An Chraic

8

An 10 Amhrán Nollag is Fearr le Raidió Rí-Rá

10. Rockin Around the Christmas Tree le Brenda Lee 10
Is aoibhinn linn an t-amhrán seo anseo ag Raidió Rí-Rá. Cuirfeá an t-amhrán seo ar siúl agus tú ag crochadh na máisiúchán Nollag timpeall an tí. Sean-amhrán atá ann ach is amhrán clasaiceach é chomh maith, dár linn.

 

99. White Christmas le Bing Crosby
Is maith linn an t-amhrán mall seo. I ndáiríre, bíonn gach duine ag brionglóid faoi shneachta ag am Nollag agus sin é díreach an smaoineamh taobh thiar den amhrán seo. Canann Bing faoi chuimhní Nollag freisin.

 

 

8. Do they know its Christmas? le Bandaid8
Is amhrán carthanais é an t-amhrán seo a scríobhadh maidir leis an ngorta mór san Afraic sa bhliain 1989. Tríd na blianta, chan grúpaí éagsúla an t-amhrán seo do neart carthanachtaí difriúla. Is maith linn an t-amhrán seo toisc go n-úsáideann an grúpa liricí maoithneach.

 

 

7

7. Santa Claus is Coming to Town le Bruce Springsteen
Is amhrán don óige é seo. Is aoibheann linn é anseo ag Raidió Rí-Rá toisc go spreagann sé muid litreacha a scríobh chuig Dadaí na Nollaig. Ná déan dearmad go bhfuil Dadaí na Nollaig ag scríobh a liosta agus ag deanamh seic ar – faoi dhó!

6

 

6. It’s Beginning to Look a lot like Christmas le Michael Bublé
Tá an t-amhrán seo foirfe. Ceapann muid go bhfuil guth cosúil le haingeal ag Michael Buble. D’fhéadfá éisteacht leis an amhrán seo an lá ar fad.

 

55. Last Christmas le Wham
Ahh amhrán grá! Is maith linn an t-amhrán seo lena rithim leictreach agus uirlise iontach. Canann an banna ceoil Wham an cnag mór seo.

 

4. Oh Holy Night le Mariah Carey  4
Is amhrán cumhachtach agus maoithneach é ‘O Holy Night’. Insíonn sé an scéal dúinn faoi Íosa agus faoin Nollaig. Scríobh Adolph Adame ‘O Holy Night’ ach rinne Mariah Carey taifead air le déanaí.

 

33. Rudolph the Red Nosed Reindeer le Robert May
Is breá le gach duine an t-amhrán Nollag seo. Dán a bhí ann ar dtús, ach is amhrán anois é, dár ndóigh! Bainimid sult as éisteacht leis an amhrán spraíúil seo.

 

2. All I Want for Christmas is You le Mariah Carey2
Amhrán grá Nollag eile! Dar linn anseo ag Raidió Rí-Rá go bhfuil an t- amhrán seo ar fheabhas. Is aoibhinn linn an rithim agus na liricí freisin.

 

 

11. Fairytale of New York le The Pogues
Gan aon dabht is gá ‘Fairytale of New York’ le the Pogue a chur ag tús an liosta. Anseo ag Raidió Rí-Rá, aontaímid nach bhfuil amhrán Nollag ar bith níos fearr. An rud is fearr ná go gcanann bannaí ceoil Éireannach an t-amhrán go minic ag am Nollag!