FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Captaen Jack Sparrow i gCornwall

Hi agus fáilte go PopNuacht Raidió Rí-Rá anseo ar RRR.ie!

Paul McCartney ag an O2Tá Paul McCartney ag filleadh ar Éirinn! D’eisigh Macco, nó Paul McCartney mar is fearr aithne air, ráiteas an tseachtain seo caite ag rá go bhfuil sé chun ceolchoirm eile a chur ar siúl i mBaile Átha Cliath toisc gur bhain sé an méid sin taitnimh as an gceann deireanach a rinne sé anseo. Mar is eol don domhan mór, bhí an tUasal McCartney mar bhall den bhanna do-chreidte na Beatles sna ‘60idí agus tá clú agus cáil air fós. Tá sé cloiste againn i bPopNuacht freisin go bhfuil Sir Paul chun amhráin a eisiúint lena sheanchara ón mbanna, Ringo Star, agus Bob Dylan i 2010. Ní féidir linn fanacht! Beidh Sir McCartney ag seinm san RDS ar an 12 Iúil. Beidh costas €81.25 ar na gnáth-ticéad agus tá siad ar díol ón 8ú lá Márta. Déan cinnte go bhfaigheann sibh bhur dticéid go luath sula ndíoltar amach iad!

Pick up your tickets to see Irish-style Beatlemania in action as Sir Paul McCartney comes back to Dublin for another gig this summer.

Tá ráfla cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil an dá bhanna Éireannach is fearr ar domhan ag dul ag Boyzone ag taifead an fhíseáin don amhrán Gave It All Awayobair le chéile go luath…agus cé hiad na bannaí seo?! Westlife agus Boyzone dar ndóigh! Tá siad ag iarraidh bród as a dtír féin a chur in iúl don domhan mór le chéile. Chas an t-ochtar le chéile an tseachtain seo caite ar son Stephen Gately, ball den ghrúpa Boyzone a fuair bás le déanaí. Is é Louis Walsh bainisteoir WestlifeWestlife agus Boyzone araon, agus ní chreidimid gur ghlac sé 12 bhliain ar na buachaillí teacht le chéile le hamhrán a chanadh! Ba mhaith le Ronan, Keith, Mikey, Shane, Kian, Marc, Shane eile agus Nicky albam a eisiúint le chéile de réir dealraimh. An rud is fearr faoin scéal seo ná go bhfuil an t-airgead go léir ó dhíolacháin an albaim ag dul go carthanacht éigin! Buillí fir…beidh albam nua Boyzone, Brother, sna siopaí go luath.

Boybands Boyzone and Westlife are finally getting together to record an album!

Pirates of the Carribbean - On Stranger TidesTá dea-scéal agus drochscéal againn daoibh! An dea-scéal ná go mbeidh an scannán Pirates of the Caribbean nua dar teideal On Stranger Tides á thaifead trasna na dtonnta uainne i St. Ives i gCornwall! Ach, is é an drochscéal ná nach bhfuil an bhean ghalánta Keira Knightley ná an fear álainn Orlando Bloom sásta a bheith sa scannán. De réir dealraimh, bainfidh scéal an scannáin seo leis an gCaptaen Jack Sparrow, nó Johnny Depp mar is fearr aithne againn air, agus lena shaol. Chualamar freisin go bhfuil seans ann go mbeidh Rob Pattinson de cháil Twilight ar an scáileán mór leis an Uasal Depp an uair seo. Níl sé deimhnithe fós ach tá muidne anseo i bPopNuacht ag súil go bhfuil na ráflaí fíor! Chomh maith leis seo, tá scannán nua Johnny, Alice in Wonderland, díreach tagtha chuig an bpictiúrlann i 3D agus ní féidir linn fanacht chun é a fheiceáil!

Good and bad news – they’re filming the next
Pirates of the Caribbean film across the water in Cornwall but without the gorgeous Keira Knightley and Orlando Bloom this time around! Sigh…

Dougie Poynter ó McFlyTá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht gur bhris banríon an phopcheoil Frankie Frankie Sanford ó na Saturdaysó na Saturdays suas leis an réalt ó McFly, Dougie Poynter! Bhí Dougie agus Frankie ag siúl amach le chéile ar feadh bliana agus bhí cónaí orthu le chéile. Chríochnaigh an bheirt acu an caidreamh mar gheall ar an mbrú oibre atá orthu beirt. Na créatúir bhochta! Sheinneann Dougie Poytner an dordghiotár le McFly agus bhuaigh sé an gradam don fear is gnéasaí i 2009 le News of the World. Faraor, tá sé cloiste againn go bhfuil drochíde á fáil ag Frankie ó leantóirí McFly faoi láthair! Chualamar ráflaí níos luaithe sa bhliain go raibh sí i gcaidreamh le Calum Best…go leor scannail ó na réaltaí an tseachtain seo a chairde!

Frankie from The Saturdays and Dougie from McFly have broken up!

Adrian CrowleyBhuaigh Adrian Crowley an duais Choice Music don albam Éireannach is fearr sa bhliain 2009! Cuireadh tús leis an duais Choice Music mar ghradam ar leith ó na Meteors, ó cheap daoine áirithe go raibh na gradaim sin ró-dhírithe ar ghnó an cheoil seachas ar thallann na gceoltóirí. Is as Gaillimh d’Adrian agus bhuaigh sé an duais dá albam Season of the Sparks a d’eisigh sé i 2009. Bhí Adrian in iomaíocht le bannaí iontacha cosúil le Bell X1, Laura Izibor, The Swell Season agus Codes, mar sin comhghairdeas Adrian. B’shin géar-iomaíocht amach ‘s amach!

Adrian Crowley from Galway scoops this year’s Choice Music Prize, well done!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here