chuir tús leis an bhfoireann daorchluiche Oakland Athletics in 2002 ainneoin easpa mhór airgid ag an am. Ba chóir go mbeadh an scannán sa phictiúrlann am éigin an bhliain seo chugainn agus má fhágann Brad a aghaidh álainn glan ón ngruaig, beimidne i bPopNuacht ag súil go mór len’é a fheiceáil!

Brad Pitt has FINALLY shaved his stupid beard off! Thank God for his hairless role in
Moneyball, that’s all we’re saying…

Amy WinehouseTá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil albam úr ó Amy Winehouse ar an mbealach! Is cosúil go bhfuil an t-amhránaí iomráiteach ag teacht chuici féin agus ag tabhairt faoin stiúideo ceoil arís chun taifead a dhéanamh ar amhráin nua. Bhí Amy le feiceáil i Londain le déanaí agus í ag tacú lena buachaill cara nua, Reg Traviss, ag an chéad léiriú den scannán Psychosis a rinne sé a stiúradh. Geallann sí nach mbeidh níos mó ná 6 mí le fanacht ag a lucht leanúna dílis chun an ceirnín nua a chloisteáil agus tá súil aici an saothar úr a eisiúint i mí Eanáir 2011. Deir Amy go mbeidh cosúlachtaí idir ceol an albaim nua agus ceol an albaim iontaigh eile dá cuid roimhe seo, Back To Black. Más fíor sin, ní féidir linn fanacht le cluas a chur leis!

Amy Winehouse seems to be getting her life back on track with a new man and a new album on the way – woooo, we can’t wait!

Simon Cowell bocht! Is léir go bhfuil anord iomlán ar X-Factor na bliana seo agus go bhfuil an fear mór le rá Nicole Scherzinger in áit Cheryl Cole ag trialacha X-Factor i Manchainag streachailt le smacht éigin a choimeád ar an gclár. Bhí Dannii Minogue as láthair ar saoire máithreachais le cúpla mí anuas agus cé gur rugadh buachaill beag álainn di agus dá buachaill cara Kris Smith ag tús na míosa seo, ní bheidh sí ar ais ar an gclár go sroicheann na hiomaitheoirí an babhta i dtithe na mbreithiúna. Sa bhreis air sin, tá Cheryl Cole fós an-bhreoite le maláire agus bhí ar an amhránaí de cháil na Pussycat Dolls, Nicole Scherzinger, a háit a ghlacadh ag na trialacha i Manchain le déanaí. Sna sála ar na fadhbanna seo ar fad, tá cinneadh déanta ag Simon gan lucht féachana a bheith i láthair don dianchampa i mbliana. Ní bheidh deis ag lucht féachana beo a dtuairimí a thabhairt ar na hiomaitheoirí féideartha go dtí go dtosaíonn na cláracha beo arís is cosúil – an mbeidh leath an oiread craice ag baint leis sin áfach?!

Talk about a topsy-turvy X-Factor this year! Between Dannii’s maternity leave and Cheryl bout of malaria, they’ve scrapped the audience for the boot camp stage – where’s the fun in that?!

Taylor Lautner ar ghluaisrothar ar an seit  d'Abduction i  bPittsburgTá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil Taylor Lautner ar ais ar ghluaisrothar dá chéad scannán eile, Abduction! Chonacthas an réalta de cháil na scannáin Twilight agus é ag cleachtadh ar ghluaisrothar ar sheit an scannáin nua dá chuid i bPittsburgh. Ní bheidh Kristen Stewart ina theannta an babhta seo áfach, ach iníon leis an amhránaí iomráiteach Phil Collins, Lily. Tá an chuma ar an scéal go réitíonn an bheirt an-mhaith le chéile ó bhí siad le feiceáil ag caint agus ag gáire ag an gcóisir i ndiaidh chéad léiriú Eclipse in LA le déanaí. Ach dúirt Taylor go mbeidh an-bhrón air ag fágáil muintir Twilight ina dhiaidh nuair a chríochnaíonn scannánú ar an scéal deireanach sa tsraith, Breaking Dawn. Ní haon ionadh é go bhfuil dlúthchairdeas aige leis na haisteoirí agus iad tar éis 4 scannán a dhéanamh le chéile, ach creideann Taylor go mbeidh siad uilig cairdiúil fiú nuair nach mbíonn siad ag obair ar an seit céanna. Tá súil againn go bhfuil an ceart aige!

