Bob Dylan agus Barack Ag Ceol Le Chéile!
Hi agus fáilte go PopNuacht Raidió Rí-Rá anseo ar RRR.ie!
Bhí cóisir ollmhór sa Teach Bán le déanaí is cosúil! Leag Uachtarán Meiriceá an Seomra Thoir sa teach amach
i gcomhair ceolchoirme speisialta, chun comóradh a dhéanamh ar an nGluaiseacht um Chearta Sibhialta sna ‘60idí. D’eagraigh bean an tí, Michelle Obama, an cheolchoirm agus d’fhreastail baill den Chomh-aireacht agus na Comhdhála ar an ócáid mar aon le ceannairí agus mic léinn na gluaiseachta. Bhí Bob Dylan, Smokey Robinson, John Legend agus an bhean a bhuaigh American Idol, Jennifer Hudson, i measc na gceoltóirí a chas ar an oíche. Creideann Obama go raibh baint mór ag ceol leis an gluaiseacht sna ‘50idí agus sna ‘60idí, agus bhí sé ag iarraidh ceiliúradh a dhéanamh air seo. Tá ráflaí cloiste againn anseo go ndearna Barack féin iarracht canadh ar an stáitse le Bob Dylan fiú - maith an fear! Chas Stevie Wonder agus The Foo Fighters sa seomra céanna an bhliain seo caite agus táimid cinnte go mbeidh i bhfad níos mó ceolchoirmeacha ar siúl sa Seomra Thoir amach anseo.
Bob Dylan, John Legend and Jennifer Hudson all perform for the Obama clan in the White House and we hear Barack even got up on stage…!!
Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go bhfuil na deartháireacha ceimiceacha sin - nó na Chemical
Brothers mar is fearr aithne orthu - ar ais arís! Ghlac na buachaillí sos gairme tar éis na camchuairte fiáine dá gcuid, We Are The Night, i 2007. Sin “sos” dhá bhliain lads – bhfuil sibh chomh leisciúil sin dáiríre?! Dúirt na ceoltóirí rince go raibh eagla orthu go raibh a seónna fuinniúla, torannacha ag cur isteach ar an sláinte s’acu. Bhuel níor mhaith linn go mbeadh na buachaillí breoite ar ár son ach an oiread is dócha! Is iad Tom Rowlands agus Ed Simons na Chemical
Brothers, agus tá clú agus cáil orthu as na seiteanna beoga, craiceáilte a chasann siad. Bheadh aithne ag chuile duine ar na cnaga móra Hey Boy, Hey Girl agus Do It Again agus chas na Superstar DJs seo ag féilte ceoil cosúil le Glastonbury, Reading agus an Picnic Leictreach roimhe seo. Tá sé socraithe anois go mbeidh na leaids le feiceáil sa Roundhouse i Londain i mí Bealtaine agus tá muidne anseo i bPopNuacht ag súil go mbeidh siad ag teacht go hÉirinn go luath freisin!
Hey Boys, Hey Girls - the Superstar DJs are comin’ at ya…Chemical Brothers are back!
Dea-scéal daoibh a chairde: tá na ráflaí fíor, tá Girls Aloud ag dul i mbun ceoil arís le chéile! Ghlac an banna sos óna chéile ag tús na bliana seo caite, ach bhí sé socraithe acu go rachaidís ar ais sa stiúideo arís ag tús na bliana seo. Ach, faraor, tá deacrachtaí ag baint leis seo, de réir cheann de na cailíní sa ghrúpa, Kimberly Walsh. Bhí ráflaí ann go mbeadh an grúpa ag scaradh ó chéile mar gheall ar ghairm aonréadach Cheryl Cole, ach ní mar a shíltear a bhítear! Tá sé cloiste againn anseo gurb í Nadine Coyle atá róghafa lena gairm aonréadach in LA faoi láthair. Ó ghlac an grúpa sos gairme anuraidh, tá Nadine ag obair ar albam nua i Meiriceá agus is cosúil nach bhfuil sí réidh le stop a chur lena cuid oibre aonair go fóill! Tá sí ag obair sa stiúideo le léiritheoirí dá leithéid Toby Gad agus Guy Chambers i láthair na huaire. Ach tá na cailíní eile cinnte go mbeidh siad ar fad ar ais sa stiúideo le chéile go luath - woohoo!
Girls Aloud are ready for their comeback…if Nadine Coyle ever returns from LA that is!
Tá gliondar croí orainn anseo i PopNuacht a thuairisciú daoibh go bhfuil banphrionsaí an phopcheoil, Lady Gaga agus Britney Spears, chun amhrán a eisiúint le chéile! Bhuail an bheirt cheoltóir lena chéile ag na Grammys agus is cosúil go bhfuil siad ag caint faoi dul isteach sa stiúideo le chéile i ndiaidh na camchuairte is déanaí ag Lady Gaga. Tá sé cloiste againn freisin go bhfuil Spears chun albam nua a eisiúint go luath agus go bhfuil sí ag iarraidh amhráin a
chasadh le ceoltóirí mór le rá dá leithéid David Guetta agus Nate Hills. Ní haon rún é go bhfuil Lady Gaga ina leantóir mór de cheol Britney agus deirtear go bhfuil sí ag tnúth go mór le canadh léi. Bhí ar Gaga a ceolchoirm Monster Ball in Indiana a chur ar ceal le déanaí mar gheall ar fhadhbanna lena sláinte - táimid ag súil go mbeidh sí ar ais ar bharr a sláinte don chomhoibriú ceoil seo!
Pop-princesses Lady Gaga and Britney Spears are going to release a song together – we are ssooo excited!!
Tá Timbaland tar éis singil nua a eisiúint i gcomhar leis an amhránaí álainn Hot ‘N’ Cold, Katy Perry, darbh ainm If We Ever Meet Again. Tá Katy díreach tar éis an amhráin iontaigh Starstrukk a eisiúint leis na buachaillí dána 3Oh!3 – is breá linn é! Tá Timbo tar éis a albaim nua, Shock Value 2, a eisiúint le déanaí agus tá camchuairt díreach críochnaithe aige freisin. Tá sé cloiste againn anseo go bhfuair Timbaland spreagadh don albam ó na deamhain fola ar fad sa scannán
Twilight creid é nó ná chreid é - sin a chualamar! Is léir gur leantóir Twihard é ár bhfear Timbo freisin. Maith an fear! D’oibrigh Timbaland le Nelly Furtado agus buaiteoir an X-Factor, Leona Lewis, ar thograí ceoil éagsúla san am atá thart. Tá cuma ar an scéal go bhfuil nach mór gach amhránaí i Hollywood ag canadh ar an albam nua s’aige freisin, a leithéid de Justin Timberlake, The Fray, One Republic agus fiú Miley Cyrus ina measc. Táimid ag tnúth go mór lena hamhráin sin a chloisteáil!
It’s all about the collaborations these days! Katy Perry and Mr Timbaland have released a very cool new song together.
Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here



















