An Chraic

ceardlanna-raidio-ar-l-ine-postaer-le-logo

Ceardlanna Raidió Rí-Rá ar líne!

Tá ceardlanna raidió ar líne tosaithe ag Raidió Rí-Rá. Tá na ceardlanna raidió saor in aisce agus in oiriúint do dhaltaí meánscoile atá sa bhaile le linn an tréimhse seo. Beidh deis ag na daltaí scileanna cumarsáide agus scileanna raidió a fhoghlaim agus píosa craic a bheith acu trí Ghaeilge. Tá níos mó eolais thíos.

  • ceardlann raidió ar líne
  • saor in aisce
  • ceardlanna 45 nóiméad
  • as Gaeilge nó go dátheangach
  • deichniúr i ngach ceardlann
  • ag baint úsáid as Zoom agus Mentimeter
  • níl gá aon aip nó clár a íoslódail
  • molann muid go mór go mbeidh ríomhaire agus guthán póca ag gach dalta, ach is féidir gléas amháin a úsáid muna bhfuil dhá cheann ar fáil
  • ní bheidh ceamara aon duine ar súil, ach brisfear na daltaí i 2 ghrúpa agus beidh glórtha na ndaltaí le cloisteáil ag an bpointe sin
Clár ama do cheardlanna Raidió Rí-Rá

  • 05 nóiméad – Fáilte agus ceisteanna idirghníomhacha faoi chúrsaí raidió
  • 05 nóiméad – Cur síos & míniú ar an gceardlann
  • 15 nóiméad – briseadh suas i ngrúpaí & am le clár raidió a ullmhú
  • 05 nóiméad – taifead ar míreanna raidió ar ghuthán póca
  • 10 nóiméad – éisteacht siar leis na cláracha raidió
  • 05 nóiméad – Críoch leis an gceardlann

Má tá tuilleadh eolais uait is féidir teagmháil a dhéanamh le Niamh Ní Chróinín ag eolas@rrr.ie