Looks like Mr Taylor Lautner is back on his (motor)bike for his latest film, Abduction, with the lovely Lily Collins!

Tá an comhlacht faisin Ralph Lauren ag seoladh réimse cumhrán nua níos déanaí i mbliana, agus tá siad ag oOne Republicbair i gcomhar leis an mbanna One Republic chun poiblíocht a dhéanamh air. Baineann na cumhráin leis an mbailiúchán éadaí Big Pony atá ag an gcomhlacht cheana féin agus beidh 4 bholadh éagsúil i gceist do na fir bhreátha amach ansin! Tá na leaids ó One Republic le cloisteáil ag casadh a n-amhrán nua Secrets sa bhfíseán do na cumhráin, agus is é an grianghrafadóir Bruce Weber a rinne an físeán a stiúradh. Bhí na fir cheolmhara le feiceáil ar na cláir fhógraí i dTimes Square ar an 12 Iúil freisin agus a ngig i Stiúideo Reuters á chraoladh beo go muintir Nua Eabhrac! Ní hamháin sin ach tá singil an bhanna, All The Right Moves, ainmnithe don ghradam Teen Choice don rac-amhrán is fearr i mbliana agus beidh an bronnadh ar siúl i Meiriceá an mhí seo chugainn. Go n-éirí libh leaids!

Pop-rockers One Republic have teamed up with Ralph Lauren to promote the new Big Pony fragrance collection as well as having bagged a Teen Choice Award nomination. Go team One!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Babhta Eile na mBréagán!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Is cosúil gur lig an t-amhránaí álainn Shakira a scíth trí amharc ar bheagán leadóige le déanaí! Chonacthas Shakira ag Glastonbury 2010bean an She-Wolf ag Wimbledon agus í i Sasana sna sála ar chasadh ag an bhféile mhór cheoil Glastonbury. Spreag sí an lucht éisteachta lena hamhráin Whenever, Wherever, Underneath Your Clothes, Hips Don’t Lie agus eile ar an dara lá deireanach den bhféile. Ach in ainneoin gur chas sí amhrán an Choirn Domhanda don slua, níor chabhraigh an Waka Waka (This Time For Africa) le Sasana an cluiche i gcoinne na Gearmáine a bhuachaint an lá dár gcionn! Beidh Shakira ag teacht ar cuairt chun na hEorpa an geimhreadh seo i ndiaidh di a camchuairt i Meiriceá Thuaidh a chríochnú. Tiocfaidh sí chomh fada leis an Odyssey Arena i mBéal Feirste ar an 17 Nollaig agus beidh sí le cloisteáil san O2 i mBaile Átha Cliath an oíche roimhe sin. Beidh muidne i bPopNuacht ann leis an mbean Laidineach agus a cromáin cháiliúla a fheiceáil pé scéal é!

Shakira gets the Glastonbury crowds going before watching a little Wimbledon and planning a new European tour for this winter. Woop!

Emma Watson agus George Craig ina mainicíní  BurberryTá sé deimhnithe againn anseo i bPopNuacht go bhfuil Emma Watson go hoifigiúil ag siúl amach lena comhmhainicín George Craig! Bhuail an t-aisteoir, de cháil na scannán Harry Potter, leis an gceoltóir agus mainicín George Craig agus iad beirt ag obair don chomhlacht faisin Burberry. Bhí Emma agus a deartháir níos óige Alex i measc na mainicíní a roghnaíodh mar aghaidheanna Burberry do bhailiúchán úr an earraigh níos luaithe i mbliana, agus bhuail Emma le George ar an seit grianghrafadóireachta. Is amhránaí é George sa bhanna One Night Only freisin, agus chas sé go leor dá chuid cheoil d’Emma nuair a bhí sé i mbun a thaifeadta agus í sna Stáit Aontaithe. Beidh Emma le feiceáil i bhfíseán nua a bhanna fiú! Say You Don’t Want It is ainm den tsingil agus deir Emma gur tháinig inspioráid an fhíseáin ón scannán Disney, Lady and the Tramp, le scéal an fhíseáin nua lonnaithe i Nua Eabhrac. Nach iad an lánúin gleoite?!

