FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Cath Na mBannaí ar FM

Tá Cath na mBannaí ar ais arís! Tá 7 mbanna ar an liosta, cé atá tusa chun do vóta a thabhairt dóibh?

Is féidir leat na hamhráin a chloisint ar Raidió Rí-Rá i rith an lae! Éist amach dóibh.

VÓTA DÚNTA

A: Mo Hat Mo Gheansaí; Amhrán: Ní Tú Mo Ghrá

Deartháireacha as Cill Mhantáin is iad Tadhg agus Oisín Walsh-Peelo. Cumann siad a gceol agus a hamhráin féin agus thug siad tacaíocht do ghrúpa mór Aslan i UCD le déanaí. Na huirlisí a sheinneann siad ná na giotár, an pianó agus an veidhlín.

B: Na Gathan; Amhrán: Go Bruidhinn Lan Uine

Seineann an banna ceoil seo ceol-garáiste i nGàidhlig na hAlban. Is as Fife do Roddy, ón nGearmáin do Shíleas, agus is as Seattle do Tim. Is í Kathryn an drumadóir agus tá an grúpa le chéile ó 2007. Bhuaigh siad gradam i gcomórtas a chur Raidió BBC ar siúl i 2008. Na huirlisí a sheinneann siad ná an mearclár, an giotár agus an dord. Tá siad ar sos anois chun taifead a dhéanamh.

C: Party of Ten; Amhrán: Fáilte go Sult

Tá an banna ceoil seo ag casadh le chéile le dhá bhliain anuas. Is meascán de cheol grúinse agus de cheol popleictreach a sheineann siad agus casann siad amhráin i mBéarla, i nGàidhlig na hAlban, in Amáiris agus i nGaeilge! Tá ainmneacha difriúla ag na baill sa ghrúpa seo: Tok Electric (giotár agus amhránaí), Dr. Raving Jay (orgán), David Bam Bam (dord) agus Greg Kalifornia (drumaí). Rinne siad taifead ar albam darbh ainm Faked Hits ach níor eisíodh go fóill é.

D: Banna Rith; Amhrán: Rith

Banna ceoil nua bunaithe de bharr Rith 2010 atá sa bhanna seo, agus is daoine atá ag rith mar chuid den ollrith náisiúnta atá ag ceol ar an amhrán seo. Tá Julian de Spáinn ó Chonradh na Gaeilge sa bhanna chomh maith le Traic Ó Braonáin, ceann dár DJ féin ó Raidió Rí-Rá! Chan Traic a amhráin féin ar na dlúthdhioscaí Ceol ‘06 agus Ceol ‘07 roimhe seo.

E: Saccade; Amhrán: Óinseach

Banna ceoil de cheathrar is iad Saccade a bunaíodh i mBaile Átha Cliath. Bhíodar páirteach sa tsraith teilifíse TG4 Deis Roc agus shroich siad an babhta leathcheannais. Tá siad ag éirí níos cailiúla anois agus  bhí siad mar thacaíocht ag na Coronas agus ag na Delorentos roimhe seo. Is iad Steve Walker (giotár), Jay Fowler (giotár), Ed Kelly (drumaí) agus Phil Daly (dord) baill an bhanna.

F: Sásta Sásta; Amhrán: Ní Fiú

Tá na buachaillí sa bhanna ceoil seo fós ag freastal ar scoil! Is as Baile Átha Rí i gCill Dara iad Ciarán, Cian, Darragh agus Diarmuid. Tá an-suim acu sa cheol agus bíonn siad ag cleachtadh gan stad! Na huirlisí a sheinneann siad ná na drumaí, an giotar, agus an dord. Tá Ciaran mar amhránaí acu.

G: Temporary; Amhrán: Cupán Toast

Bunaithe i gConamara agus as Árainn i mBá na Gaillimhe, tá baill an ghrúpa seo go léir faoi 18 mbliana d’aois agus tá siad le chéile mar ghrúpa le 4 bliana anuas. Seineann siad ceol Gaelphunc agus cuireann siad ceol le sean-dánta i nGaeilge. Sheinn siad leis na Coronas ar an gCeathrú Rua fiú!