FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Breithlá, Bándearg agus Brian Breoite!

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar Raidió Rí-Rá!

Donna AirTá cúis ar leith go bhfuil nithe bándearga le feiceáil ar fud na háite na laethanta seo. Déantar iarracht aird an phobail a dhíriú ar ailse chíche le linn mhí Dheireadh Fómhair gach bliain agus is é bándearg dath an fheachtais thábhachtaigh seo. Déanann comhlachtaí éagsúla a gcuid don bhfeachtas i gcaitheamh na míosa, áit go mbíonn earraí bándearga ar díol acu, agus téann céatadán áirithe den airgead go carthanachtaí ailse chíche. Is iomaí réalt mór le rá dá leithéid Ronan Keating agus Seán Óg Ó hAilpín atá bainteach leis an bhfeachtas in Éirinn, fad agus a chabhraigh a leithéid de Martine McCutcheon agus Donna Air le poiblíocht a dhéanamh ar réimse earraí Asda le déanaí, dar teideal Tickled Pink. Is féidir leat fearas gruaige GHD a fháil i ndath bándearg geal chun d’fholt a chur faoi smacht, nó sult a bhaint as seacláid speisialta le Flake bándearg de chuid Cadbury’s. Níos oiriúnaí fós b’fhéidir, is féidir leas a bhaint as scáth fearthainne bándearg chun an bháisteach uafásach seo a sheachaint! Déan do chuid an mhí seo mar sin agus déan iarracht fiú ribín bándearg a cheannach le do thacaíocht a léiriú don bhfeachtas i gcoinne ailse chíche. Bándearg abú!

October is Breast Cancer Awareness Month and celebrity stars everywhere are helping to publicise the campaign’s pink colour. Spread the love of pink people, it’s a good cause!

Tá cloiste againn i bPopNuacht go bhfuil ceann de na breithimh ar X Factor tar éis titim i ngrá! Is cosúil nach leor do Dannii Minogue a bheith i gceannas ar rannóg na gcailíní ar an gclár cáiliúil, fiú go bhfuil brú Dannii Minogue agus Kris Smithbreise uirthi anois go bhfuil na seónna beo faoi lánsheol, ach tá sí gafa i ngrá lena buachaill cara Sasanach na laethanta seo freisin. Bhuail Minogue leis an mainicín Kris Smith ar oileán Ibiza breis agus bliain ó shin. Bhí Kris ar saoire in Ibiza, ag ceiliúradh a bhreithlá ann le cairde, nuair a bhuail an bheirt le chéile. D’admhaigh Minogue le déanaí go bhfuil sí splanctha i ngrá leis an iar-imreoir rugbaí agus táimidne i bPopNuacht ar mhuin na muice ar a son! Bhí go leor rudaí gránna le rá ag na nuachtáin sa Bhreatain faoi Dannii nuair a thosaigh sí mar bhreitheamh ar an X Factor ar dtús, agus caithfidh nach bhfuil sé i gcónaí éasca uirthi agus Kylie Minogue ina deirfiúr rí-rathúil aici. Is í Dannii atá i mbéal an phobail faoi láthair áfach agus tá súil againn go maireann an sonas di. Deir sí go bhfuil sí buartha faoi chaidreamh a chothú agus í féin agus Kris ag obair i dtíortha éagsúla formhór an ama, ach is cuma léi tabhairt faoin dúshlán agus tá sí ag smaoineamh ar pháistí cheana féin!

X Factor judge Dannii Minogue is all loved up and says she’s mad about her gorgeous model-boyfriend Kris Smith - we don’t blame her!