It’s official – Harry Potter actress Emma Watson and her fellow Burberry model and musician George Craig are dating! Swit-swoo…

Megan Fox agus a fear céile nua Brian Austin GreenBrón orainn a bhuachaillí – is oth linn a thuairisciú nach bhfuil Megan Fox ar an margadh a thuilleadh! De réir dealraimh, phós an t-aisteoir álainn Brian Austin Green ag searmanas rúnda san óstán Four Seasons i Hawaii le déanaí. In ainneoin go bhfuil an bheirt ag siúl amach le chéile ann as thar tréimhse 6 bliana, ní raibh siad geallta ach le tamaillín anuas sular phós siad an mhí seo caite. Agus ní raibh fada le dul acu do mhí na meala! Deirtear go bhfuil an lánúin nua-phósta fós ag baint sult as saoire sna hoileáin san Aigéan Ciúin. Is mó clú ar Brian as a ról mar David Silver sa tsraith Beverly Hills 90210 sna ‘90idí, agus is minic gur ainmníodh a bhean chéile Megan mar an bhean is gnéasaí ar domhan ó tharraing sí aird uirthi féin sna scannáin Transformers. Beidh aiféala ar fhir óga ar fud na cruinne go bhfuil an deis caillte acu Fox a sciobadh dóibh féin, sin cinnte!

The gorgeous Megan Fox and on-off actor boyfriend of 6 years Brian Austin Green have finally tied the knot in Hawaii – sorry lads, she’s officially off the market!

Ní haon ionadh dúinn anseo i bPopNuacht go bhfuil banna rac-cheoil Jared Leto agus an banna mór le rá Paramore ar na bannaí is mó atá ainmnithe do ghradaim na hirise Kerrang! i mbliana. Bhí Jared agus a chomhghleacaithe ó 30 Seconds To Mars san Ollainn le déanaí agus iad ag casadh ag na gradaim TMF 2010 sa Volkspark san Ísiltír ag deireadh na míosa seo caite. Ach is ag na gradaim Kerrang! níos déanaí an mhí Jared Leto agus 30 Seconds to Mars san Ollainnseo go mbeidh 30 Seconds To Mars in iomaíocht le Hayley Williams agus a cairde don ghradam don albam is fearr, don bhanna idirnáisiúnta is fearr, agus don bhanna beo is fearr. Beidh géariomaíocht acu beirt don dá ghradam deireanach ó tá Greenday ainmnithe sna rannóga céanna leo freisin. Beidh Paramore agus 30 Seconds To Mars i gcomórtas lena chéile don ghradam don bhfíseán is fearr chomh maith, ó tá Brick By Boring Brick agus Kings And Queens faoi seach ainmnithe don duais sin freisin. Tionólfar an bronnadh ag ionad “rúnda” i Londain ar an 29 Iúil agus is fearr le daoine vóta a chaitheamh ar son na mbannaí is fearr leo ag Kerrang.com.

Paramore, 30 Seconds to Mars and Greenday will do battle of the bands at this year’s Kerrang! awards ceremony in London later this month.

Toy Story 3 tar éis an phictiúrlann a bhaint amach ar deireadh! Bhuel, ní in Éirinn go fóill, ach más aon treoir iad na léirmheasanna ó Mheiriceá agus ó thíortha eile ar fud an domhain, b’fhiú dúinn a bheith foighneach len’é a fheiceáil. Seo an tríú scannán beochana sa tsraith Toy Story ó Pixar agus ó léiríodh é sna Stáit Aontaithe don chéad uair ar an 18 Meitheamh, tá an scannán tar éis curiarracht Shrek The Third a Toy Story 3bhriseadh as an méid is mó airgid a thuilleadh in aon lá amháin. Tá an t-éileamh chomh mór sin sa Bhreatain Mhór fiú, go bhfuil an dáta eisithe tugtha chun tosaigh ionas go n-osclódh an scannán seachtain níos luaithe ná mar a bhí súil leis ar an 16 Iúil. Woop woop! Beidh Tom Hanks, Tim Allen agus Joan Cusack le cloisteáil arís an babhta seo, mar aon le guthú ó Michael Keaton mar charachtar nua Ken agus Whoopi Goldberg i bpáirt Stretch. Bhí an t-ádh le muintir Albain go raibh an scannán le feiceáil mar chuid d’Fhéile Scannánaíochta Idirnáisiúnta Dhún Éideann lá i ndiaidh a eisiúna i Meiriceá, ach ní fada uainn anois é in Éirinn, mar sin níl an iomarca éad orainn!

