FM Claracha Ar Eileamh Baile PopNuacht Iarratais Apps Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

Raidió Rí-Rá Apps

Is féidir leat cluas a chur le Raidió Rí-Rá díreach cosúil le dlúthdhiosca ar-líne anois, ar ghutháin Nokia, ar an iPhone nó ar an iTouch.

Tá caighdeán fuaime iontach amhlaidh dlúthdhiosca le fáil anseo le sruthanna fuaime AAC+ nua, ag léiriú duit cén ceoltóir agus cén t-amhrán atá ag casadh, agus iad ar fad ar fáil saor! Roghnaigh ceann ó na roghanna thíos:

Íoschóipeáil ár bhfeidhmchlár Raidió Rí-Rá i gcomhair do iPhone ón siopa iTunes.

Oscail iTunes agus ón roghchlár Advanced ag an mbarr, roghnaigh Open Audio Stream. Cuir isteach ár URL http://81.171.50.135:9044/ agus beidh Raidió Rí-Rá ag seinm ar do ríomhaire láithreach bonn!

Is féidir leat do Windows Media Player a úasghrádú go AAC+ tríd an mbreiseán a íoschóipeáil agus a shuiteáil saor ó Orban. Ansin brú an cnaipe Éist AAC+ ar rrr.ie agus éist leat!

Tá Nokia Internet Radio ina fheidhmchlár in aisce ó Nokia Smartphones.

Is féidir leat nascanna ó na céadta stáisiún nó ó do cheann féin a fháil. Is féidir leat éisteacht leis an bhfeidhmchlár seo sa chúlra agus tú ag déanamh rudaí eile ar do ghuthán póca fiú!

Íoschóipeáil an feidhmchlár Nokia Internet Radio ón siopa Ovi anseo agus ansin déan cuardach ar Rí-Rá faoi Éire nó faoi na rannóga Éireannacha de na liostaí.

Is é Winamp ceann de na trealaimh éisteachta is fearr atá ar fáil saor in aisce. Ní gá duit ach é a íoschóipeáil agus a shuiteáil, agus ansin brú an cnaipe Éist AAC+ ar rrr.ie.