Gig Nuacht Ar Éileamh Iarratais Baile PopNuacht Top 40 Éist Ar Éileamh Seinnliosta Top 40



Featured Artist

An Deamhan Fola Is Dathúla Ar Domhan

Hi agus fáilte go PopNuacht na seachtaine anseo ar RRR.ie!

Brad Pitt ar a ghluaisrotharBhí buairt ar mhná na cruinne i gcaitheamh na seachtaine ó bhí timpiste ag an aisteoir álainn Brad Pitt lena ghluaisrothar i Los Angeles. De réir na dtuairiscí, bhí Brad ag iarraidh a bhealach a shníomh tríd an trácht ag solas dearg nuair a bhuail sé i gcoinne chairr pháirceáilte. Chaill sé smacht agus thit sé idir é agus veain lena thaobh, ach ligigí osna faoisimh a chairde: tá an fear dóighiúil togha! Níor gortaíodh Brad ar chor ar bith ach is oth linn nach amhlaidh an scéal leis an ngluaisrothar bocht. Bhí ar thrucail tarraingthe é a thógáil ó láthair na timpiste de réir dealraimh agus drochchaoi air. Beidh ar an mBradster modh iompair eile a úsáid ar feadh tamaillín is cosúil!

Poor Brad and his bike had a bit of a run-in with traffic this week! Himself’s fine but his poor motorcycle is apparently looking a little worse for wear…

Tá ráflaí cloiste ag PopNuacht go bhfuil Matt Damon le hata Stetson agus buataisí leathair a chur air don chéad ról eile dá chuid! Tá na deartháireacha Coen leis an scannán True Grit de cháil John Wayne a Matt Damon,  na deartháireacha Coen agus Josh Brolinathdhéanamh, agus tá na stiúrthóirí ag iarraidh ar Damon páirt an Texas Ranger a ghlacadh ann más fíor do na scéalta ó Hollywood. Deirtear go bhfuil Jeff Bridges le carachtar Wayne sa chéad scannán a ghlacadh, i bpáirt Rooster Cogburn, agus go bhfuil Josh Brolin le ról an bhithiúnaigh a chomhlíonadh an babhta seo. Maraítear athair le cailín óg 14 bhliain d’aois sa scéal agus téann Cogsburn agus an saoiste sa tóir ar an dúnmharfóir. Bhuaigh John Wayne gradam Oscair as carachtar Cogburn a léiriú siar in 1969 agus is saothar sainiúil dá chuid é. Go pearsanta, táimidne ag tnúth le Matt agus Josh a fheiceáil ar an scáileán mór agus iad ina mbuachaillí bó breátha!

Matt Damon, Jeff Bridges and Josh Brolin are rumoured to be getting their cowboy boots on for the Coen brothers’ remake of John Wayne’s True Grit western.

Anois, lámha in airde a chairde: cé eile atá splanctha i ndiaidh JLS?! Tá gach duine againn i bPopNuacht ar mhuin na muice tar éis dúinn scéal a fháil maidir le camchuairt na mbuachaillí breátha an bhliain seo JLSchugainn agus iad le gig a chasadh san O2 i mBaile Átha Cliath san Earrach. Tar éis don singil Beat Again seachtainí fada a chaitheamh i mBarr 40 na hÉireann, beidh na buachaillí ag súil go n-éireoidh chomh maith céanna leis an amhrán is déanaí dá gcuid, Everybody in Love, agus go mbeidh tóir ar na ticéid dá gcamchuairt anseo ag tús 2010. Feictear dúinn i bPopNuacht go bhfuil cailíní óga ar fud na háite tite i ngrá leis na leaids agus ní dóigh linn go mbeidh aon fhadhb ag JLS an O2 a líonadh! Chas an ceathrar san ionad cheana nuair a ghlac siad páirt sa cheolchoirm charthanachta ChildLine, i dteannta réaltaí móra ceoil eile dá leithéid Enrique Iglesias agus Shayne Ward, anuraidh. Chas na leaids ar chamchuairt Lemur níos luaithe i mbliana, thug breis agus 49,000 duine cluas éisteachta dóibh ag T4 On the Beach i mí Iúil, bhuaigh siad dhá ghradam MOBO le déanaí agus tá an t-albam nua nach mór críochnaithe acu. Is cosúil nach bhfuil srian ar bith leo!

Lord but them JLS boys’d make you dizzy with all the stuff they’re at these days!

Tá sceitimíní orainn anseo i bPopNuacht ó tá an dara scannán sa tsraith Twilight ar tí teacht chuig an Kristen Stewart i bpáirt Bella Swan, New Moonbpictiúrlann is cóngaraí dúinn: woo! Tráthúil go leor um Oíche Shamhna, beidh an deamhan fola is dathúla ar domhain Edward Cullen ar ais ar an scáileán mór, léirithe ag an aisteoir Robert Pattinson agus é in éindí le Kristen Stewart i bpáirt a ghrá gheal, Bella Swan. Beidh an scannán New Moon á eisiúint in Éirinn ar an 18 Samhain toisc Robert Pattinson i bpáirt Edward Cullen, an deamhan fola is dathúla ar domhain!gurb í sin an oíche a bheas an ghealach úr le feiceáil sa spéir os ár gcionn i ndáiríre! Tá aisteoirí an scannáin le camchuairt bholscaireachta a dhéanamh ar fud Mheiriceá sna seachtainí amach romhainn, ag tosú in ionad siopadóireachta an Highland Center in LA ar an 6 Samhain agus ag críochnú i gcroílár Times Square i Nua Eabhrac ar an 19 Samhain. Tá ráflaí ann go beidh ceoltóirí ó fhuaimrian an scannáin ag casadh ag cuid de na hionaid freisin fiú. Faobhraígí na starrfhiacla a chairde, tá New Moon nach mór buailte linn - agus ní féidir linn fanacht!

Bella and her beautiful vampire lover are back in the latest Twilight flick, New Moon, out soon!

Éist leis an bpopnuacht seo mar Audio MP3 nó íoschóipeáil anseo é
Listen to this popgossip as an Audio MP3 or download it here