The toys are back in town! Toy Story 3 will be coming in 3D to a big screen near you soooooon…

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Russell agus Wossie Ar Ais?!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Níl duine ar bith níos fearr le dul i mbun oibre léi ná do mhamaí dhil féin, go háirithe más Madonna í do Madonna agus a hiníon Lourdesmháthair! Tá Lourdes tar éis bailiúchán úr éadaí a dhearadh lena mham le déanaí agus oiriúnach go maith, Material Girl an t-ainm atá ar an líne nua. In ainneoin nach bhfuil Lourdes ach 13 d’aois, bhí sí le feiceáil ag damhsa sa bhfíseán don tsingil Celebration anuraidh, agus bhí a haghaidh óg le feiceáil ar chlúdach na hirise Quality níos luaithe i mbliana. Nach galánta an saol í le máthair mar Madge! Deir Madonna gurb í Stella McCartney, cara mór dá cuid, a spreag suim Lourdes sa bhfaisean áfach, ag tabhairt éadaigh éagsúla do Lourdes nuair a bhí sí an-óg agus ag iarraidh uirthi teacht ar cuairt ar an stiúideo faisin go rialta. Beidh éadaí de chuid Material Girl ag díriú ar dhéagóirí agus ar mhná óga, agus beidh siad ar díol i Macy’s amháin ó mhí Lúnasa ar aghaidh. Leithscéal eile dúinn le haghaidh a thabhairt ar Nua Eabhrac is cosúil!

Little Lourdes has designed a new line of fashion called Material Girl with mammy Madge.

Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil Russell Brand ag iarraidh dul i mbun oibre le Jonathan Ross arís, ach ar an teilifís an uair seo, seachas díreach ag maslú seanaisteoirí ar an nguthán! Dúirt Russell go mbeadh spéis aige seó a dhéanamh lena chara Wossie amach anseo, ach fiú mura n-éiríonn leis an gclár Russell Brand agus Jonathan Rossseo dul ar an aer, beidh Brand le feiceáil ar an scáileán beag gan mhoill pé scéal é. Ach le dath buí ar a chraiceann! D’iarr lucht déanta na Simpsons air páirt a ghlacadh sa tsraith iomráiteach agus measann Brand nach mbeadh rud ar bith níos fearr ná cairde a dhéanamh le Homer agus Barney. Ach beidh ar na Simpsons feitheamh go foighneach ar feadh píosa – tá Russell gafa ag déanamh poiblíochta don scannán is déanaí dá chuid Get Him to the Greek le Jonah Hill, agus ag ullmhú do chóisir na stumpaí lena chairde móra sula bpósann sé an bhean álainn Katy Perry go luath. Réalta rac-cheoil ceart is cosúil!

Russell Brand is busy promoting his new film, preparing for his bachelor party and planning to marry Katy Perry -  when the hell will he have time to do The Simpsons or a new Wossie show?!

Is í Freida Pinto, an ainnir álainn de cháil an scannáin Slumdog Millionaire, a bheidh ag aisteoireacht taobh le James Franco sa saothar nua, Planet of the Apes. Réamhscannán atá ann sa tsraith de scéalta ficsean James Franco, Freida Pinto agus John Lithgow  in Rise of the Apeseolaíochta, Rise of the Apes. Ní hé seo an chéad uair don scannán an scáileán mór a bhaint amach ó rinneadh an chéad leagan i 1968 áfach. Ba é Mark Wahlberg a ghlac an phríomhpháirt sa leagan is déanaí a rinne Tim Burton a stiúradh i 2001, agus tagann Franco sna sála air anois. Ní hamháin sin ach beidh an fear grinn John Lithgow i bpáirt athair Franco sa scannán nua. B’fhéidir gur fearr aithne ar Lithgow mar ghuth Lord Farquaad i Shrek i 2001, mar an “daidí” Dick Solomon i 3rd Rock from the Sun, nó mar an dúnmharfóir scanrúil Walter Simmons sa chlár Dexter, ach is cinnte go ndéanfaidh sé jab maith don ról nua seo. Is fada uainn é a fheiceáil!

