Billy Connolly Ina Abhac Ins An Hobbit!
Tá sé cloiste againn anseo i bPopNuacht go mbeidh Billy Connolly le feiceáil sa saothar The Hobbit amach anseo! Tá an scéal de cháil JRR Tolkien briste i ndá leath ag an stiúrthóir iomráiteach Peter Jackson, agus tá taifead idir lámha ar an dá scannán le bliain anuas cheana féin. Is é Martin Freeman atá an phrÃomhpháirt de Bilbo Baggins aige sa saothar ach beidh Billy le feiceáil i bpáirt an abhaic Dáin Ironfoot, col seisear le Thorin Oakenshield, carachtar a bheidh á léiriú ag Richard Armitage. Tá an t-aisteoir Benedict Cumberbatch – Sherlock Holmes ár linne i láthair na huaire – ag glacadh páirte sna scannáin freisin agus beidh a ghlór ag tabhairt gutha don dragan Smaug. Beidh The Hobbit: An Unexpected Journey sa phictiúrlann faoi cheann mhà Nollag na bliana seo agus beidh The Hobbit: There and Back Again le feiceáil ó mhà na Nollag 2013, áit go mbeidh leaganacha 2D, 3D agus fiú 3D IMAX á soláthar ag Jackson dá lucht leanúna. Nà féidir linn fanacht le gach ceann de na scannáin a fheiceáil!
Billy Connolly is the last of the cast announced for Peter Jackson’s 2-part film of The Hobbit – in the part of a dwarf!



















