Cad a tharla an tseachtain seo caite?

Bhí an céad seachtain lán de craic ‘gus spaoi. Seo achoimre bheag (highlights) faoi céard a tharla:
Dé Luain
Ár gcéad lá, whoop whoop! Bhí RRR lán le craic! Bhí Mairéad ar Cheapaire Ceol! Bhíodar ag caint faoi Cheryl Cole agus Rugbaí. Dúirt Eimer go raibh sí ag iarraidh Tommy Bowe a fáil di féin agus dúirt Mairéad go mbeadh sí in ann; “Don’t stop Believing“! Ansin sheinn sí Journey; cáis!
Dé Máirt
Is léir go raibh gach duine ag baint taitneamh as an stáisiún! Bhíomar ar nós Joe Duffy nuair a bhfuaireamar téacs i rith an clár TRL, ó dhuine ag iarraidh eolais a fháil faoi áit maith chun dul thar lear! Ar chlár Shíne, chan na páistí ó Rang 3 i Ráth Fearnáin Educate Together, amhráin faoina scoil féin! Bhíodar go hiontach ar fad!
Dé Céadaoin
Bhíomar ag labhairt faoi tuisméanna (horoscopes) agus gach rud atá bainteach leo, oooh! Bhí scanradh orainn go dtarlóidh rud éigin ait! D’fhoghlaimid a lán nuair a chualamar faoi shaol an oileán Inis Oírr le Síne, Cillian agus Sarah.
Dé Deardaoin
Bhí ceol den scoth ar siúl againn (mar is gnáth!) Bhí daoine ó Ghaelscoil Uí Ríordáin i gCorcaigh ar an nguthán, bhíodar an-nádurtha ar an raidió! B’fhéidir go mbeadh siad ina láthreoirí sa todhchaí?? Buíochas mór dp Bhríd an leasphríomhoide as cabhrú linn gach rud a eagrú
Dé hAoine
Bhí Síne ar an liathróid arís, bhíomar ag labhairt le páistí i mBliain a Sé i gColáiste Plunkett i bhFionnbhrú! Rinne an múinteoir Gaeile Robert ‘plug’ ar a bhanna ceoil darbh ainm Verona Riots- sár ainm! Tháinig muid ar físean gleoite ar Youtube ar bhuachaill beag ag seinim an Ukelele (beidh an físean ar shuíomh Youtube Rí-Rá faoi ‘favourites‘)
Bhuaigh Trish as Uibh Fháilí dlúthdhiosca nua Ceol ‘10! Comhgairdeas di!
An Deireadh Seachtaine
Ceol, Spórt agus níos mó ceoil! Bhí deireadh seachtaine thar barr againn. Ar TRL bhuaigh beirt dlúthdhioscaí, agus bhí seans ag gach duine rud éigin a bhuachint!



