Freida Pinto from Slumdog Millionaire, funnyman John Lithgow and gorgeous Spidey-hunk James Franco are all confirmed for the latest Planet of the Apes remake. Woop!

Ní féidir linne anseo i bPopNuacht a chreidiúint go bhfuil bliain iomlán caite ó cailleadh Michael Jackson. Chun comóradh a dhéanamh ar shaol Rí an Phopcheoil, d’ullmhaigh The Early Show ar CBS gné speisialta, Michael Jacksonuair an chloig ar fhad, dar teideal The King of Pop: One Year Later. Thug seo deis do cheoltóirí móra eile ómós a léiriú do cheann de na réaltaí ceoil is iomráití riamh ar domhan. Léiríodh James Morrison ag casadh an amhráin Man in the Mirror beo ó Londain, agus bhí leithéidí Christina Aguilera, Smokey Robinson, LL Cool J, Marc Anthony agus eile ar an gclár freisin le labhairt faoi na cuimhní pearsanta a bhí acu de Jackson. Labhair John Landis, stiúrthóir na bhfíseán Thriller agus Black and White de chuid MJ, ar an gclár beo ó Londain freisin. In ainneoin go bhfuil an fear é féin imithe ón saol, is léir nach bhfuil an tionchar a bhí aige ar shaol an phopcheoil ach ag dul i méid, agus is cinnte go mbeidh a oidhreacht cheoil á ceiliúradh le fada an lá fós.

Stars around the world took the time to remember Michael Jackson a year on from his death in a special feature on CBS’s The Early Show.

Is cosúil nach dea-smaoineamh é seans a thabhairt d’aisteoirí dul i mbun stiúrthóireachta – sin an ceacht a d’fhoghlaim muintir Entourage le déanaí! Scaoil léiritheoirí na sraithe leis an aisteoir Kevin Connolly taobh Kevin Connolly lena chomhghleacaithe Entouragethiar den cheamara nuair a d’iarr sé orthu an bhféadfadh sé clár amháin a stiúradh d’Entourage an fhómhair. Thug Kevin faoin dúshlán nua an tseachtain seo caite agus cloistear dúinn gur stiúrthóir an-dian é! De réir dealraimh, creideann Kevin go gcaithfidh gach radharc a bheith foirfe, agus bhí ar na haisteoirí agus ar an bhfoireann taobh thiar den cheamara araon fanacht ar an seit ag obair leo go mall istoíche. Deirtear linn go ndearna Adrian Grenier dearmad ar a chuid línte fiú, bhí sé faoin oiread sin brú! Measann muid gurb fhiú do Kevin anáil nó dhó a ghlacadh, sos a thógáil ón seit, agus éirigh beagáinín níos réchúisí b’fhéidir…níl ann ach clár teilifíse ag deireadh an lae a mhac, ní gá gur Martin Scorsese atá ionat go fóill!

Kevin Connolly takes up the director’s chair to do an episode of Entourage but he’s working everyone to the bone it seems!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Draíocht Oz faoi Stiúir Raimi

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Is cosúil go bhfuil Kanye West ag teacht chuige féin ar deireadh, i ndiaidh dó é féin a náiriú ag Gradaim na bhFíseán Ceoil de chuid MTV i Meán Fómhair na bliana seo caite. Kanye West ag na Gradaim BET 2008Níl mórán cloiste againn den bhoc mór leis an mbéal mór ó rinne sé iarracht an micreafón a sciobadh ó Taylor Swift ar an stáitse, ag rá go raibh sé de cheart ag Beyoncé an gradam don bhfíseán is fearr i rannóg na mban a bhuachan thar Taylor. Pleidhce!! Bhí Kanye an-chiúin ó shin, iontas na n-iontas…beidh an tUasal West ag casadh ag na Gradaim BET i mbliana áfach. Tionólfar an searmanas ag bronnadh gradaim ar na daoine gorma is mó a d’imigh i gcion ar chúrsaí ceoil, aisteoireachta, spóirt agus réimsí eile i gcaitheamh na bliana ar an 27 Meitheamh 2010. Ní hamháin sin ach tá an t-amhránaí ainmnithe do dhá ghradam BET é féin, ceann don bhfíseán is fearr as Run This Town le Jay-Z agus Rihanna. Súil againn nach sciobann sé an micreafón ó éinne eile ar an stáitse i mbliana pé scéal é!

