An Chraic

busted pigs can fly tour dublin may 2016 3arena

Busted Beo Ag An 3Arena

Más rud é go raibh tú i do pháiste idir 2001-2004, tá seans maith ann go raibh tú mar chuid den lucht leanúna ollmhór a bhí ag an mbanna ceoil Busted. One Direction an ama a bhí iontu, agus bhí na millte daoine óga croíbhriste nuair a scair an banna i 2004.

An t-am deireanach a sheinn Busted i mBaile Átha Cliath, bhí siad ag seinm i Iosta na Rinne, Mí na Nollag 2004. Dhá bhliana déag i ndiaidh sin, tá siad ar ais faoi dheireadh, agus ag seinm sa 3Arena.

busted live 3arena dublin

 

Nuair a d’fhógair an triúir – James Bourne, Charlie Simpson agus Matt Willis – ag tús 2016 go mbeidh siad ag teacht ar ais le chéile, agus ag dul ar chamchuairt ceoil, bhí iarr-lucht leanúna amhrasach.  Nuair a scair Busted, thosaigh Matt ag seinm mar ceoltóir aonair, agus thosaigh James an banna ceoil Son of Dork – ach ní raibh an rath céanna orthu, a bhí  le Busted. Le déanaí, bhí James agus Matt ag seinm leis an sár-ghrúpa McBusted roimhe seo, tionscal a scar an lucht leanúna, le baill den bhanna ceoil McFly. Bhí Charlie ag obair lena bhanna eile, Fightstar, agus mar cheoltóir aonair freisin – ag cruthú ceoil a bhí go hiomlán difriúil. Bímid i gcónaí amhrasach nuair a thagann banna ceoil mhór ar ais le chéile – ní bhímid ag iarraidh go mbeidh díoma orainn!

Thug Busted a turas ‘Pigs Can Fly’ go Baile Átha Cliath ar an Máirt, 31 ú Bealtaine i mbliana. Mar tacaíocht ar an oíche, bhí an t-amhránaí agus ceoltóir Emma Blackery, agus an banna ceol Wheatus (an banna a sheineann Teenage Dirtbag, an t-aon amhrán a bhí ar eolas ag an lucht féachana ar an oíche…).

Chuir Busted tús lena seit lena shingil nua, Coming Home – amhrán atá an-difriúil ó rud ar bith eile atá déanta acu, ach atá go maith ar aon nós. Bhí sé soiléir i rith na hoíche nach raibh an lucht féachana ró-thóghta leis an gceol nua a bhí ag an triúir – ach d’éirigh go hiontach leis na amhrán claiseacach.

I measc na n-amhrán a bhí le cloisteáil ar an oíche, bhí: Crashed The Wedding, You Said No, Who’s David agus 3AM. Chuaigh an lucht féachana fiáin do Thunderbirds Are Go, agus lasadh an aréine le soilse ó ghutháin an lucht féachana do Sleeping With The Light On. Agus, ar ndóigh, chuir siad críoch leis an oíche le Year 3000 – bhí gach duine san aréine ag léimt go craiceáilte, agus buaicphoint na hoíche a bhí ann!

Sheinn siad cúpla amhrán ón albam freisin – le Falling For You, That Thing You Do agus Meet You There san áireamh. Buaicphointe eile a bhí ann nuair a sheinn siad Everything I Knew agus Why – roinnt de na hamhráin is fearr ón mbanna!

 

busted live 3arena dublin 2016

Bhí an stáitse simplí go leor – cé go raibh gach gimic agus éifeacht fhísiúil faoin ngrian ag McBusted anuraidh, bhí an stáitse a bhí ag Busted an-shimplí, ach an-éifeachtach. Léirigh siad dúinn go bhfuil siad in ann ceolchoirm iontach agus taitneamhach a chur ar súil gan gimicí nó cleasanna a bheith acu. Taobh thiar den bhanna, ar an árdan, bhí balla de dhaoine ón lucht leanúna, ag caitheamh mascanna muice – agus i rith na hoíche bhuaileamar le fear a bhí ag siúl thart i measc an lucht leanúna le balún de mhuc liath ollmhór ag eitilt ó rópaí a bhí ceangailte leis. [Is féidir le muca eitilt, eh?]

Agus, is dócha go bhfuaireamar an freagra a bhí uainn ón lá a d’fhógair Busted go mbeadh siad ag teacht ar ais le chéile: an bhfuil aon seans go mbeadh banna ceoil nár sheinn le chéile ar feadh dhá bhliana déag go maith arís? Tá gach seans. Agus bhí.