This Is Us, albam nua Backstreet BoysIs cosúil go bhfuil Brian bocht ó na Backstreet Boys breoite le hulpóg na muc! Bhí na buachaillí ag filleadh ó Tokyo le poiblíocht a dhéanamh ar a n-albam nua sna Stáit Aontaithe, ach bhí orthu a gcamchuairt bolscaireachta i Nua Eabhrac a chur ar ceal toisc tinneas Brian. Agus an t-albam This Is Us ag dul ar díol sna siopaí, bhí Nick, Howie, AJ agus Brian ag tnúth go mór le bualadh lena lucht leanúna san Úll Mór an tseachtain seo caite. Bhí siad le dul ar an gclár Early Show de chuid CBS mar aon le cóipeanna dá n-albam a shíniú ag an Hard Rock Café, ach tá súil acu filleadh ar an gcathair arís chun sin a dhéanamh nuair a thagann biseach ar Brian. Níor léirigh éinne eile sa bhanna airíonna an víris buíochas le Dia ach thug an dochtúir cógas do gach duine a bhí ag taisteal le Brian ar eagla na heagla. B’fhéidir nach mbeidh na buachaillí le cloisteáil ag casadh aon cheann dá n-amhrán nua beo go fóill, ach ar a laghad beimid in ann cluas a chur leis an albam go dtí go dtagann Brian bocht chuige féin!

Backstreet Boys’ Brian Littrell has come down with swine flu and the boys have had to cancel their promotional tour in New York this week. Boo-urns…poor Brian, feel better soon!

Cheapamar i gcónaí go raibh airgead agus áit chónaithe ghalánta ag gach réalt Hollywood, ach tá sé cloiste Matthew McConaughey agus Camila Alvesagainn i bPopNuacht go bhfuil an t-aisteoir Matthew McConaughey ina chónaí i gcarbhán le déanaí! De réir na scéalta, tá Matthew agus a chailín cara Camila Alves ag cur fúthu i leantóir Airstream airgid lena mac óg Levi le tamall anuas. Ní hamháin nach bhfuil Levi ach bliain d’aois, ach tá Camila bhocht ag iompar faoi láthair freisin! Ach is cosúil nach bhfuil an chlann ach ag feitheamh sa teach Carbhán mhuintir Matthew McConaughey!soghluaiste go sealadach, fad agus atá obair á críochnú ar áras ollmhór ar bharr aille dóibh. Níl cúrsaí chomh dona do mhuintir McConaughey agus a cheapamar mar sin! Beidh radharc na farraige acu ón dteach nua sár i bhfad agus idir an dá linn, tá Matthew sona sásta leis an saol simplí faoin dúlra. Tá an chlann ar fad ag baint sult as aimsir álainn California go fóill de réir cosúlachta freisin - b’fhearr sin ná fómhar in Éirinn aon lá is dócha!

Matthew McConaughey, his poor pregnant wife Camila and their one-year old son Levi have shacked up in an old Airstream trailer while their new ocean-view mansion is being finished! Hope it’s worth the wait…

Táimid i bPopNuacht an-tógtha leis an amhránaí iontach Gwen Stefani. Cé go bhfuil clú agus cáil bainte Gwen Stefaniamach aici, leis an mbanna No Doubt sna 1990idí agus mar cheoltóir aonair rathúil ó shin, nílimid meallta ag a bua ceolmhar amháin. Is iomaí tallann atá ag an mbean bheag agus chomh maith le bheith ina máthair ar bheirt bhuachaill óg, tá ag éirí thar cionn leis an dá líne éide a dhear sí freisin, Harajuku Lovers agus L.A.M.B. Níl sí sásta fanacht díomhaoin is cosúil! Bhí ionadh orainn a chloisteáil mar sin go raibh sí 40 le déanaí. Rinne sí a breithlá a cheiliúradh i mbialann Iodálach iomráiteach Cecconi’s an tseachtain seo caite in éindí lena fear céile Gavin Rossdale, a beirt mhac, an cara is fearr léi Kate Beckinsale agus fear céile Kate, an stiúrthóir scannán Len Wiseman. Bhí sí gléasta go galánta mar is gnáth don bhean fhaiseanta féin agus is cinnte nach bhfuil an chuma uirthi go bhfuil sí ag dul in aois ar chor ar bith, ná baol air! Má éiríonn linne i bPopNuacht aois 40 a shroichint agus an oiread céanna bainte amach againn le Gwen, beimid iontach sásta linn féin…

Happy birthday Gwen Stefani! The singer celebrated her 40th Italian-style last week looking fabulous as ever. We just hope we look this good when we hit 40…!!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here