Kanye West is finally coming out of hiding! He’s making his first stage appearance at the 2010 BET Awards since “that” incident with Taylor Swift at the 2009 MTV VMAs…

Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht gur bhain Pink an-sult as a cuairt go hÉirinn an tseachtain seo Pink ar an gcamchuairt Fun House 2010caite. Agus í tagtha chun na tíre chun gigeanna a chasadh i mBaile Átha Cliath, Béal Feirste agus Luimneach mar chuid dá camchuairt Fun House, thaisteal sí ar fud na háite ar a gluaisrothar agus is léir gur turasóir den scoth a bhí inti! Cé go ndearna sí dearmad ar chuid de na focail le linn na ceolchoirme i mBéal Feirste – oops - dúirt sí ar Twitter gur áit álainn í, gur ith sí béile i dteach tábhairne Johnny Fox’s, gur bhlas sí uisce beatha Jameson ar leith, nach féidir a fháil áit ar bith eile seachas i mBaile Átha Cliath, agus gur cheannaigh sí lear mór stuif turasóireachta le tabhairt abhaile. Is breá linn Pink! Thosaigh sí an chamchuairt seo san Astráil anuraidh agus tá gigeanna fós le casadh aici i Sasana, in Albain, san Ostair, san Eilvéis agus sa Ghearmáin roimh dheireadh an tsamhraidh. Phew! N’fheadar cá aimsíonn an bhean chraiceáilte a cuid fuinnimh…

Pink’s latest Fun House tour is taking the world by storm, Ireland included!

Agus Dannii Minogue ar saoire máithreachais ón X-Factor faoi láthair, tá réaltaí éagsúla an phopcheoil ag glacadh shuíochán an bhreithimh ar an gclár ina háit. Tá na trialacha don chlár réaltachta ar siúl in áiteanna ar fud na Breataine agus na hÉireann an mhí seo, agus tá Cheryl á ionsaí ag duine den lucht  leanúna ag na trialacha  X-Factor i mBirminghamna haoi-bhreithimh dá leithéid Katy Perry, Geri Halliwell agus Natalie Imbruglia ag cabhrú le Simon et al chun na cinntí deacra ceoil a dhéanamh! Ach níl an saol i gcónaí chomh galánta agus a shíltear do bhreithimh bhochta an chláir. Baineadh geit uafásach as Cheryl i mBirmingham an tseachtain seo caite nuair a rug duine den lucht leanúna lasmuigh d’ionad na dtrialacha greim uirthi. Ní scaoilfeadh an bhean le Cheryl go dtí gur shínigh an t-amhránaí cóip den albam 3 Words di! Tháinig na fir slándála ar deireadh chuig cabhrú leis an gcailín álainn éalú, ach deirtear linn go raibh faitíos an domhain ar Cheryl bhocht. Mura bhfuil scanradh uirthi roimh Jedward áfach, ní gá di a bheith buartha go dtarlóidh aon rud di i mBaile Átha Cliath!

Our fav Geordie was grabbed by an over-zealous fan outside the X-Factor auditions in Birmingham and got quite a fright. Poor Cheryl!

Tá sceitimíní orainn anseo i bPopNuacht a chloisteáil go bhfuil réamhscannán úr beartaithe don Wizard of Oz! Tá sé deimhnithe go bhfuil an stiúrthóir Sam Raimi de cháil The Quick and the Dead agus na scannáin Spiderman leis an saothar nua a stiúradh, agus is cosúil go mbeidh an t-aisteoir mór le rá Robert Downey Jr i bpáirt an draoi Oz. Scannán 3-D de chuid Disney a bheas ann agus baineann sé le saol Oz sular tháinig Dorothy nó Toto isteach sa scéal ar chor ar bith. Cé go bhfuil an script scríofa ag Mitchell Kapner, níl plé ar an scannán ach tosaithe i ndáiríre le déanaí. Ní fios go cinnte fós fiú cén teideal a thabharfar ar an saothar, Sam Raimi, The Wizard of Oz, Robert Downey Jrach ceaptar gur Oz Oz: The Great and Powerful a bheas air. Pé ar bith faoi ainm oifigiúil an scannáin, tá an chuma ar an scéal go mbeidh Downey Jr mar fhear ón sorcas a shéidtear go tír na munchkins de thornádó - ar an dóigh chéanna le Dorothy ar ball - agus a chuireann an dallóg mullóg ar na daoine beaga ann, lena chleasa glice “draíochtúla”. Is fada uainn é a fheiceáil ar an scáileán mór, ach beidh orainn feitheamh cúpla bliain eile is cosúil!

