An Chraic

12494955_10154553339518378_6033113403993547227_n

Ag Comhrá Le… Wyvern Lingo

Is banna ceoil iad Wyvern Lingo, as Bré i gContae Chill Mhantáin. Tá an t-amhránaí agus pianódóir Karen Cowley, an gíotáraí agus amhránaí Saoirse Duane agus an t-amhránaí agus drumadóir Caoimhe Barry mar bhaill den bhanna. Labhraíomar le Karen faoin a EP nua, Letter to Willow, a seit ar an Late Late Show le déanaí agus a cara Hozier.

Cathain a thosaigh sibh ag seinm ceoil, agus conas a tháinig sibh le chéile mar bhanna?  

Bhuel, bhuailemar lena chéile nuair a bhíomar aon bhlian déag d’aois, agus d’éiríomar cairdiúil lena chéile, mar bhí suim mhór againn sa cheol. Ní raibh aithne againn ar aon pháistí eile ag an am sin a bhí ag éisteacht le bannaí cosúil le Led Zeppelin, Queen, Thin Lizzy nó amhránaí/scríbhneoirí cosúil le Simon & Garfunkel agus Joni Mitchell.  Ansin, thosaíomar ag seinm lena chéile, agus ag scríobh amhrán lena chéile. Mhothaigh sé nádúrtha dúinn.

Cé hiad na ceoltóirí a thugann inspioráid daoibh?

Bímid ag éisteacht lena lán amhránaithe R’n’B agus hip-hop as na nócháidí – ba ea albam Alicia Keyes an chéad dhlúthdiosca a cheannaigh mé nuair a bhí mé níos óige (agus Destiny’s Child, ina dhiaidh sin). Faighimid a lán inspioráide ón R’n’B. Bímid i gcónaí ag úsáid comhcheoil na nguthanna agus na teicnící a gchloisfeá i gceol R’n’B. I láthair na huaire, tugann bannaí níos nua-aimsearthaí a lán inspioráide dúinn mar shampla, Hiatus Kaiyote, Alt J, James Blake Vulpeck agus Jack Garrett.

Comhairgeadas ar bhur gcéad EP Letter to Willow! Conas a mhothaigh sé bhur gcéad EP a eisiúint? An bhfuil aon phlean agaibh albam a thosnú?

Go raibh maith agat! Mothaíonn sé dochreidte – rinneamar a lán oibre ar an EP sin. D’athraigh fuaim an bhanna an-chuid le blianta beaga anuas. Táimid i gconaí ag forbairt na fuaime agus ag iarraidh a bheith níos fearr mar cheoltoirí -agus anois táimid ar bís an obair agus an fhuaim nua a thaispeáint don phobal.  Faoi láthair, táimid ag scríobh ceoil nua an t-am ar fad, agus tá súil againn go mbeidh muid ag tosnú ar albam go luath, ach b’fheidir go mbeidh muid ag scaoileadh EP eile roimhe sin.

Cá bhfuair sibh an inspioráid don EP?

Is EP aisteach é toisc nach bhfuil amhrán grá amháin air. Is meascán é an EP idir scéalta agus litreacha do dhaoine. Bíonn gach duine sa bhanna ag scríobh liricí, mar sin níl foinse amháin againn don inspioráid. Mar shampla, tá an t-amhrán Running faoin andúil. Is amhrán faoi gcúlchaint agus daoine atá ag lorg scéalta agus cúlchainte ó gach aon chaidreamh románsúil é Subside, agus thosaigh Letter to Willow mar litir feargach do dhuine éigin.

Dá mbeadh deis agaibh oibriú le haon cheoltóir ar amhrán nó ar albam, cé a roghnódh sibh?

