An Chraic

image1 (4)

Agallamh le Gaeilge le Glam

Scríobhann Síofa, Aisling, Roseann & Gearóidín an blag ‘Gaeilge le Glam’ agus tá suim acu ar fad san fhaisean, i gcúrsaí bia agus i gcúrsaí aclaíochta! Labhair Aisling linn le déanaí…

 

image1 (2)

1. Conas go bhfuil aithne agaibh ar a chéile? Tá aithne agam féin, Roseann agus Gearóidín ar a chéile le bliain anuas agus ansin bhuaileamar le Síofra agus muid i mbun na máistireachta. Chomh maith leis sin, oibríonn an ceathrar le chéile i gColáiste Uí Chadhain chuile shamhradh.

 

2. Céard atá le léamh ar an mblag? Tá réimse leathan ábhair le fáil ar an mblag. Tá chuile chineál ó fhaisean, smidiú, táirgí gruaige agus áilleachta, cúrsaí bia agus aclaíochta agus cibé rud eile a fheileann ag an am agus muid ag scríobh.

 

3. Cén fáth gur bheartaigh sibh ar bhlag a chur le chéile as Gaeilge? Bhuel is í Síofra an bhean taobh thiar den smaoineamh. Chaith sí an samhradh i Meiriceá agus lá amháin sheol sí taifeadadh againn ag fiafrú an mbeadh suim againn i mblag a bhunú trí mheán na Gaeilge agus ní raibh orainn an dara smaoineamh a thabhairt dó. Sin ar an gcúigiú lá de Lúnasa agus tá muid ag dul ó neart go neart ó shin i leith.

 

4. Céard atá ag teastáil uainn ar fad an geimhreadh seo? Níl sé i bhfad ó scríobhadh blag ar riachtanais don gheimhreadh agus i measc na hearraí a luadh ann bhí scairfeanna deasa teolaí, miteoga leathair, riteoga de cuile chineál dath, buataisí chomh fada le do ghlúine agus cúpla rud eile. Is féidir libh an blag a léamh ar http://gaeilgeleglam.blogspot.ie/2015/10/riachtanais-do-vardrus.html

 

image1 (3)

5. Céard iad na siopaí is fearr leat? Leis an gceathrar againn san áireamh tá réimse leathan siopaí a mbíonn muid ag siopadóireacht iontu ach dá dtiocfadh an criú ar an táirne bheadh orainn River Island, Penneys, Zara, Warehouse agus Stradivarius a roghnú. Sin ceist an-deacair mar go mbraitheann sé ar céard atá uait ag an am.

 

6. Cé a thugann inspioráid duit? Tá go leor daoine ann ar aoibhinn linn a bhfaisean. Léitheidí Pippa O Connor, Olivia Palmero, Millie Mac Intosh, Rosie Connolly, Na Kardashians (uaireanta). Arís ni cheapfainn go mbeadh muid in ann duine amháin a roghnú eadrainn.

 

7. Dá mbeadh 10 nóiméad agam ar maidin mo bhricfeasta a ullmhú, céard a mholfá dom? Leite le beagán mil. Nó arán leite dá mbeadh sé déanta agat ón oíche roimhe (i bhfad níos sssdeise an dara lá) Nó d’fhéadfá ceann de shúanna Roseann a dhéanamh, ní thógann siad i bhfad.

 

8. Céard é t-oideas is fearr leat? Nó an bhfuil aon oideas rúnda agat? Mé féin go pearsanta is saineolaí mé le huibheagáin (nílim in ann mórán tada eile a dhéanamh). Is í Síofra an bhean don arán leite. Is múinteoir tíos í Roseann agus tá an t-uafás oidis aici (Táimid ag foghlaim uaithi!)

 

9. Céard a dhéanann sibh le coinneáil aclaí? Arís táimid ar fad difriúil nuair a thagann sé ag aclaíocht freisin. Is maith liomsa Yoga, Pilates agus Zumba (níl siad ró-fhisiciúil). Téann Roseann ansin ag an giom trí uair sa tseachtain agus freastalaíonn sí ar ranganna freisin. Déanann Síofra kettlebells agus rinne sí clár aclaíochta Kayla Itsines an samhradh seo caite. Is maith le Gearóidín yoga te agus na ranganna freisin. Is iomaí 5k/10k a dhéanann Gearóidín, Roseann agus Síofra (sea, is mise an bhean is leisciúla den ghrúpa!)

 

10. Cén áit gur féidir linn Gaeilge le Glam a leanúint? Tá Gaeilge le Glam le fáil ar Snapchat, Facebook, Instagram agus Twitter. Is féidir ár mblaganna a léamh ag gaeilgeleglam.com agus is féidir ríomhphost a sheoladh ag gaeilgeleglam@gmail.com

Facebook: https://www.facebook.com/gaeilgeleglam/?fref=ts

Twitter: https://twitter.com/gaeilgeleglam 

Instagram: https://instagram.com/gaeilgeleglam/

Snapchat: gaeilgeleglam

 

Agus go tapaidh….

Mac nó Benefit? Cheapfainn Mac- is aoibhinn linn na lipsticks atá acu.ssss

€100 a chaitheamh ar rud amháin costasach nó €100 a chaitheamh ar cúpla rud atá níos saoire? Óóóóhh braitheann sé ar céard a fheiceann muid. Ach anois tá an- suim againn sa chaighdeán, chaithfeadh muid rud amháin costasach a roghnú- infheistíocht a bheadh ann.

Uaireadóir Michael Kors nó uaireadóir Marc Jacobs? Marc Jacobs- tá Michael Kors againn uilig agus ag chuile dhuine eile- caithfimid a bheith éagsúil.

Siopadóireacht i Nua Eabhrach nó siopadóireacht i bPáras? Níl mé in ann an cheist sin a fhreagairt- ni raibh mé i bPáras riamh. 11933380_1624286481171790_824687139250274800_n