An Chraic

1979895_923342277694626_3438322647572699909_n

Ag Comhrá Le… Neon Wolf

Is banna raice iad Neon Wolf, as Cill Cheannaigh. Is iad Rob Grace, Stevie Cullen, Joe Glynn, Lee Shanahan agus Liam Doyle mar bhaill den bhanna seo. Labhraíomar le Rob le déanaí faoi an ceolchoirm a sheinn siad le Stereophonics, a mbrionglóidí is mó mar bhanna, a gcéad seó a dhíol siad amach i Whelan’s, agus go leor eile.

Inis dúinn ar dtús cathain a thosaigh sibh ag seinm le chéile mar bhanna.

Tháinig gach rud le chéile i gceart thart ar 2011. Bhíomar i mbannaí éagsúla ar dtús, scaip na bannaí sin agus ansin chruthaíomar rud nua as na mbannaí sin. Thosaigh mé féin agus Stevie, ár ngiotáraí, ag seoladh smaointe lena chéile, agus d’éiríomar ar bís faoi na hamhráin a bhí againn go han-tapaigh.

Cé a spreagann sibh mar bhanna?

Tá go leor tionchar difriúla agann, taitníonn ceol difriúla linn ar fad – ach ní thagann sé sin trasna ró-sholéir inár gceol féin. Ó Prince go Nirvana, Tame Impala agus The The.

Sheinn sibh gig le Stereophonics san Oispidéal Ríochta, Cill Mhaighneann le déanaí – conas a bhí an gig?

Bhí sé dochreidte! Sheinn Stereophonics ag Caisleán Bhaile Shláine i 2002 agus bhí sé an chéad gig a d’fhreastal mé ar. Bhí Stevie i mbanna a sheinn go leor ceol ó Stereophonics, mar sin tá siad mar chuid ollmhór denár dtógáil ceolmhar. Bomaite ar fheabhas a bhí ann.

Dá mbeifeá in ann oibrigh le haon ceoltóir eile ar amhrán nó albam, cé a roghnófá agus cén fáth?

Ba bhreá liom suígh istigh ar seisiúin le Brian Wilson nó Paul McCartney, chun a fheiceáil conas a oibríonn siad. An bhfuil a uimhreacha agaibh? Bheadh sé sin iontach, go raibh míle maith agaibh.

Sheinn sibh agus dhíol sibh amach bhur gcéad seó i Whelan’s le déanaí – conas a bhí sé? Agus cá bhfuil muid in ann sibh a fheiceáil beo arís?

Bhí sé den scoth ar fad!! Bhí sé an-tochtmhar chun an méid sin aghaidheanna nua agus sean-cairde a fheiceáil in aon seomra amháin, agus bhí gach duine ag dul ar míre. Anois, beimid ag seinm an Áiléir Eolaíochta i mBaile Átha Cliath, NellieFreds i Daingean agus Indiependence i gCorcaigh i measc cúpla eile, ach tá sé deas agus gnóthach.

Cad iad na brionglóidí is mó atá agaibh mar bhanna?

Ba bhreá linn albam a éisiúnt go luath agus dul ar turas leis – tús maith a bheadh é sin, sílim.

Tá sibh ag seinm Indiependence an deireadh seachtaine seo, ar an Satharn – cé atá tú ag iarraidh le feiceáil ag an bhféile i mbliana?

Is féile iontach é Indiependence. Táimid ar bís leis, tá line-up an-mhaith acu i mbliana! Tá ár gcairde Walking On Cars ag seinm ar an lá céanna linn, bíonn siad go hiontach le feiceáil beo i gcónaí. Ba bhreá linn Ash, All Tvvins agus Bell X1 a fheiceáil chomh maith.

Cad iad bhur bpleananna don chuid eile de 2016? An féidir linn a bheith ag súil le ceol nua uaibh?

Cinnte, táimid sa stiúideo i láthair na huaire! Táimid ar bís faoin ceol a bhfuil muid ag obair ar faoi láthair. Agus ar bís chun é a éisiúnt!

Lean Neon Wolf ar…

Facebook: facebook.com/neonwolfmusic

Twitter: @neonwolfmusic

Beidh Indiependence ar siúl ó 29ú – 31ú Iúil, ar an Deer Farm, Baile Mhistéala, Co. Corcaigh. Níos mó eolas: www.indiependencefestival.com