Director Sam Raimi and actor Robert Downey Jr step up to the challenge of making a prequel to The Wizard of Oz in 3-D and we can’t wait to see it!

B’fhéidir go gceapfadh sibh nach mbeadh ach an Corn Domhanda ar intinn ag na himreoirí sacair idirnáisiúnta na laethanta seo, ach is cosúil nach fíor sin – tá súil á Cristiano Ronaldo i mbrístí géine Armanigcoinneáil acu ar an bhfaisean freisin de réir dealraimh! Bhí réalt na Portaingéile, Cristiano Ronaldo, le feiceáil i bhfógraí faisin an tseachtain seo caite, agus é ag déanamh mainicíneacht ar bhristí géine nua Armani. Beidh na póstaeir á gcrochadh i gcathracha ar fud an domhain ón mí seo chugainn ar aghaidh agus is cinnte go mbeidh áthas ar mhná na cruinne é sin a chloisteáil! B’fhéidir gur cleas de chuid Cristiano a bhí ann chun imeaglú a dhéanamh ar an bhfreasúra trína mhatáin a chur os comhair an tsaoil mhóir, ach níor chabhraigh sé leis an ceann is fearr a fháil ar an gCósta Eabhair ina chéad chluiche den Chorn! Ní dócha gur chuma leis na cailíní faoin méid sin áfach…agus cé dúirt nach raibh rud éigin do chuile duine sa sacar?!

World Cup games for the footie fans, Cristiano Ronald modelling Armani for the fashionistas!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here

Simon Ar Thóir Thallann an Domhain!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Robbie Williams agus Gary Barlow ag canadh  le chéileBeidh gliondar croí ar lucht leanúna Take That a chloisteáil go bhfuil Robbie Williams ag caitheamh an-chuid ama sa stiúideo leis na leaids ón mbanna na laethanta seo! Is cosúil go bhfuil amhrán scríofa ag Robbie agus Gary Barlow le chéile le déanaí agus eiseofar é níos moille i mbliana ar an 4 Deireadh Fómhair. Shame is ainm den amhrán agus beidh sé le cloisteáil ar albam Robbie, In and Out of Consciousness freisin. Fad agus a bhí siad ag déanamh taifid ar an tsingil nua, chaith siad go leor ama sa stiúideo, áit go raibh Mark, Howard agus Jason i mbun oibre le Gary chomh maith. Shiúil Gary agus Robbie amach ar an bpáirc imeartha le chéile do Soccer Aid níos luaithe an mhí seo fiú. Táimidne i bPopNuacht ag súil go mór le dea-scéal athaontú Take That a thuairisciú daoibh go luath amach anseo!

With Robbie and Gary working on a new single together, we’ve our fingers crossed for news of a proper Take That reunion soon…here’s to hoping!

Tá ráfla cloiste againn anseo i bPopNuacht go mbeidh Simon Cowell ag glacadh smachta ar an domhan iomlán an bhliain seo chugainn!! Bhuel, eisean a bheas i Simon Cowellgceannas ar chlár nua dar teideal World’s Got Talent, áit go mbeidh na buanna is fearr ó thíortha ar fud na cruinne á léiriú ar an scáileán beag. Tiocfaidh na daoine ildánacha ar fad le chéile don ócáid ag an Royal Albert Hall i Londain am éigin i 2011 agus is fada ó Simon é! De réir dealraimh, theastaigh ó Simon an clár a chur le chéile ón chéad lá riamh gur thosaigh Britain’s Got Talent i 2007. Is cinnte go mbeidh Cowell iontach gnóthach sna míonna amach romhainn, ag ullmhú don chlár nua agus é fós ina bhreitheamh ar Britain’s Got Talent agus an X-Factor i Meiriceá agus i Sasana ag an am céanna. Agus sin gan trácht ar a chuid oibre mar léiritheoir ar American Idol! Tá tuirse orainn fiú ag machnamh ar an obair sin ar fad…

Simon Cowell’s after world domination with his latest pet project, World’s Got Talent!

