An Chraic

image

Ag taisteal go Budapest? Tá cúpla moladh ag Ruairí duit!

41ca4a46-9b26-46d9-88e7-0bc5ef06c2d9

Chaith mé seachtain in Budapest i Mí Eanáir agus baineadh geit asam. Admhóidh mé go raibh mé ag
súil le cathair lán le rianta ó Ré Sóivéadach a fheiceáil agus nach mbeadh sé ró-fhorbartha. A
mhalairt ar fad a bhí fíor nuair a bhí mé ag siúl timpeall le foirgnimh áille agus neart le déanamh. Tá
Budapest an-deas le siúl timpeall agus bheadh sé ar liosta agam de na háiteanna gur mhaith liom
filleadh orthu! Tá cúpla píosa comhairle foghlamtha agam faoi thaisteal chuig príomhchathair na
hUngáire gur fiú úsáid a bhaint astu ar chuairt.

b6173bfb-80bf-4489-b86e-1d31cb688980

1. Glac folcadán
Tá cail ar Budapest as ucht a gcuid folcadáin geoiteirmeacha, cosúil le Gellert agus Szechenyi
agus níl sé deacair le feiceáil cén fáth! Coinnítear te iad agus níl bealach ar bith níso fearr le
do scíth a ligean. Anuas ar seo, bíonn seirbhisí spa ar fáil iontú, má tá massage nó uair a
chloig sa sauna uait!

 
2. Ruin Bar
Ní aimseoidh tu gnáth-theach tabhairne Éireannach in Budapest! Tá níos mó cáil orthu as
ucht cineál beár a tógadh i bhfothraigh de shean-fhoirgnimh. Tugtar ‘ruin bar’ orthu, le
Szimpla Kert mar an ceann is cáiliúla. Tá siad maisithe go cruthaitheach agus bíonn
atmaisféar iomlán éagsúil acu ó na tithe tabhairne sa bhaile. Tógadh ‘Ruin Bar’ ar shráid na
Teamhrach i mBaile Átha Cliath le Budapest mar ionspráid. Ar an ábhar sin, níor íoc mé fiú
1,000HUF (€3) ar phionta i mbeár ar bith sa chathair, fiú i gceantracha turasóireachta.

 
3. Tabhair airgead tirim leat
Déan cinnte dul agus roinnt Euro a aistriú go Forint na hUngáire sula bhfágann tú. Tá neart
siopaí agus beáranna nach nglacann le cártaí, agus beidh táillí mhóra ag gabháil leis an ATM
a úsáid ansin. I gceantracha turasóireachta, glacann roinnt siopaí le Euro ach bíonn droch-
ráta aistrithe le seo, agus beidh rudaí níos costasaí duit. Is fiú go mór an t-airgead áitiúil a
bheith agat i do phóca roimh ré!

 
4. Bain úsáid as an iompar phoiblí
Tá roinnt mhaith den gcathair oiriúnach le siúl timpeall, ach má bhíon ort taisteal (nó má
bhíonn tuirse ort), tá córas iompar phoiblí maith ag Budapest, le tramanna, busanna agus
metro. Is féidir pas 72-uair a cheannach ar thart ar 4,000HUF (thart ar €12) agus is féidir
úsáid a bhaint as na modhanna taisitil uilig leis.

 
5. Bain triail as an teanga
Tá cáil ar an Ungáiris mar cheann de na teangacha is deacra le foghlaim ar domhain. Dá
bharr, tá Béarla mhaith ag lucht na cathrach. Is fiú i gcónaí cúpla focal a fhoghlaim le bheith
béasach i dtír eile, go háirithe i dtír ar nós an Úngáir, nuair nach ndéanann mórán turasóirí
iarracht é a úsáid. Dúirt mé Köszönöm (KUH-so-nom), a chiallaíonn ‘go raibh maith agat’ i
siopaí agus thaitin sé go mór leis na daoine áitiúla.