Hmm tá sé sin deacair le freagairt… ní féidir linn duine amháin a roghnú… Missy Elliot – mar is léiritheoir dochreidte í; James Blake mar táim i ngrá lena ghuth. Hiatus Kaiyote mar tá siad ag déanamh rud spreagúil agus úrnua. Jack Garratt b’fhéidir, mar is laoch é, a sheineann céad míle uirlis ag an am céanna? Ba mhaith le Saoirse oibriú le Max Martin agus Justin Bieber. #sorrynotsorry

Comhairgeadas an deis a fháil seinm ar an Late Late Show! Conas a mhothaigh sé seinm ar an seit chailiúil sin?

Is dóigh linn gur rud speisialta é an Late Late Show d’aon duine Éirinneach, agus mar sin, bhíomar saghas néirbhíseach. Ach bhí Ryan Tubridy agus criú RTÉ an-chairdiúil linn agus bhí an-chraic againn. Fuaireamar a lán teachtaireachtaí ina dhiaidh ó dhaoine ar fud na tíre – bíonn a lán daoine ag féachaint ar an Late Late gach seachtain!

Cad iad na brionglóidí is mó atá agaibh mar bhanna ceoil?

I láthair na huaire, ba mhaith linn dul ar chamchuairt timpeall Mheiriceá… Nílimid ag iarraidh clú agus cáil a bheith orainn, ach díreach a bheith ag scríobh ceoil mhaith agus nua, agus a bheith ag dul ar fud an domhain ag seinm do dhaoine nua. Anois, táimid ag obair mar Wyvern Lingo go lán-aimseartha, tá neart ceoil againn, agus gach lá, bímid ag scríobh amhrán nó ag cleachtadh nó ag seinm i gceolchoirmeacha – sin í an bhrionglóid, i ndáiríre.

Bhí sibh ar chamchuairt le Hozier sna Ríocht Aontaithe agus in Éirinn i mbliana freisin. Conas a bhí an turas sin?

Bhí sé go hiontach ar fad. Bhíomar ag seinm gach oíche do thrí, ceithre nó cúig míle duine – agus an chuid is mó den am, fuaireamar a lán lucht leanúna nua tar éis na gceolchoirm. Bhí an-chraic againn ag taistil timpeall Sasana, Alban agus an Bhreatain Bheag – tá criú iontach againn agus bímid ag gáire agus ag magadh an t-am ar fad.

Ah, is duine uasal é Hozier. Bhí sé i gconaí ag lua Wyern Lingo ar Twitter agus i rith na gceolchoirm, agus ag tabhairt tacaíochta dúinn.  Bhí aithne againn air roimhe seo – bhí sé i mbanna le Karen (darbh ainm Zaska) agus chan sí ar albam Hozier ar an amhrán In A Week.  Is rud an-spesialta é le feiceáil – do chara ag dul i bhfeidhm ar an domhain!

Cé hiad na ceoltóirí / bannaí ceoil atá sibh ag éisteacht leis ar na saolta seo?

Vulfpeck, Tame Impala Hiatus Kaiyote, Jack Garratt, Anne Marie, Little Simz, Little Green Cars (tá albam nua iontach acu), Alt-J, FKA Twigs, Grimes, Christine and the Queens… Is meascán mór é.

Cad atá sibh ag tnúth go mór leis i mbliana?

Beidh muid ag tabhairt tacaíochta do Hiatus Kaiyote nuair a thagann siad go Baile Átha Cliath ar 5 Bealtaine. Táimid ag tnúth go mór leis sin mar – muna bhfuil sé soiléir anois mar luaigh muid iad ceithre uaire san agallamh seo – táimid go hiomlán gafa leo. Níos déanaí i Mí Bealtaine freisin, beidh muid ag dul thar lear chun ár gcéad fhéile taobh amuigh d’Éireann a dhéanamh. Beidh muid ag seinm ag an Great Escape i Brighton, agus ansin, ag déanamh ceolchoirme eile i Londain.

Lean Wyvern Lingo ar…

Twitter @wyvernlingo

Facebook facebook.com/wyvernlingo

Instagram @wyvernlingo

www.wyvernlingo.com