Is í Londain cathair an phopcheoil is cosúil! Chuir an stáisiún raidió Capital FM féile mhór an Summertime Ball ar siúl i Stad Wembley an tseachtain seo caite, agus mealladh na réaltaí is mó ó chairteacha Raidió Rí-Rá JLS, Justin Bieber, Ke$ha, Pixie Lott agus  Usher ag an Summertime Ball 2010le casadh ann. Chan a leithéid de JLS, Justin Bieber, Usher, Ke$ha, Pixie Lott, Chipmunk, agus Alexandra Burke mar chuid den cheolchoirm – sin slua ceoltóirí daoibh! Thaisteal Cheryl Cole abhaile ó Pháras go speisialta don cheolchoirm, agus ghlac Rihanna briseadh óna camchuairt sa Spáinn le teacht go Sasana don ghig fiú. Cuireann láithreoirí Capital FM, Lisa Snowdon agus Johnny Vaughan, an fhéile i láthair gach samhradh agus téann céatadán de bhrabús na dticéad go carthanacht an stáisiúin, Help A London Child. Is dócha go bhfuil na réaltaí eile ar nós Esmée Denters, Will.i.am agus Sean Kingston imithe abhaile faoin am seo ach tá súil againn go bhfillfidh siad ar an Eoraip le cúpla gig eile a chasadh dúinn arís gan mhoill!

Summer’s definitely in full swing with stars such as Rihanna, Justin Bieber, Usher, Cheryl Cole, Ke$ha and Chipmunk kicking off Capital FM’s Summertime Ball last week!

John StamosTuigeann muid go bhfuilimid i bPopNuacht beagáinín róthógtha leis an gclár Glee scaití - ach an aon ionadh é dáiríre?! Tá sceitimíní orainn ó chualamar go mbeidh an t-aisteoir John Stamos de cháil Full House ag glacadh páirt sa chéad sraith eile den chlár. Wooo! Is cosúil nach é Will Schuester amháin a bheas ar thóir Emma sa bhfómhar, ó beidh ról ag Stamos mar charachtar rialta ar an gclár agus é ina fhiaclóir aici. B’fhéidir gur fearr aithne ar Stamos mar Uncle Jesse ach de réir dealraimh, tá an-taithí ag John ar cheoldrámaí agus ar chanadh ó bhí sé ar Broadway ina leithéid de Bye, Bye Birdie agus Cabaret roimhe seo. Tagann John ar an gclár sna sála ar réaltaí móra ar nós Neil Patrick Harris agus Olivia Newton-John, agus ní chreideann muid go gcaithfimid fanacht go deireadh an tsamhraidh len’é a fheiceáil i nGlee!

John Stamos from Full House is rumoured to play Emma’s new love interest in the next season of Glee. Can we getta woop woop?!

Bhí ar Chris Brown a chamchuairt sa Bhreatain Mhór agus in Éirinn a chur ar ceal an mhí seo toisc gur dhiúltaigh Oifig Ghnóthaí Baile na Breataine víosa a thabhairt dó. Dúirt oifigigh na Breataine go ndearna Chris BrownBrown cion coiriúil tromchúiseach i 2009 nuair a d’ionsaigh sé a chailín cara ag an am, Rihanna, agus níor cheadaigh siad dó teacht chun na tíre. Tá an ceoltóir R&B ar thréimhse phromhaidh 5 bliana faoi láthair sna sála ar an ionsaí ach tá sé ag déanamh iarracht teacht chuige féin lena chamchuairt nua, Fan Appreciation Tour. Níl ag éirí rómhaith leis faoi láthair áfach! Cuireadh na gigeanna i gCorcaigh, Caisleán an Bharraigh agus Baile Átha Cliath, ar ceal mar aon leis na ceolchoirmeacha i nGlaschú, Londain agus Manchain. Ghabh Aiken Promotions leithscéal lena lucht leanúna agus cé go bhfuil seans ann go gcuirfí na gigeanna ar siúl ag am eile amach anseo, nílimidne i bPopNuacht ródhóchasach…filleann an feall ar an bhfeallaire bíodh a fhios agat Chris!

Chris Brown has had to cancel his Irish and British gigs after being denied a visa by the UK Home Office because of his assault on Rihanna last year…what goes around Chris…

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here