An Chraic

Cinema-PS

An 10 Scannán is Fearr le Raidió Rí-Rá

 

#10 Jupiter Ascending 

jupiter

Is scannán aicsean, ficsean, eolaíochta é Jupiter Ascending. Faigeann Jupiter Jones ( Mila Kunis ) amach go bhfuil sí mar banphrionsa an Domhain. Lá amháin agus í in oifig an dochtúra, ionsaíonn na haltraí Jupiter agus a cara Katherine (Vanessa Kirby), ach sábháileann saighdiúr (Channing Tatum) iad. Tógann sé go háit eile iad le Stinger Apini (Sean Bean) ach tógann Kalique (Tuppence Middleton) í go planéid eile i bhfad ó bhaile. Tá uirthi féin agus Caine dul ar ais go dtí an Domhan chun gach duine a shábháil.

 

#9 Selma

selmaIs scannán stairiúil é Selma a dhéanann cur síos ar an saol i 1964. Déanann Martin Luther King (David Oyelowo) a dhícheall an riail vótála a athrú ach deireann an t-úachtarán (Tom Wilkinson) go bhfuil rudaí atá níos tábhachtaí le déanamh aige. Ní stopann an mháirseáil go dtí go dtagann athrú ar an riail sin.

 

 

#8 Focus

foc

Is scannán grinn é Focus. Is duine daoránach é Nicky (Will Smith) agus tá sé ag iarradh gadaíocht a dhéanamh arís. Téann siad go New Orleans le Jess (Margot Robbie) chun airgead a thógáil ón gcearrbhach mór (B.D Wong). Trí bhliain níos déanaí, buaileann siad lena chéile arís agus déanann siad iarracht amháin eile.

 

#7 The Wedding Ringer

The-Wedding-Ringer-Bar-640

Is scannán ghrinn é The Wedding Ringer. Tá fadbh an-mhór ag Doug Harris ( Josh Gad ). Tá sé ar tí Gretchen Palmer (Kaley Cuocco-Sweeting) a phósadh i gcoícíse agus níl aon fhear tionlacain aige. Cuireann sé glaoch ar Jimmy Callahan (Kevin Hart) agus faigheann Jimmy seachtar eile don phost. Tosaíonn siad cairdeas eatarthu agus bíónn an-chraic acu i rith an scannáin.

#6 Get Hard

get hard movieGet Hard ar ceann de na scannáin is greannmhara atá feicthe againn i mbliana. Nuair a téann an milliúnaí James King (Will Ferrell) go príosún, casann sé le Darnell Lewis (Kevin Hart) a chabhraíonn leis dul i dtaithí ar an saol taobh istigh.

 

#5 Kingsmen: The Secret Service

kings

Is scannán aicsean, ghrinn é Kingsmen: The Secret Service. Déanann sé cur síos maith ar an eagraíocht. Tá siad ag déanamh traenála ar fhear nua chun stop a chur ar ardéirime teicneolaíochta (Samuel L. Jackson). Tá sé mar dhualgas ar Eggsy (Taron Eagerton), Harry Galahad (Colin Firth) agus Merlin (Mark Strong) an Domhan a shábháil.

 

 

#4 Home

home

Is scannán beoite é Home a insíonn sé scéal faoi eachtrán (Jim Parsons) ag d’fhág a bhaile. Buaileann sé le cailín (Rihanna) agus is mar sin a thosaíonn turas dochreidte agus cairdeas iontach freisin.

 

#3 Cinderella

cind

Is scannán románsúil é Cinderella. Insíonn sé scéal dúinn faoi chailín darbh ainm Ella (Lily James) agus an mí-ádh a bhí uirthi nuair a fuair a athair bás. Tá saol crua aici as sin amach lena leasmháthair nua (Cate Blanchett) agus a beirt leasdheirfiúracha Drisella (Sophie McShera) agus Anastasia (Holliday Grainger). Ach athraíonn gach rud nuair a chasann sí le fear dathúil.

 

#2 Fast & Furious 7

Fast-Furious-7-9667

Is scannán aicsean é Fast & Furious 7 le Vin Diesel, Paul Walker, Dwayne Johnson, Michelle Rodriguez, Tyrese Gibson, Ludacris agus Jason Statham. Ach, is scannán an-bhrónach é freisin toisc gur cailleadh Paul Walker, an príomh-aisteoir, nuair a bhí an scannán á dhéanamh acu. Chríochnaigh siad an scannán le híomhá holografach dó. Is é seo an scannán deireanach sa tsraith “Fast & Furious” agus deireann daoine go bhfuil sé ar an gceann is fearr.

 

#1 American Snipper

download

American Snpier sa chéad áit ar liosta Raidió Rí-Rá! Is scannán drámatúil é le Bradley Cooper agus Sienna Miller. Insíonn sé scéal dúinn faoi shaighdiúr a ndeachaigh go dtí an Meánoirthear cé go rugadh a leanbh nua cúpla lá roimh é. Ní stopann ag smaoineamh fuithí agus cruthaíonn sé seo cúpla fadhb dó.

 

Marc Lugoye

Tuairisceoir Rí-Rá