An Chraic

4609663

Ag Comhrá Le… Ryan O’Shaughnessy

Is ceoltóir agus amhránaí é Ryan O’Shaughnessy, as Baile Átha Cliath. Ghlac sé páirt sna comórtais The Voice of Ireland agus Britain’s Got Talent i 2012. Tá sé ag obair ar cheol nua anois agus scaoil sé a shingil nua She Won’t Wait le déanaí.

Cén uair a thosaigh tú ag seinm ceoil agus ag scríobh do chuid ceoil féin? Cén aois a bhí agat nuair a bheartaigh tú gur mhaith leat a bheith i do ceoltóir proifisiúnta?

Thosaigh mé ag seinm an sacsafóin nuair a bhí mé aon bhliain déag d’aois, agus an gíotar nuair a bhí mé cúig bliana déag d’aois. Chríochnaigh mé mo chéad amhrán féin ag ocht mbliana déag d’aois, nuair a bhí mé faoi bhrú píosa ceoil a chríochnú do scrúdú iontrála don choláiste. Bhí a fhios agam, nuair a bhí mé i mo dhéagóir, go seinnfinn agus go roinnfinn ceol le daoine. Agus, mar shlí beatha, bhí suim agam i gcónaí sa smaoineamh sin.

Cé hiad a thugann inspioráid do chuid ceoil?

Faighim inspioráid do mo chuid scríbhneoireachta ó shean-cheol, ceol a tháinig roimh na nóchóidí. Ceoltóirí ar nós Eva Cassidy, John Martyn, Joni Mitchell agus James Taylor. Nuair a mothaíodh an ceol. Ba bhreá liom dá mbeinn tar éis taithí a fháil ar an ré seo – ré an amhránaí is scríbhneoir. Ach mothaím, ar bhealach, go bhfaighim an taithí sin nuair a éistím le taifeadtaí na ndaoine seo.

Tá tionchar ag léithéidí John Mayor, Jason Mraz agus Jack Johnson, atá fós thart, ar stíl mo chuid ceoil. Bhí mé ag éisteacht leis an díséad Oh Wonder le déanaí. Tá stíl léiriúcháin nua-aimseartha acu agus tá mé ag iarraidh go mbeidh mo cheol cosúil leis.

Inis dúinn faoi do shingil nua, She Won’t Wait. Cá bhfuair tú an inspioráid don amhrán seo?

Chaith mé an chuid is mó den bhliain seo caite i Toronto, Ceanada, ag tabhairt cuairt ar mo dheartháir agus a leanbh, Kyla, atá aon mhí déag d’aois anois. Sular fhill mé go hÉireann, thosaigh mé ag smaoineamh faoin am a bhí caite agam ann agus an méid a bhí bainte amach agam go pearsanta agus faoi méid a bhí i ndán dom sa bhaile.

Cad iad na buaicphointí i do ghairme go dtí seo?

Is aoibhinn liom a bheith ag taistil. Bhuail mé le go leor daoine i gcathracha difriúla timpeall an domhain, a raibh rudaí deasa acu le rá fúm agus faoi mo chuid ceoil. Bhí scéalta acu chomh maith faoin mbealach go ndeachaigh ‘no name’ i bhfeidhm orthu. Is buaicphointe é sin, nuair a fheicim go pearsanta gur féidir le ceol a chum mé féin dul i bhfeidhm ar dhuine éigin.

Nuair a bhí mé ag seinm i Toronto go lucht féachana le níos lú ná deichniúr, shiúil Mike Myers isteach chun deoch a fháil. Níor thug mé faoi deara go dtí gur fhág mé an t-ardán le sos a thógáil. Agus dúirt sé liom gur thaitin an seit go mór leis, agus ghuí sé gach rath orm. Bhí mé ag caint le Austin Powers ag mo sheó. Bhí sé an-dochreidte. Buaicphointe eile a bhí ann ar an turas iontach seo agus mé ag obair mar cheoltóir.

Cad iad na brionglóidí is mó atá agat mar ceoltóir?

An bhrionglóid is mó atá agam ná go mbeidh mé, ag pointe éigin, i mo chónaí ar oileán aistreánach le teach álainn féinchothabhálach, le stiúidéo pearsanta agus le go leor gréine. Saor ón bhrú agus ón luas a bhaineann leis an saol iomaíoch, gnóthach. Sula dtarlaíonn sé sin, ba bhreá liom seinm ag na féilte móra atá againn ar domhan. An fhéile Éireannach is fearr liom, Body & Soul agus Knockanstockan, ach go háirithe. Ní féidir na féilte seo a shárú!Ba bhreá liom obair a dhéanamh le John Mayer ag am éigin, agus obair a dhéanamh le iarr-fhear céile Joni Mitchell, Larry Klein ar albam.

An bhfuil aon chomhairle agat do cheoltóirí óga?

Bíodh grá agat do na rudaí a dhéanann tú, agus déan na rudaí a thaithníonn leat. Bí ag obair go dian le do scil a aimsiú agus nuair a aimsíonn tú í, cuimsigh í agus bí ag obair go crua leis an scil sin a fheabhsú. Ach an rud is tábhachtaí ná taitneamh a bhaint as. Chomh maith leis sin, mholfainn do daoine óga cruthaitheach dul ag taistil. Foghlaimíonn tú nuair atá tú ag taistil, bíonn an saol go maith, bíonn daoine deas agus bíonn gach duine difriúil. Tugann sé inspioráid duit.

Cé hiad na ceoltóirí a bhfuil tú ag éisteacht leo ar na saolta seo?

Oh Wonder, Too Fools, New Secret Weapon, Jack Garrett agus Gavin James. Tá ag éirí go hiontach leis na ceoltóirí seo agus tá gach rath tuillte acu!

An bhfuil aon phleananna agat don bhliana?

Tá mé ag iarraidh albam a chinntiú don samhradh seo. Agus obair a dhéanamh ar thionscadal eile le cara ó Cheanada – beidh mé ag fógairt níos mó sonraí faoi seo níos déanaí sa bhliain.

Lean Ryan ar…

Facebook: www.facebook.com/MrRyanAcoustic

Twitter: @ryan_acoustic

Eist lena cheol ar Soundcloud: soundcloud.com/ryan-o-shaughnessy 

Tá an agallamh seo aistrithe ó Béarla.